Súil siar ar 2025

An Luan, an 05ú Eanáir, 2026



Bliain Úr faoi mhaise daoibh, a chairde agus fáilte ar ais! Tá súil againn gur bhain sibh sult agus sásamh as laethanta saoire na Nollag. An raibh deis agaibh bhur scíth a ligean?


Níl muid iomlán réidh le tabhairt faoi obair nua na bliana seo go fóill. Mar sin de, táimid ag dul súil a chaitheamh siar ar imeachtaí na bliana seo caite, 2025.


Cé chomh hairdeallach agus a bhí sibh ar imeachtaí na bliana 2025? An raibh sibh ag léamh na n-alt go rialta anseo? Más rud é go raibh, tá tráth na gceist beag furasta againn daoibh. (Is féidir na freagraí ar fad a aimsiú in ailt nuachta ón bhliain seo caite ar an suíomh seo.)


Tráth na gCeist agus taighde

1. Bhí go leor stoirmeacha againn anuraidh in Éirinn. An féidir leat an ceann is mó acu a ainmniú? Bhuail sé an tír sa mhí seo anuraidh. (Amharc anseo murar cuimhin leat.)


2. Cad iad na litreacha nach mbíonn in úsáid ag tús ainm stoirme? (Tá an freagra le fáil san alt seo.)


3. Bhí falscaithe ag tarlú sa mhí seo anuraidh i Meiriceá, ach cén chathair mhór a bhí faoi ionsaí acu? (Amharc anseo murar cuimhin leat.)


4. Cén cineál de chréatúr beag bídeach a tháinig go hÉirinn anuraidh nach raibh fáilte roimhe? (Speiceas ionrach a bhí ann a dhéanann dochar do na créatúir atá cosúil leis in Éirinn.) 


5. Cén bréagán beag, a mbíonn naoi bhfiacail air, a raibh an-tóir air ar fud na cruinne anuraidh?


6. Chuaigh teach an phobail trí thine go tubaisteach i mí Bhealtaine anuraidh, ach cén contae inar tharla sé?


7. Thosaigh NASA ag obair ar mhisean anuraidh, darbh ainm “Artemis II", le daoine a chur ar ais chuig áit thábhachtach sa Spás, ach cén áit atá ann?


8. Tharla mórthionól do Ghaeil na tíre i mBéal Feirste i mí na Samhna anuraidh, ach cad is ainm don mhór-ócáid bhliantúil sin? 


9. Cad é an post a fuair Catherine Connolly anuraidh nuair a bhain sí an toghchán


10. Cén tír ina raibh COP 30, an cruinniú mór bliantúil faoin athrú aeráide?


Le plé agus le déanamh

  • Scríobh síos na dátaí ar ar tharla na himeachtaí thuasluaite agus cuir in ord iad ó thús go deireadh na bliana.
  • Cruthaigh póstaer “Ar lorg” don speiceas ionrach. Cad é an chuma atá air? Cad é ba chóir do dhaoine a dhéanamh má fheiceann siad ceann acu?
  • Amharc ar léarscáil na hÉireann agus ar léarscáil cruinne, Déan nasc idir gach scéal sna ceisteanna agus an áit cheart ar cheann de na léarscáileanna.
  • An féidir leat na focail seo a mhíniú i do chuid focal féin? airdeallach, falscaithe, mórthionól
  • I ngrúpaí, cumaigí bhur dtráth na gceist féin le cur ar a chéile mar rang faoi imeachtaí na bliana seo caite. (Is féidir é a bhunú ar imeachtaí scoile agus ar imeachtaí áitiúla.)


meas