Cúnamh chun NuachtAnois a úsáid…

Úsáid na cnaipí thíos le Buneolas , Turas Treoraithe agus Moltaí Úsáidte a fháil…

Is féidir moltaí agus nodanna níos mionsonraithe ar úsáid NuachtAnois a fháil anseo.

NuachtAnois – buneolas

Is acmhainn úrnua ar líne é NuachtAnois atá á chur ar fáil do scoileanna fud fad na tíre. Tá an suíomh insroichte ar réimse leathan de ghléasanna digiteacha, ó ghutháin go ríomhairí deisce. Is amhlaidh, áfach go mbíonn an t-eispéireas úsáidte is fearr ag páistí ar na scáileáin níos mó – táibléid agus ríomhairí glúine nó deisce.

Don eispéireas is fearr – moltar táibléad nó níos mó

Má bhíonn aon fhadhbanna agat agus tú ag iarraidh an suíomh a úsáid – déan teagmháil linn ag: eolas@leighanois.com nó cuir scairt ar an Áisaonad ag: 048 90 24 38 64


Tacaíonn NuachtAnois le réimsí foghlama agus le príomhinniúlachtaí an Chreatchuraclaim úir Bunscoile.

Is acmhainn litearthachta, go príomha, é NuachtAnois, sa mhéid is go gcuirtear ábhair úra spreagúla spéisiúla ar fáil do pháistí tríd an suíomh i bhfoirm alt úr nuachta gach lá. Ach tacaíonn NuachtAnois leis an inniúlacht dhigiteach ar bhonn níos ginearálta freisin, nó tacaítear le páistí chun réimse de scileanna digiteacha a fhorbairt agus iad ag idirghníomhú leis an suíomh agus ag nascleanúint leo le rochtain a fháil ar an réimse d’ábhair oiriúnacha traschuraclaim a bpléitear leo sna hailt.

De réir mar a chuirfear leis an stór d’ailt agus d’ábhair ilmheáin agus idirghníomhacha eile, carnfar cartlann luachmhar d’ábhair ar féidir iad a úsáid le tacú le gach réimse den churaclam.

Maidir le Creatchuraclam na Bunscoile, tá ailt ann a fhreagraíonn do gach réimse curaclaim – Teangacha, ETIM, na hEalaíona, an tOideachas Sóisialta agus Imshaoil, agus an Fholláine.

Agus tá na príomhinniúlachtaí atá ag croí an Chreatchuraclaim go mór chun cinn sna hábhair a chuirtear ar fáil trí NuachtAnois.

Na príomhinniúlachtaí – gheobhaidh tú ailt ar NuachtAnois a fhreagróidh do na hinniúlachtaí seo


Ar ais chuig an bharr

NuachtAnois – turas treoraithe


1. Leathanach Baile Nuachta

Tá NuachtAnois á chur ar fáil mar chuid de thacar níos leithne d’uirlisí litearthachta agus folláine – mar sin, ní mór do bhealach a dhéanamh chuig an leathanach baile nuachta ar dtús.


Roghnaigh Alt Nuachta

Tabharfar a fhad leis an Leathanach Baile Nuachta thú


Ar an leathanach baile – tá na trí alt is úire le feiceáil ar rothlóir ag barr an leathanaigh. Mar sin, is féidir teacht ar phríomhscéal an lae go gasta. Thíos faoin rothlóir, tá cnaipe a thugann a fhad muid leis an nuachtliosta – áit a bhfuil achan uile alt ar fáil. Beidh príomhscéal nua ann gach lá. 


Taobh leis an rothlóir, tá Clár na bhFógraí. Ar an chlár seo, bíonn eolas ar théamaí nó imeachtaí móra a bheadh ag titim amach an tseachtain sin agus, in amanna, bíonn nasc ann chuig alt nó ábhar a thacódh leis an imeacht nó leis an téama sin.


Ag bun an leathanaigh, tá dhá ghiuirléid ann is féidir a úsáid le plé a spreagadh le tacú le hobair churaclaim eile:

i. Giuirléid aimsire – an aimsir a phlé agus na cineálacha éagsúla aimsire a bhíonn nó atá/a bhí ann in áiteanna éagsúla sa tír nó ar domhan

ii. Giuirléid an chloig dhomhanda – Oideachas Sóisialta agus Imshaoil agus ETIM (a bheith matamaiticiúil). Cén t-am atá sé in áiteanna eile ar domhan?





2. Nuachtliosta

Liosta iomlán na n-alt a foilsíodh ar NuachtAnois. Thar am, éireoidh an liosta seo iontach fada. Mar sin, tá liosta de scagairí ann ar an taobh clé den scáileán ar féidir iad a úsáid má bhíonn tú ag cuardach ailt ar théama faoi leith. 


Is féidir na hábhair ilmheáin a scagadh leis na scagairí seo freisin – mar shampla, puzail nó cluichí idirghníomhacha, ailt a bhfuil físeáin ag gabháil leo nó Fillteáin Fíricí – is ailt níos faide agus níos fíriciúla iad seo ar thopaic faoi leith. Is féidir iad a úsáid chun críche taighde.

Mar aon leis na scagairí, is féidir an fheidhm chuardaigh ag barr an leathanaigh a úsáid le hábhair faoi leith a chuardach.






3. An tAlt Féin


Ag barr an leathanaigh, tá teideal an ailt agus an dáta foilsithe.

Déantar iarracht foclóir an ailt a choinneáil chomh simplí agus is féidir. Úsáidtear dath glas leis na focail nó na téarmaí is dúshlánaí san alt, nó más focal neamhchoitianta é. Is féidir an luchóg a chur thar na focail seo, nó iad a bhrú ar ghléasanna soghluaiste, le míniú ar an fhocal nó an téarma sin a fháil.


Is féidir an cnaipe ‘Ceangail leis an Fhoclóir’ a úsáid le gach uile fhocal san alt a dhéanamh inchliceáilte. Má chliceálann tú ar fhocal ar bith, preabfaidh fuinneoigín teanglann.ie aníos agus beidh tú ábalta feidhmeanna teanglann.ie a úsáid leis an fhocal a fhiosrú.


Is féidir an cnaipe ‘Radharc disléicse-chairdiúil’ a chliceáil le dath cúlra agus clófhoireann a athrú. Fágfaidh sé seo an t-alt níos insroichte ag daltaí a mbeadh disléicse orthu.


Is féidir leis na páistí na cnaipí beaga ag bun an ailt a úsáid le hidirghníomhú leis an alt agus a mbarúil a léiriú ina thaobh.

Is féidir cliceáil ar na lógónna ag barr an leathanaigh le do bhealach a dhéanamh ar ais chuig an nuachtliosta nó an leathanach baile nuachta nó le réimsí eile den suíomh a fhiosrú.





4. Cúrsaí Canúna

Cloítear leis an Chaighdeán Oifigiúil i rith an ama sna hailt. Is féidir rogha a dhéanamh idir Córas an tSéimhithe (Córas Chúige Uladh) agus Córas an Uraithe tríd an nasc faoi lógó LéighAnois ag barr an leathanaigh chun do réigiún a roghnú.

Is fiú a thabhairt faoi deara, áfach, go n-úsáidtear ríomhchlár le Córas an Uraithe a chur i bhfeidhm. (Ní scríobhaimid ach alt amháin, agus úsáidimid córas an tséimhithe. Ansin, nuair a roghnaíonn tú ‘Gaeilge an Deiscirt’, athraíonn ríomhchlár gach séimhiú go hurú.) Is fiú, mar sin de, a bheith cúramach leis na haidiachtaí a leanann roinnt ainmfhocal firinscneach.

Mar shampla, is é an nós atá ann, faoi Chóras an tSéimhithe, go séimhítear an aidiacht má shéimhítear an t-ainmfhocal, go fiú más ainmfhocal firinscneach é.

Balla mór, ach, ar an bhalla mhór

Ach nuair a dhéanann an ríomhchlár an t-athrú chuig Córas an Uraithe, ní athrófar ach an séimhiú ar an ainmfhocal:

Ar an bhalla mhór –> Ar an mballa mhór

Sa chás seo, níor cheart an focal ‘mór’ a shéimhiú.

Mar sin, is fiú bheith cúramach le haidiachtaí a leanann ainmfhocail fhirinscneacha.



Ar ais chuig an bharr

NuachtAnoismoltaí lena úsáid


Tá NuachtAnois bunaithe ar sheirbhís nuachta atá an tÁisaonad a chur ar fáil do Ghaelscoileanna an tuaiscirt ó bhí mí Eanáir, 2015, ann – an Seomra Nuachta. Is gné lárnach é an Seomra Nuachta anois den lá scoile i gcuid mhaith scoileanna ar fud an tuaiscirt. Úsáideann scoileanna difriúla an tseirbhís ar bhealaí difriúla. Bíonn daltaí ag plé leis na hábhair faoi stiúir an mhúinteora nó ar bhonn neamhspleách, mar chuid den obair bhaile nó chun taighde a dhéanamh le tacú le hobair churaclaim eile.

Agus muid ag plé agus ag tacú le múinteoirí thar na blianta, tá muid i ndiaidh roinnt mhaith samplaí den dea-chleachtas a thabhairt faoi deara agus a fhorbairt in éineacht le múinteoirí.


Úsáid faoi threoir an mhúinteora

🔴 Tá bunús na n-alt dírithe ar dhaltaí ag barr na bunscoile (ranganna 4, 5, 6) agus go fiú ag bun na hiar-bhunscoile. (Foilsítear ailt freisin ar bhonn rialta a bheadh oiriúnach do léitheoirí níos óige – is féidir na hailt seo a aithint ar an chló níos mó a úsáidtear iontu.) 

Bheadh na léitheoirí is muiníní sa rang in ann dul i ngleic leis an alt ar bhonn neamhspleách agus na tacaíochtaí leictreonacha atá ar an suíomh a úsáid lena thuiscint. Bíonn gach alt breac le híomhánna freisin le cur leis an tuiscint.

Ach, glactar leis, agus na hailt á scríobh, gur faoi threoir an mhúinteora a gheobhaidh na daltaí a gcéad bhlaiseadh ar gach alt.


🔴 Moltar am faoi leith a chur ar leataobh gach lá leis an alt a léamh. D’fhéadfaí an t-alt a thaispeáint ar an chlár bhán agus d’fhéadfadh an rang é a léamh le chéile. D’fhéadfadh an múinteoir aon téarmaíocht nó foclóir nó coincheapa dúshlánacha a shoiléiriú nó a mhíniú. Agus an scafall seo curtha ar fáil dóibh, bheadh daltaí in ann filleadh ar an alt tráth níos faide anonn, mar obair bhaile, mar shampla, agus é a léamh arís nó d’fhéadfaidís tabhairt faoi ghníomhaíochtaí breise a bheadh bainteach leis. 


Gníomhaíochtaí nó pointí plé ag bun gach ailt

🔴 Tabhair faoi deara go mbíonn moltaí i dtaca le gníomhaíochtaí féideartha nó pointí plé ag bun gach ailt. Is deis iad seo chun plé a spreagadh agus an foclóir úr a tháinig aníos san alt a úsáid agus a dhaingniú.


Feidhm chuardaigh

🔴 De réir mar a chuirfear le líon na n-alt ar NuachtAnois, baileofar cartlann luachmhar d’ábhair. Agus an múinteoir ag cur tús le topaic nua sa rang, is fiú go mór súil a chaitheamh ar nuachtliosta NuachtAnois, ar eagla go mbeadh aon ailt ghaolmhara ann. D’fhéadfadh na páistí eochairfhocail a chuardach ar NuachtAnois leis an ábhar léitheoireachta breise seo a aimsiú.

*Tabhair faoi deara gur gá an focal cuardaigh a bheith litrithe i gceart. Cuir ar a súile do na páistí freisin, mura n-éiríonn lena gcéad chuardach, gur fiú cuardach eile a dhéanamh agus leagan séimhithe den fhocal a úsáid.



Tá moltaí níos mionsonraithe ar fáil sa rannán Nod don Oide.


Ar ais chuig an bharr