Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Foiche
Tá an samhradh thart agus tá deireadh ag teacht le tréimhse na bhfoichí. Sin na feithidí beaga a eitlíonn thart ar an bhia s’againn agus má dhéanann muid iarracht iad a smiotadh, is féidir leo cealg phianmhar a chur ionainn. Is cuid de nádúr na hÉireann iad agus tá siad tábhachtach don chomhshaol. Ach tá ionróir atá cosúil leo i ndiaidh teacht go hÉirinn, an chornfhoiche Áiseach.
Cornfhoiche Áiseach
Thiar sa bhliain 2021, chonaic daoine an chéad chornfhoiche Áiseach in Éirinn. Roimhe sin, bhí sí sa Fhrainc agus sa Spáinn, ón bhliain 2004 ar aghaidh. I mbliana, chonacthas an chornfhoiche Áiseach arís in Éirinn – i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh le cúpla seachtain anuas. Tháinig eolaithe ar chuasnóg nó nead cornfhoichí i gContae Chorcaí an tseachtain seo caite.
Nead foichí
Is cineál d’fhoiche í an chornfhoiche ach í níos mó agus bíonn cealg níos pianmhaire aici. Bíonn an chornfhoiche donnrua agus buí seachas dubh agus buí mar atá an chuid is mó de na foichí in Éirinn. An fhadhb atá ann go n-itheann an chornfhoiche Áiseach beacha agus síleann lucht na mbeach go ndéanfadh an chornfhoiche Áiseach scrios orthu dá mbeadh siad lonnaithe in Éirinn. Tá líon na mbeach ag titim mar gheall ar théamh domhanda agus rudaí a dhéanann an cine daonna. Mar sin, tá imní mhór ar bheachairí.
Beachaire
Sin ráite, deir na heolaithe go bhfuil cuma iontach deas ar an chornfhoiche Áiseach agus, ar ndóigh, níl an locht uirthi go bhfuil sí sa tír seo. Síleann eolaithe gur tháinig sí isteach sa tír i gcarr nó i leoraí a thiomáin anseo i mbád farantóireachta. Má fheiceann tú feithid a shíleann tú atá ina cornfhoiche, iarrtar ort gan í a mharú ach é a chur in iúl do na húdaráis. Más féidir, glac pictiúr di chomh maith. Agus deir na heolaithe nach gá bheith buartha má fheiceann tú ceann acu.
Iompraíonn bád farantóireachta carranna agus leoraithe chomh maith le daoine
Ceisteanna:
Cén dath atá ar ghnáthfhoiche in Éirinn?
Cén dath atá ar an chornfhoiche Áiseach?
Cad é a itheann an chornfhoiche Áiseach
Cad é ba chóir dúinn a dhéanamh má fheicimid cornfhoiche Áiseach?
Le déanamh:
Léigh an t-alt seo faoi ionróirí.
Pictiúir:
Bád farantóireachta: David Fowler / Shutterstock.com