Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Ba é 1972 an bhliain dheireanach a raibh daoine ar an Ghealach. Idir an dá linn, ní dheachaigh daoine níos faide ná an Spás-stáisiún Idirnáisiúnta, a rothlaíonn thart ar an Domhan. Ach tá pleananna ag NASA, an eagraíocht Mheiriceánach a phléann leis an Spás, daoine a chur ar ais chuig an Ghealach.Duine ar an Ghealach
Is é an chéad chéim a bheas leis an phlean seo ná daoine a chur ar mhisean a rachaidh thart ar an Ghealach. Misean 10 lá a bheas ann agus tá seans ann go mbeidh sé ag tarlú chomh luath le Feabhra 2026! Agus tá an fhoireann ceaptha acu chomh maith, mar atá, Reid Wiseman, Victor Glover, Christina Koch agus Jeremy Hansen.
Criú Artemis II
Tugtar ‘Artemis II’ ar an mhisean seo agus cé nach mbeidh an spáslong ag tuirlingt ar an Ghealach an iarraidh seo, déanfaidh sé na roicéid agus na córais spáis a thástáil. Má théann gach rud i gceart an t-am seo, cuideoidh sé le misean ‘Artemis III’ nuair a bheas daoine ag tuirlingt ar an Ghealach féin. Amach anseo, ba mhaith le NASA bunáit a bhunú ar an Ghealach, áit a mbeadh daoine ina gcónaí ann.
Ag traenáil le dul chun na Gealaí
Rud amháin spéisiúil faoin mhisean seo ná go mbeidh deis ag daoine amharc ar an taobh eile den Ghealach, an taobh nach bhfeicimid ar chor ar bith ón Domhan. Níl mórán eolais againn ar an taobh eile agus is deis mhaith é seo le tuilleadh a fhoghlaim faoi.
Ní fheicimid ach taobh amháin den Ghealach
Tá plean eile ag NASA agus is é sin daoine a chur chuig Mars. Tá súil acu go mbeidh siad ábalta úsáid a bhaint as bunáit ar an Ghealach le cuidiú leo an turas iontach fada go Mars a dhéanamh. Beimid ag leanúint an scéil seo gach céim den bhealach!
Beidh NASA ag coinneáil súil ar gach rud ón Domhan
Le déanamh:
Samhlaigh go bhfuil tú ar Artemis II. Déan dialann de na 10 lá a chaithfidh tú ann, ón lá a théann tú suas sa Spás le roicéad, an turas go dtí an Ghealach, ag dul thart ar an Ghealach agus teacht ar ais go dtí an Domhan. Cad é mar a mhothaíonn tú ag gach céim?
Níl againn ach roinnt bheag grianghraf den taobh eile den Ghealach. Mar sin, níl mórán eolais againn ar cad é atá ann. Dear pictiúr de na rudaí a shíleann tú féin atá ann. Ná bí buartha, ní gá dóibh bheith fíor! Úsáid do shamhlaíocht.
Ceisteanna:
1 Cén bhliain ina raibh daoine ar an Ghealach don uair dheireanach? Cá fhad ó shin a bhí sé sin?
2 Cén t-ainm atá ar an mhisean a rachaidh thart ar an Ghealach agus cá mhéad lá a mhairfidh sé?
3 Ainmnigh beirt ar bith de na spásairí a bheidh ar an mhisean spáis a rachaidh thart ar an Ghealach.
4 Cad chuige a bhfuil misean Artemis II tábhachtach, d’ainneoin nach mbeidh sé ag tuirlingt ar an Ghealach?
5 Cad é an plean fadtéarmach atá ag NASA maidir le taisteal sa Spás agus cad é an úsáid a bhainfear as an Ghealach sa phlean sin?