Labubu-nna

Déardaoin, an 25ú Meán Fómhair 2025

Labubu-nna

Pic le Enjoy The Life / Shutterstock.com


Murar chuala tú iomrá ar Labubu-nna, tá ceist againn ort…cá raibh tú le bliain nó dhó anuas?!? 

Tá na Labubu-nna ar cheann de na bréagáin is mó tóir ar domhan faoi láthair nó bíonn an-tóir ag páistí, déagóirí agus go fiú roinnt daoine fásta orthu! 

Tá tóir ag cuid mhór daoine ar na Labubu-nna – tá siad uilig ag iarraidh greim a fháil ar cheann acu!

Pic le Enjoy The Life / Shutterstock.com


Tá cluasa móra ar Labubu-nna, súile móra acu, agus fionnadh ar a gcorp. Tá 9 bhfiacail ghéara acu* agus meangadh beag gáire a chuireann cuma ghleoite orthu ach atá rud beag scáfar san am céanna!

*Mura bhfuil 9 bhfiacail ag an Labubu s’agat, gach seans gur Lafufu atá ann! 

Labubu-nna, nó Lafufu-nna? (Amharc ar an cheann dhonn!)

Pic le Jayakri / Shutterstock.com


Mar bhréagáin, tá Labubu-nna ar an mhargadh ó bhí 2015 ann. Roimhe sin, áfach, bhí siad le feiceáil mar charachtair sna leabhair Monsters, 3 leabhar a scríobh ealaíontóir Síneach darb ainm Kasing Lung. Is as Hong Cong dó ach bhog sé chuig an Ísiltír nuair a bhí sé iontach óg. 

Chuir Kasing an-suim i síscéalta na dtíortha Lochlannacha agus sna síofraí a bhí sna scéalta sin. Spreag na síscéalta seo é lena chuid scéalta féin a scríobh agus a mhaisiú. As na síofraí uilig sna leabhair Monsters (bhí níos mó ná 100 cineál ann) – ba iad na Labubu-nna a sheas amach, nó is iadsan na síofraí is spraíúla.

Kasing Lung

Pic ó chainéal Youtube PopMart


Sa bhliain 2019, cheannaigh comhlacht mór bréagán as an tSín na cearta le Labubu-nna a dhéanamh agus a dhíol, agus spréigh siad ar fud an domhain go gasta. Ó bhí 2019 ann – tá níos mó ná luach $1 billiún de bhábóga Labubu díolta ag PopMart.

Díolann PopMart na Labubu-nna fud fad an domhain

Pic le FUN FUN PHOTO / Shutterstock.com

Is maith le páistí ainm a thabhairt orthu agus go fiú éadaí difriúla a chur orthu

Pic le Marina Chernivetskaya / Shutterstock.com


Tá cuid mhór cineálacha difriúla Labubu ar fáil agus is maith le daoine iad a bhailiú. Tá nós ag PopMart Labubu-nna a dhíol ‘i mbosca caoch’. Ní bhíonn a fhios agat cén Labubu atá istigh ann go dtí go n-osclaíonn tú é. 

Boscaí caocha – cén sórt Labubu a bheas ann?

Pic le ALL TEXTURES / Shutterstock.com


Ní chuireann PopMart ach líon áirithe de gach cineál Labubu amach agus fágann sé seo go mbíonn an-tóir orthu, go háirithe mura bhfuil ach líon beag den chineál sin ann. Bíonn roinnt daoine sásta na céadta nó go fiú na mílte dollar a chaitheamh ar Labubu-nna nach bhfuil ach líon beag acu ann! Ach go fiú na gnáth-Labubu-nna, tá thart ar €30 orthu…costasach go leor más maith leat iad a bhailiú. (Fáth eile a gceannaíonn a lán daoine Lafufu-nna!)

Bíonn an t-ádh leat má fhaigheann tú ceann nach bhfuil ag duine ar bith eile!

Pic le Cloudy Design / Shutterstock.com


Cé go mbíonn an-tóir ag páistí ar Labubu-nna, níl na scoileanna chomh tugtha céanna dóibh. Is maith le páistí iad a thaispeáint dá chéile agus go fiú iad a mhalartú lena chéile. In amanna, imíonn Labubu-nna ar strae ar scoil nó éiríonn siad measctha, má bhíonn an Labubu céanna ag beirt! Idir sin, agus an méid ama a chaitheann páistí ag fústráil fúthu, tá a lán scoileanna i ndiaidh cosc a chur ar Labubu-nna ar scoil.

Pic le petanicupu / Shutterstock.com


Mar sin, má tá bábóg bheag ghruagach agatsa ar scoil inniu – coinnigh i bhfolach í, agus ná caill í! 


Le plé

💬 Tá an-tóir ar na Labubu-nna faoi láthair, ach ní dhéanann siad mórán. An cur amú airgid é ceann a cheannach?

💬 An síleann tú gur smaoineamh maith é Labubu-nna a dhíol i mbosca caoch? Cén fáth?

💬 An bhfuil sé ceart nó mícheart Lafufu-nna a dhíol agus a cheannach? Mínigh do fhreagra.

💬 Cad iad na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le bréagáin a thabhairt isteach ar scoil?

💬 An síleann tú gur smaoineamh maith é do na scoileanna cosc a chur ar Labubu-nna? Cén fáth?

💬 An bhfuil rialacha ar bith ag an scoil s’agatsa faoi dtaobh de na Labubu-nna?


Ceisteanna le freagairt

1. Cé a chum na carachtair Labubu ar dtús?

2. Cén bhaint atá ag síscéalta ó na tíortha Lochlannacha leis na bábóga seo?

3. I ndiaidh duit an t-alt a léamh, cén rud a chuireann cuma rud beag scáfar ar Labubu-nna, dar leat?

4. Cad é mar a bhíonn a fhios agat go bhfuil an Labubu s’agat fíor, dar leis an alt?

5. Cosnaíonn an gnáth-Labubu na céadta dollar, fíor nó bréagach?

6. Luaigh fáth amháin ar chuir a lán scoileanna cosc ar Labubu-nna.


meas