Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Ar fud an domhain inniu, tá páistí agus daoine fásta ag ceiliúradh. Agus ag obair ag an am céanna! Inniu Lá Domhanda na hAthchúrsála, an 18ú Márta. Tugann an lá seo deis dúinn smaoineamh ar dhóigheanna a dtiocfadh linn aire níos fearr a thabhairt don phláinéad. Agus, ag an am céanna, feicimid go mbeidh éifeacht níos mó ann má dhéanaimid athchúrsáil le daoine eile i dtíortha eile.

Seans gur chuala tú an focal ‘athchúrsáil’ roimhe ach cad é go díreach atá i gceist? Go simplí, baineann sé le húsáid eile a bhaint as rudaí in ionad iad a chaitheamh sa bhosca bruscair nuair a bhímid críochnaithe leo. Rudaí cosúil le buidéil phlaisteacha, mar shampla, nó cannaí miotail, páipéar nó cairtchlár. Bíonn boscaí bruscair speisialta do na rudaí seo agus tugann lucht an bhruscair na rudaí seo chuig monarcha le hiad a athrú ina rudaí nua. Déantar a lán rudaí as bruscar athchúrsáilte, bréagáin, éadaí agus fiú troscán!
Monarcha athchúrsála
Tá gné eile leis an athchúrsáil. Is é sin, gan rudaí a chaitheamh amach i ndiaidh iad a úsáid uair amháin. Mar shampla, is féidir mála ‘saoil’ a fháil don tsiopadóireacht, más maith leat. Sin mála a úsáideann tú arís agus arís eile. Nó, in ionad buidéal plaisteach uisce a fháil gach uair a bhíonn tart ort, úsáid a bhaint as buidéal a mhaireann na blianta.
‘Mála saoil’ agus buidéal in-athúsáidte
Cad chuige a bhfuil an athchúrsáil tábhachtach, mar sin? Tá dualgas orainn uilig gan barraíocht bruscair a chaitheamh amach, go háirithe rudaí mar phlaisteach nach n-imíonn go ceann na gcéadta bliain. Chomh maith leis sin, úsáidtear fuinneamh le rudaí a dhéanamh agus iad a thabhairt chuig an siopa duit. Seans maith go raibh dé-ocsaíd charbóin de dhíth i gcuid den phróiseas seo agus faoi láthair, tá barraíocht dé-ocsaíd charbóin ag dul isteach san atmaisféar. Cuireann dé-ocsaíd charbóin leis an téamh domhanda.
Daoine ag bailiú bruscair nár athchúrsáladh
Mothaíonn daoine aonair nach ndéanfaidh sé difear má dhéanann siad nó mura ndéanann siad iarracht an pláinéad a chosaint. Agus sin an fáth a bhfuil an lá speisialta seo ann. Má dhéanann gach duine iarracht cuidiú leis an phláinéad, is mó an seans go mbeidh níos mó daoine ag cuidiú nó feicfidh siad go bhfuil éifeacht leis an slua seachas an duine aonair.

Ceisteanna:
1. Mínigh i do chuid focal féin cad é an rud é ‘athchúrsáil’?
2. Ainmnigh 2 rud ón téacs is féidir a athchúrsáil.
3. Cad chuige, dar leat, ar tugadh ‘mála saoil’ ar mhála a úsáideann tú arís agus arís?
4. Cad chuige ar chóir dúinn níos lú plaistigh a chaitheamh amach?
5. Cén gás a chuireann leis an téamh domhanda?
Le déanamh:
Léigh tuilleadh faoin téamh domhanda anseo agus na rudaí is féidir a dhéanamh leis an téamh domhanda a stopadh anseo.
Déan taighde i do scoil. Cad iad na rudaí a dhéantar a athchúrsáil? Cuir iad i liostaí, mar shampla, ‘Rudaí atá déanta de pháipéar’, ‘Rudaí atá déanta de phlaisteach’, srl.
Le plé:
In bhur ngrúpaí, déanaigí amach liosta de na céimeanna is fearr is féidir a ghlacadh le hathchúrsáil a dhéanamh. Nuair a bhíonn an liosta réidh is féidir leis an rang iad a phlé agus na trí cinn is fearr a roghnú le vóta. (Creid é nó ná creid, beimid uilig ag brath ar dhaoine óga smaoineamh ar dhóigheanna nua leis an phláinéad a chosaint).