Téamh Domhanda 2

Dé Luain, an 22ú Nollaig 2025


Má léann tú ailt anseo, is cinnte gur chuala tú faoi théamh domhanda agus athrú aeráide. Tá a fhios againn go bhfuil teocht an atmaisféir ag ardú de réir a chéile mar gheall ar gháis a chuirimid féin ann. Tugtar gáis cheaptha teasa ar gháis cosúil le dé-ocsaíd charbóin mar cuidíonn siad leis an aer san atmaisféar níos mó teasa a cheapadh nó a choinneáil. Tagann na gáis seo ó rudaí a dhéanaimid, mar shampla:


    • ag dó breosla cosúil le gual, gás agus ola le fuinneamh a fháil

    • carranna agus busanna a úsáideann peitreal nó díosal

    • stáisiúin leictreachais a dhónn peitreal nó díosal

    • crainn a ghearrtar síos (cuidíonn siad linn dé-ocsaíd charbóin a ghlanadh)

Is drochrud é an téamh domhanda agus an t-athrú aeráide don Domhan. (Léigh an t-alt seo faoin athrú aeráide). Ach tá dea-scéala ann: is féidir linn stop a chur leis an téamh seo má oibrímid le chéile anois. Agus tá go leor rudaí is féidir le páistí a dhéanamh chomh maith le daoine fásta! Seo roinnt bealaí praiticiúla agus spreagúla le cuidiú leis an phláinéad a chosaint. Is cosúil gur rudaí beaga iad seo, ach nuair a dhéanann na milliúin duine iad, déanann siad difear mór.

Rudaí beaga sa bhaile

Tá tábhacht leis na rudaí beaga.


    • Múch an solas nuair a fhágann tú an seomra. Sábhálann tú fuinneamh gach uair a dhéanann tú seo.

    • Ísligh an téitheoir céim nó dhó. Dóigh eile le fuinneamh a shábháil.

    • Úsáid níos lú uisce. Ní gá an t-uisce a choinneáil ag dul agus tú ag glanadh na bhfiacla, mar shampla. Is fearr cithfholcadh a bheith agat ná folcadh san fholcadán le huisce te a shábháil.

Ag taisteal

Scaoileann carranna peitril agus díosail gás san aer. Ach tá roghanna eile againn:


    • Siúil, más féidir. Ní hamháin go bhfuil sé níos fearr don aeráid, ach cuidíonn sé le do shláinte chomh maith. Agus tugann sé níos mó ama duit bheith amuigh faoi aer.

    • Bí ag rothaíocht. Bíonn an rothar gasta agus gan aon truailliú. Arís, tá sé maith don tsláinte!

    • Úsáid an bus nó an traein. Cé go scaoileann cuid de na busanna agus na traenacha gás go fóill, bíonn an éifeacht i bhfad níos lú ná mar a bheadh ann le gach duine ina gcarr féin.

Déan athchúrsáil

Tá athchúrsáil tábhachtach mar aon le laghdú. Glacann sé fuinneamh le rudaí a dhéanamh, mar sin, má dhéanann tú athchúrsáil, beidh níos lú gáis ag dul isteach san atmaisféar.


    • Déan cinnte de go gcuireann tú an bruscar sna boscaí cearta agus go mbíonn sé glan.

    • Laghdú: Ná faigh rudaí nach bhfuil de dhíth ort. Bíonn fuinneamh de dhíth le gach rud a dhéanamh nó a iompar go dtí an siopa.

    • Athúsáid: Sula gcaitheann tú rud amach, cuir ceist ort féin: ‘An dtig liom é a úsáid arís?’ Nó, ‘An dtig le duine ar bith eile é a úsáid arís?’ Díolann siopa carthanachta rudaí maithe nár mhaith le daoine níos mó.

Bí cairdiúil leis na crainn

Cuidíonn crainn leis an dé-ocsaíd charbóin a ghlacadh amach as an atmaisféar. Seo roinnt smaointe:


    • Cuir crann le do rang nó i do phobal.

    • Faigh amach faoi mhionfhoraoisí sa chathair. Is spásanna beaga iad seo ina mbíonn crainn agus plandaí ach . . . sa chathair nó i mbaile mór.


Nuair a chuirtear níos mó crann, cuidíonn sé leis an Domhan fuarú.

Smaoinigh faoin rud a itheann tú

Níl gach bia mar an gcéanna – cuireann cuid acu leis an téamh domhanda.


    • Ith níos mó torthaí agus glasraí. Tógann sé i bhfad níos lú fuinnimh le hiad a dhéanamh.

    • Déan iarracht níos lú bia a chur amú. An féidir bia nár ith tú lá amháin a úsáid an lá dár gcionn?

    • Roghnaigh bianna áitiúla. Má thagann bia ó áit in aice leat, ní gá é a iompar i mbád nó i leoraí agus úsáidtear níos lú fuinnimh.


Arís, má dhéanann a lán daoine athruithe beaga, beidh tionchar mór ann.

Labhair le daoine eile faoi

B’fhéidir nach síleann tú é, ach tá guth ag páistí! Is féidir leatsa an t-athrú a thosú.


    • Labhair le do chairde faoi na rudaí is féidir libhse a dhéanamh.

    • Smaointe a mholadh do do mhúinteoir – mar shampla, seachtain ‘gan bhruscar’.


Nuair a roinneann tú d’eolas, spreagann tú daoine eile le rudaí a dhéanamh.

Ná bí buartha!

Is minic a mhothaíonn daoine scanraithe nuair a chluineann siad faoin athrú aeráide agus téamh domhanda. Ach tá sé tábhachtach go dtuigeann tú nach bhfuil tú leat féin agus go bhfuil a lán daoine ag obair le chéile le réiteach a fháil. Déanann gach duine difear – ní gá duit an Domhan a shábháil leat féin! Má chuimhnímid ar na rudaí beaga seo, agus má dhéanaimid iad go rialta, beidh an todhchaí níos gile – dúinne agus don phláinéad.


Le déanamh:

Foghlaim tuilleadh faoi mhionfhoraoisí sa chathair anseo.


Le plé:

In bhur ngrúpaí, déanaigí liosta de rudaí is féidir a athúsáid. Smaoinígí faoi na rudaí a chaith sibh amach an mhí seo.


Pictiúir:

Balún den Domhan: Holli / Shutterstock.com

Páistí sa Spáinn: jossfoto / Shutterstock.com


meas