Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Baile Átha Cliath
Nuair a luaimid an chathair, ní smaoinímid faoi chrainn, de ghnáth. Foirgnimh mar thithe, árasáin, monarchana mar aon le bóithre agus iarnróid na chéad rudaí a thagann chun cuimhne. Ach bíonn spás ann don nádúr sa chathair chomh maith. I gcathair mhór mar Nua-Eabhrac, tá foraois mhór sa lár, Central Park, atá lán crann. Ach ní bhíonn an rogha sin ag a lán cathracha nó bíonn barraíocht foirgneamh ann.
Central Park
Tá scoileanna ar fud an domhain ag obair ar scéim nua – mionfhoraois. Is é an sprioc atá leis an scéim seo ná crainn a chur i bpaiste beag talaimh, chomh beag le méid seomra ranga. Ach ní crann ar bith atá le cur sna mionfhoraoisí seo, cuireann siad crainn dhúchasacha. Is é atá i gceist le crann dúchasach ná crann atá ag fás sa tír sin leis na mílte bliain. Bíonn na crainn sin oiriúnach don cheantar ina mbíonn siad, an cineál cré agus coinníollacha eile.

Tá scoileanna i dtíortha mar an Fhrainc, an Bhrasaíl agus Éire páirteach sa scéim. Tháinig an smaoineamh ó luibheolaí sa tSeapáin, Akira Miyawaki. Fuair sé amach go bhfásann speicis dhúchasacha níos fearr má chuirtear le chéile iad. Chomh maith le crainn, chuir sé plandaí dúchasacha ann chomh maith. Ar a bharr sin, fuair sé amach go mbíonn na plandaí dúchasacha seo níos láidre le chéile.

I ngach tír, bíonn réimse de chrainn dhifriúla ann, ar ndóigh. In Éirinn, bíonn crainn mar an dair, an caorthann agus an bheith. Cuidíonn na páistí scoile leis na crainn óga a chur, uisce a thabhairt dóibh agus iad a sheiceáil de réir mar a bhíonn siad ag fás. Bíonn bród mór orthu nuair a fheiceann siad a bhforaois féin ag fás!
An caorthann
Cuidíonn na mionfhoraoisí seo leis an aer a choinneáil níos glaine agus, in áiteanna atá iontach te mar an Bhrasaíl, an t-aer a choinneáil níos fuaire. Meallann na mionfhoraoisí seo éin, beacha agus feithidí eile, rud atá iontach tábhachtach don timpeallacht. Meallann siad daoine chomh maith nó is áit shuaimhneach í an mhionfhoraois seo i lár na cathrach!

Ceisteanna:
1. Cad é an t-ainm a tugadh ar na foraoisí beaga sa téacs?
2. Cad é an rud go díreach é ‘crann dúchasach’. Tabhair cúpla sampla.
3. Cad iad na tíortha atá páirteach sa scéim, dar leis an alt?
4. Cárb as do Akira Miyawaki?
5. Cad iad na rudaí is féidir le páistí scoile a dhéanamh le cuidiú leis an scéim?
Le déanamh:
Déan plean de mhionfhoraois nua do do scoil. Cuir isteach crainn dhifriúla, cosán beag agus áit suí.
Pictiúir:
Mionfhoraois san India: AjayTvm / Shutterstock.com
Daoine sa pháirc: Mulevich / Shutterstock.com