Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Deir an seanfhocal “Múineann gá seift”. An chiall atá leis sin ná go mbíonn ar dhaoine teacht aníos le plean thart ar chonstaic nó fadhb nuair a bhíonn orthu rud éigin a dhéanamh faoi.
(Ní raibh cathaoireacha rothaí le fáil san otharlann seo i Nua-Ghuine Phapua, tír atá bocht. Mar sin de, rinne siad a gcuid féin. Pic le Annalucia/Shutterstock.com)
Is minic fosta a bhíonn daoine ábalta teacht aníos le seift má amharcann siad ar an nádúr. Is iomaí bealach atá cruthaithe ag an dúlra leis an saol nádúrtha a choinneáil ag dul leis na milliúin de bhlianta.
(Maireann caoirigh tríd an gheimhreadh mar gheall ar a gcótaí olla atá te tirim uiscedhíonach).
Mar shampla, amharc ar an chaora. Fásann sí cóta mór olla sa gheimhreadh lena cosaint in éadan fuachta. Ba ghnách le tithe na ndaoine sa tír seo bheith iontach fuar sa gheimhreadh. D’fhág seo go raibh an baol ann go n-éireodh daoine tinn mar gheall ar an fhuacht. (Foghlaim níos mó faoi sin san alt seo.)
Ach, in áit cuid mhór éadaí a chaitheamh sa teach iad féin, d’fhoghlaim daoine go dtiocfadh leo an teas a choinneáil istigh sa teach dá gcuirfeadh siad insliú sna ballaí agus sa díon. (Tá sé seo cosúil le fo-éadaí a chur ar an teach, taobh istigh de na ballaí agus den díon, ionas nach féidir leis an teas ar fad éalú.) Is minic a úsáidtear olann caorach leis an insliú seo a dhéanamh mar go bhfuil sí uiscedhíonach agus coinníonn sí an teas istigh.
(insliú déanta as olann caorach taobh istigh de theach úr)
Gléas eile a tháinig ó inspioráid an nádúir ná “velcro”. Chruthaigh an t-innealtóir Eilvéiseach, George de Mestral, velcro thiar sa bhliain 1948. Thug sé faoi deara, lá amháin agus é amuigh ar shiúlóid lena mhadadh, gur ghreamaigh faighneoga ó chuid de na plandaí d’fhionnadh a mhadaidh agus dá chuid éadaí féin.
(Tá cúpla faighneog i ndiaidh greamú d'fhionnadh an mhadaidh seo.)
Chuir George de Mestral na faighneoga faoi mhicreascóp agus d’aithin sé go raibh crúcaí beaga bídeacha orthu. Thosaigh sé a smaoineamh gurbh fhéidir an cleas seo a úsáid le héadaí, in áit biorán nó cnaipí a úsáid. Rinne sé cuid mhór trialacha agus, sa deireadh, tháinig se aníos le velcro. Chum sé an t-ainm ó dhá fhocal Fraincise - “velours” (veilbhit) agus “crochet” (crúca).
(velcro - amharc ar na crúcaí beaga a ghreamaíonn don éadach eile)
Ag an am seo bliana, bíonn go leor faighneog le feiceáil sa dúlra. Coinnigh súil amach dóibh agus tú amuigh ag siúl. Mar shampla, bíonn na faighneoga ag titim go flúirseach den chrann cnó capaill.
Ceisteanna faoin téacs
1. Cad is brí leis an seanfhocal “Múineann gá seift”?
2. Cad é mar is féidir linn foghlaim ón nádúr?
3. Cad é mar a chuidíonn cóta olla na caorach léi sa gheimhreadh?
4. Cén fhadhb a bhí ag daoine sa tír seo leis an aimsir sa gheimhreadh?
5. Cad é an réiteach a fuair daoine ar fhadhb an fhuachta sna tithe?
6. Cad chuige a n-úsáidtear olann caorach mar ábhar inslithe?
7. Cé a chruthaigh velcro agus cá fhad ó shin a tharla sé?
8. Cad é a thug an fear ón Eilvéis san alt faoi deara agus é amuigh ag siúl lena mhadadh?
9. Cad é a chonaic sé ar na faighneoga nuair a d’amharc sé orthu faoi mhicreascóp?
10. Cá as ar tháinig an t-ainm “velcro”?
Le plé
Cad chuige a bhfuil crúcaí beaga ar na faighneoga? Cad é mar a chuidíonn sé sin leis an domhan nádúrtha?
Gníomhaíochtaí breise
Seanchluiche ón nádúr
Léigh an t-alt seo faoi sheanchluiche a d’imir daoine ag baint úsáid as cnónna capaill. Imir an cluiche sin le cairde.
Taispeántas Nádúrtha
Téigh amach ar shiúlóid i measc an dúlra agus bailigh samplaí de rudaí ar féidir iad a bheith ina inspioráid do dhearadh nó do réiteach fadhbanna. Déan cur i láthair ar cheann amháin acu.
Cruthaigh Do Sheift Féin
Samhlaigh go bhfuil fadhb agat sa bhaile (e.g. fuacht, solas ró-láidir, srl.). Déan plean nó dearadh ar réiteach arbh fhéidir é teacht ón nádúr.
Comhrá Beirte
Déan rólimirt idir innealtóir agus eolaí ag plé an dóigh a dtiocfadh leis an nádúr cuidiú leo réiteach a fháil ar fhadhb nua.
Póstaer Faisnéise
Déan póstaer a mhíníonn cad é mar a oibríonn velcro agus an dóigh ar tháinig sé ó inspioráid nádúrtha.