Cnónna Capaill

Dé hAoine, an 18ú Deireadh Fómhair 2024


Tá muid ag tarraingt ar dheireadh an fhómhair faoi láthair (mar a thugann ainm na míosa seo le fios dúinn). Faoin am seo, tá na barra bainte ag na feirmeoirí agus curtha go sábháilte sna sciobóil lena n-úsáid i rith an gheimhridh. Tá na hainmhithe fiáine ag bailiú torthaí agus cnónna lena stóráil mar bhia i rith an gheimhridh chomh maith. B’fhéidir go bhfaca sibh iora amuigh ag bailiú cnónna sa choill?


Ag an am seo bliana, titeann na cnónna móra den chrann cnó capaill. An bhfaca tú iad agus tú amuigh ag siúl? Fásann an cnó taobh istigh d’fhaighneog. Bíonn an fhaighneog mór glas agus deilgneach. Taobh istigh den fhaighneog, bíonn cnó deas donn lonrach crua.


Leis na céadta bliain, tá daoine ag baint úsaid as na cnónna seo le cluiche a imirt. Seo mar a dhéantar na cnónna réidh don chluiche:


🍂 Ar dtús, roghnaigh cnó deas láidir crua a thit anuas ó chrann cnó capaill

🍂 Iarr ar dhuine fásta cuidiú leat poll a dhéanamh tríd an lár den chnó sin

🍂 Anois faigh píosa sreangáin atá láidir agus thart faoi 25 - 30 cm ar fad

🍂 Cuir an sreangán tríd an pholl sa chnó agus tarraing snaidhm ag deireadh an tsreangáin le nach dtitfidh an cnó de.


Anois, tá tú réidh le himirt! Cluiche idir bheirt atá ann. 


Seo mar a dhéantar an cluiche:

🍂 Seas thart faoi leath-mhéadar ar shiúl ó do chéile comhraic

🍂 Glac sealanna. Tógann an chéad imreoir a c(h)nó capaill in airde agus déanann an dara himreoir iarracht é a bhualadh lena c(h)nó capaill féin.

🍂 Leanann an cluiche ar aghaidh go dtí go bhfuil cnó amháin (nó an bheirt acu) scriosta.

🍂 ** Bí cúramach na cnónna capaill a choinneáil i bhfad ar shiúl ó shúile na n-imreoirí! ** 🍂

(Páistí ag imirt le cnónna capaill i mBaile Átha Cliath blianta ó shin. Pic ó duchas.ie)


Le plé nó le déanamh

Ar imir tú an cluiche seo riamh roimhe? Ar thaitin sé leat? Ar mhaith leat é a imirt? Cad chuige?


An síleann tú go mbeadh / go bhfuil sé furasta an cnó capaill eile a bhualadh? Mínigh do fhreagra.


Cuir ceist ar do thuismitheoirí nó ar do sheantuismitheoirí - gach seans gur imir siadsan an cluiche seo roimhe. An bhfuil noda / cleasa ar bith ar eolas acu?


Fiosraigh le do thuismitheoirí / do sheantuismitheoirí an raibh cluichí ar bith eile ar siúl acu thart faoin am seo bliana?


meas