Lá na hEitinne

Dé Luain, an 24ú Márta 2025


Ar chuala tú iomrá riamh ar an eitinn? (Nó, i dTír Chonaill, thug na seandaoine an chréachta ar an ghalar seo.) Gach seans nár chuala, ach is í an eitinn an galar tógálach marfach is measa ar Domhan.


De ghnáth, cuireann an eitinn isteach ar na scamhóga. Nuair a éiríonn daoine tinn léi, bíonn siad ag casacht go holc agus bíonn deacrachtaí acu bheith ag análú. Baictéir bheaga bhídeacha is cúis leis an eitinn agus spréann siad ó dhuine amháin go duine eile tríd an aer.


Tá an galar seo ann le fada an lá. Scríobhadh faoi san India den chéad uair breis agus trí mhíle bliain ó shin. Ba í an eitinn an chúis bháis a bhí ag 25% de na daoine san Eoraip agus i Meiriceá sna blianta 1600 - 1800.


Ba ghnách an eitinn a bheith coitianta go leor in Éirinn. Bhíodh thart faoi 7,000 duine tinn léi gach bliain sna 1950í. Le linn na ndeich mbliana sin, fuair amuigh is istigh ar 10,000 duine bás leis an eitinn sa tír seo. Is maith an rud gur oibrigh na dochtúirí amach gur féidir an galar a leigheas le frithbheathaigh. Chuidigh sé go mór fosta gur éirigh tithe na ndaoine sa tír seo níos glaine agus níos teo le 70 bliain anuas, rud eile a chuir stop leis an ghalar anseo.

(Blianta ó shin in Éirinn, ní raibh na tithe chomh te ná chomh glan agus a bhíonn siad anois.)


Ach, tá an eitinn go fóill le fáil in áiteanna ina bhfuil a lán daoine ina gcónaí cóngarach lena chéile, cosúil le baile mór nó cathair. Chomh maith leis sin, spréann an galar go furasta in áiteanna nach bhfuil glan. Sa lá inniu, cuireann an eitinn isteach go fóill ar na milliúin duine ar fud an domhain. Ach, is iad na tíortha bochta a bhíonn thíos léi den chuid is mó.

(ceantar bocht in Delhi san India. Pic le Yavuz Sariyildiz/Shutterstock.com) 


Gach bliain, cuireann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an eitinn i mbéal an phobail arís ar an 24ú lá Márta. Tá an t-ádh linn in Éirinn go mbaineann an galar seo lenár stair, den chuid is mó. Ach, níl an scéal amhlaidh i dtíortha eile. Bígí buíoch don dul chun cinn atá déanta in Éirinn, ach tá cuidiú idirnáisiúnta de dhíth ar na tíortha is boichte go fóill, le deireadh a chur leis an ghalar mharfach seo.


Tá cineál eile eitinne ann a thógann daoine ó na ba. Níl an fhoirm seo den ghalar chomh coitianta leis an fhoirm eile. Cuireann an eitinn seo isteach ar chnámha agus ailt an duine.

(Buaileann cnámha le chéile ag ailt i do chorp. Seo é alt na glúine.)


Faigheann daoine an cineál eitinne seo má ólann siad bainne ó bhó a bhfuil an eitinn uirthi. Ach sa lá inniu, is féidir an galar seo a chosc tríd an bhainne a théamh leis na frídíní atá ann a mharú. Cuirtear paistéaradh ar an phróiseas seo.

(Sa phaistéaradh, déantar an bainne a théamh leis na frídíní a mharú. Ansin, ligtear dó fuarú arís sula gcuirtear i mbuidéil é lena dhíol.)



Le plé nó le déanamh

  1. Cad é an t-ainm a thug na seandaoine ar an eitinn i dTír Chonaill?
  2. Cén chuid den chorp ar a gcuireann an eitinn isteach de ghnáth?
  3. Cad é mar a spréann an eitinn ó dhuine amháin go duine eile?
  4. Cén fáth a bhfuil an eitinn níos coitianta i dtíortha bochta sa lá inniu?
  5. Cad iad an dá rud a chuidigh le deireadh a chur leis an eitinn in Éirinn?


Cruthú póstaeir: Dear agus tarraing póstaer faisnéiseach faoin eitinn. Taispeáin na bealaí lena seachaint agus a leigheas.

Plé ranga: Cén fáth a bhfuil tábhacht le cuidiú idirnáisiúnta a thabhairt do na tíortha atá thíos leis an eitinn?



meas