Uimhreacha!

Déardaoin, an 13ú Bealtaine 2025

Tá go leor daoine cleachta le huimhreacha Rómhánacha a fheiceáil, ach níorbh iad na Rómhánaigh an t-aon dream ar domhan a raibh a gcóras uimhreacha féin acu.

Faigh níos mó eolais ar na huimhreacha Rómhánacha san alt seo


Na Máighigh

Thóg na Máighigh cathracha móra lán teampall agus pirimidí ach bhí clú orthu as a gcuid uimhreacha fosta


Bhí sibhialtacht iontach forbartha agus iontach cliste ag na Máighigh i Meiriceá Theas. Ní hamháin go raibh a gcuid pirimidí féin acu, agus a gcuid seacláid the féin acu – bhí a gcuid uimhreacha féin acu fosta. D’úsáid siad poncanna agus barraí beaga leis na huimhreacha difriúla a léiriú. Bhí comhartha beag acu le ‘náid’ a léiriú fosta – rud atá iontach tábhachtach ó thaobh na n-uimhreacha de!

Leagan nua-aimseartha de sheanfhéilire de chuid na Máigheach. An bhfeiceann tú na poncanna agus na barraí – sin na huimhreacha!


An tSean-Bhablóin

Chomh fada siar le 4,000 bliain ó shin, bhí córas uimhreacha dá gcuid féin ag na Bablónaigh. Chónaigh na Bablónaigh thart faoin áit a bhfuil an Iaráic ann sa lá atá inniu ann. Tháinig na Bablónaigh aníos le go leor rudaí cliste, ach tá tionchar mór go fóill ag an chóras uimhreacha a bhí acu ar an saol s’againne sa lá atá inniu ann.

Pictiúr a rinne ealaíontóir den Bhablóin – seanchathair na mBablónach


Inniu, tá córas uimhreacha ‘Bonn a Deich’ againne – déanaimid cuntas i ngrúpaí de 10. Ach bhí córas ‘Bonn Seasca’ ag na Bablónaigh. Ba ghnách leo cuntas i ngrúpaí de 60 – sin an fáth a bhfuil 60 bomaite in aon uair a’ chloig againne inniu!

Síleann daoine gur úsáid na Bablónaigh abacas le cuntas a dhéanamh


An Éigipt

D’úsáid na sean-Éigiptigh pictiúir le huimhreacha a léiriú. Ba ghnách leosan cuntas i ngrúpaí de 10 fosta.

106 – sin 1,000,000 ach d’úsáid na hÉigiptigh an comhartha seo le ‘cuid mhór’ a chur in iúl fosta!


An tSín

Tá a gcuid uimhreacha féin ag na Sínigh le fada fada an lá. Le fírinne, bhí níos mó ná córas amháin acu. Sa lá atá inniu ann, úsáideann siad a gcuid uimhreacha féin le rudaí speisialta a dhéanamh – le suimeanna airgid a scríobh ar sheic, mar shampla. Ach nuair a bhíonn gnáth-mhatamaitic le déanamh acu sa lá atá inniu ann, úsáideann siad na huimhreacha céanna linne – 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10…*

Na comharthaí dubha, sin gnáth-uimhreacha. Úsáideann na Sínigh na comharthaí gorma agus iad ag scríobh ar sheiceanna agus foirmeacha mar tá sé iontach deacair na comharthaí seo a fhalsú!


*Uimhreacha Hiond-Arabacha

In amanna, síleann daoine go mbaineann na huimhreacha a úsáidimidne, na gnáth-uimhreacha, le saol an Bhéarla nó le saol an Iarthair (an Eoraip, agus Meiriceá). Bhuel – ní bhaineann! Fuair muidne na huimhreacha seo ón India (na Hiondúigh – sin an creideamh a bhí acu) agus ó na tíortha Arabacha, nó tháinig siadsan aníos leo na blianta fada ó shin!

1, 2, 3, 4, 5…fuair muid ár gcuid uimhreacha ón India agus ó na tíortha Arabacha!


Tugtar ‘an córas Hiond-Arabach’ ar an chóras uimhreacha seo.

Tháinig na hIndiaigh aníos leis na huimhreacha 0-9 (arís, tá an 0 iontach tábhachtach) níos mó ná 1500 bliain ó shin. 

Tháinig siad aníos le hionadluach fosta – sin an dóigh a mbíonn ciall dhifriúil leis an uimhir, ag brath ar an áit a bhfuil sí. Mar shampla, ciallaíonn 2 ‘dhá aonad’, ach le 20, ciallaíonn an 2 ‘dhá dheich’.

Ní hamháin gur tháinig ár gcuid uimhreacha ón India – fuair muid an t-ionadluach uathu fosta!


Ansin, d’fhoghlaim scoláirí agus ceannaithe Arabacha an córas seo agus rinne siad athruithe beaga anseo is ansiúd leis an chóras a fheabhsú. Ansin, scaip siad an córas seo fud fad na hEorpa agus iad ag ceannach agus ag díol a gcuid earraí le tíortha eile.

Scaip ceannaithe Arabacha an córas uimhreacha seo fud fad na hEorpa


Sa lá atá inniu ann, tá an córas uimhreacha Hiond-Arabach in úsáid fud fad an domhain!

Tá cuid mhór teangacha difriúla ar domhan ach tuigimid uilig na huimhreacha Hiond-Arabacha!


meas