Tá an geimhreadh linn agus ag an am seo bliana, bíonn an aimsir fuar agus gruama. Ní bhíonn solas againn ach ar feadh seal gairid gach lá fosta.
Ach, mar a deir an seanfhocal, ‘ní bhíonn néal gan ghealán’! Tugann an fuacht agus an dorchadas deis dúinn suí cois tine agus sult a bhaint as deoch dheas the. Agus níl deoch ar bith níos fearr dó sin ná an tseacláid the! Cupán breá blasta i do lámh, agus tú go compordach ar an tolg ag amharc ar scannán maith ar an teilifís… sin an bealach is fearr le hoíche fhuar gheimhridh a chaitheamh!
Ach, ar smaoinigh tú riamh, cá has ar tháinig an tseacláid the? B’fhéidir go mbeadh iontas ort a fháil amach go raibh daoine darbh ainm na Máighigh ag ól seacláid the breis agus 2000 bliain ó shin! Bhí na Máighigh ina gcónaí i Meiriceá Láir, áit a bhfuil Meicsiceo sa lá inniu.
Chreid na Máighigh gur deoch iontach speisialta a bhí sa tseacláid the. Thug siad an leasainm Crann na Beatha ar an chrann cócó. (Faighimid pónairí cócó ón chrann cócó agus déantar seacláid ó na pónairí sin.)
Nuair a fuair daoine eile i Meiriceá Láir amach faoin tseacláid the, bhí siad ag iarraidh an deoch speisialta seo a bhlaiseadh fosta. Ach, ní raibh a fhios ag na grúpaí eile an dóigh le seacláid the a dhéanamh. Mar sin, choinnigh siad an tseacláid do na daoine mór le rá amháin, nó do na laochra a bhí le dul amach ag troid.
Bhí an oiread sin dúile ag na daoine i Meiriceá Láir sa tseacláid the fadó gur úsáid siad na pónairí cócó mar airgead ar feadh tréimhse fhada (cosúil leis an dóigh a mbíonn £ / € in úsáid sa tír seo anois).
Amuigh is istigh ar 500 bliain ó shin, chuaigh daoine ón Eoraip ag taiscéalaíocht go Meiriceá. Fuair cuid de na taiscéalaithe seo amach faoin tseacláid agus ghlac siad cuid seacláide ar ais chun na hEorpa leo.
Ní raibh an tseacláid the sin cosúil leis an deoch a bhíonn againn sa lá inniu, áfach. Bhí sé rud beag searbh mar nach raibh siúcra ar bith ann. Sa 17ú haois, chuaigh an Dochtúir Hans Sloane, ó Chontae an Dúin, go dtí Iamáice, áit ar bhlais sé seacláid the. Níor thaitin an deoch leis mórán. Ach, bhain sé triail as bainne te a úsáid, in áit uisce te, agus fuair sé amach go raibh sin níos deise. Nuair a tháinig sé ar ais go hÉirinn, dhíol sé an tseacláid the mar leigheas do na daoine saibhre!
Leis na céadta bliain, chreid daoine go raibh an tseacláid the sláintiúil agus maith duit. Nuair a chuaigh fir chróga ag taiscéalaíocht go dtí an Pol Thuaidh nó an Pol Theas, d’ól siad seacláid the le fuinneamh agus neart a thabhairt dóibh sna críocha fuara.
(Robert Falcon Scott agus a fhoireann taiscéalaíochta in Antartaice i 1912, pictiúr san fhearann poiblí trí Wikimedia Commons.)
Sa lá inniu, cuirimid seacláid, bainne agus siúcra le chéile le seacláid the a dhéanamh. Deoch dheas mhilis atá ann… ach b’fhéidir nach bhfuil sé chomh sláintiúil sin níos mó!
Le plé nó le déanamh
Cé acu is fearr i do bharúil, seacláid the nó barra seacláide? Mínigh do fhreagra.
An maith leat féin seacláid the? Cén bealach ar maith leat í? An gcuireann tú rud ar bith sa bhreis isteach i do sheacláid the? (Scríobh treoracha do dhaoine eile ar an dóigh a ndéanann tú seacláid the mar is maith leatsa í. Maisigh na treoracha le pictiúir/ léaráidí.)
Cuir an focal “seacláid” isteach sa bharra cuardaigh ag barr an leathanaigh agus roghnaigh alt eile le léamh le níos mó a fháil amach faoin ábhar seo.