Uimhreacha Rómhánacha

Déardaoin, an 15ú Bealtaine 2025

Má léigh tú an t-alt s’againn faoin Phápa inné, chonaic sibh gur Leon XIV an t-ainm atá ar an Phápa nua. Ciallaíonn XIV ‘14’ ar ndóigh. Sin uimhreacha Rómhánacha – an córas uimhreacha a bhíodh in úsáid sa tsean-Róimh na blianta fada ó shin.

I saol an Bhéarla, tugtar ‘Leo’ ar an Phápa. Ciallaíonn XIV ‘14’


D’úsáid na Rómhánaigh litreacha a sheas d’uimhreacha difriúla.

Chuir siad na litreacha le chéile ar bhealach speisialta le huimhreacha difriúla a dhéanamh, mar atá le feiceáil thíos. An dtig leat an dóigh a n-oibríonn an córas s’acu a mhíniú?


1: I
2: II
3: III
4: IV
5: V
6: VI
7: VII
8: VIII
9: IX
10: X
11: XI
12: XII
13: XIII
14: XIV
15: XV
16: XVI
17: XVII
18: XVIII
19: XIX
20: XX
21: XXI
22: XXII
23: XXIII
24: XXIV
25: XXV
26: XXVI
27: XXVII
28: XXVIII
29: XXIX
30: XXX
31: XXXI
32: XXXII
33: XXXIII
34: XXXIV
35: XXXV
36: XXXVI
37: XXXVII
38: XXXVIII
39: XXXIX
40: XXXX
41: XXXXI
42: XXXXII
43: XXXXIII
44: XXXXIV
45: XXXXV
46: XXXXVI
47: XXXXVII
48: XXXXVIII
49: XXXXIX
50: XXXXX
51: XXXXXI
52: XXXXXII
53: XXXXXIII
54: XXXXXIV
55: XXXXXV
56: XXXXXVI
57: XXXXXVII
58: XXXXXVIII
59: XXXXXIX
60: XXXXXX
61: XXXXXXI
62: XXXXXXII
63: XXXXXXIII
64: XXXXXXIV
65: XXXXXXV
66: XXXXXXVI
67: XXXXXXVII
68: XXXXXXVIII
69: XXXXXXIX
70: XXXXXXX
71: XXXXXXXI
72: XXXXXXXII
73: XXXXXXXIII


Is maith leis an Eaglais Chaitliceach na huimhreacha Rómhánacha a úsáid ó am go chéile mar go bhfuil an Eaglais lonnaithe sa Róimh. 


Cuir ceist ar do sheantuismitheoirí (nó sin-seantuismitheoirí) an cuimhin leo an tAifreann Laidine – bhíodh an tAifreann iomlán sa Laidin agus bhíodh droim an tsagairt leis an phobal!


Tá an-dúil ag an Eaglais Chaitliceach i seanteanga na Róimhe fosta, an Laidin. Ba ghnách gach uile Aifreann, gach áit ar domhan, a bheith sa Laidin – níor éirigh siad as an nós seo go dtí 1965!


Ach ní hiad an Eaglais Chaitliceach an t-aon dream ar domhan a úsáideann na huimhreacha Rómhánacha sa lá inniu – tá siad go fóill le feiceáil in áiteanna eile sa saol nua-aimseartha fosta.


🏛️ Má dhéanann tú staidéar ar an stair, tchífidh tú go mbíonn na huimhreacha Rómhánacha in úsáid in ainmneacha ríthe agus banríonacha ón seanam – Eilís I Shasana, Anraí VIII Shasana nó Louis XVI na Fraince, mar shampla.


Bonn airgid ón bhliain 1791 sa Fhrainc – an bhfeiceann sibh ainm an rí?


🏛️ Má cheannaíonn tú uaireadóir nó clog galánta, gach seans go bhfeicfidh tú uimhreacha Rómhánacha air.

Cén t-am é?


🏛️ Úsáidtear iad i leabhair ó am go chéile le caibidlí agus codanna eile den leabhar a mharcáil.

Cén leathanach den réamhrá ina bhfuil an ‘Réamhrá do dhaoine óga’?


🏛️ Má tá dúil agat sna scannáin agus má fhanann tú go dtí an fíordheireadh, is minic a fheicfidh tú an bhliain ina ndearnadh an scannán scríofa sna huimhreacha Rómhánacha.

Cén bhliain inar tháinig an scannán Toystory amach?

Seat scáileáin ó Youtube


🏛️ Is maith leis na Meiriceánaigh na huimhreacha Rómhánacha a úsáid sna himeachtaí spóirt s’acu. Mar shampla, imríodh Superbowl LIX (59) ar an 9ú Feabhra in New Orleans, i mbliana.


Anuradh, imríodh Superbowl LVIII (58) in Nevada 

Pic le www.nflcommunications.com trí Wikimedia Commons


Mar sin, cé nach mbeidh ort féin na huimhreacha Rómhánacha a úsáid i dteisteanna mata ar bith, ní dhéanann sé dochar ar bith rud beag eolais a bheith againn orthu, nó is cinnte go bhfeicfidh muid thart iad go fóill beag!


Níorbh iad na Rómhánaigh amháin a raibh córas uimhreacha dá gcuid féin acu. Agus muid ag smaoineamh ar uimhreacha, is minic a shíleann daoine go mbaineann na gnáth-uimhreacha (i.e. 1, 2, 3, srl.) le saol an Bhéarla, ach ní bhaineann!

Tháinig na huimhreacha a úsáidimidne inniu ón Mheán-Oirthear agus ón India. Tugtar an córas Hiond-Arabach ar an chóras uimhreacha seo. 

Faigh níos mó eolais ar an chóras uimhreacha seo agus ar chórais uimhreacha a bhí ag dreamanna eile ar domhan san Fhillteán Fíricí seo.

Le déanamh

Athraigh na huimhreacha Rómhánacha seo thíos go huimhreacha Hiond-Arabacha:

XIII
V
VI
V
XIV

meas