Na Teangacha Ceilteacha

Dé Céadaoin, an 5ú Márta 2025

Na 6 thír Cheilteacha – tá teanga dá gcuid féin ag gach tír


Sa lá inniu, deirtear go bhfuil 6 theanga Cheilteacha ann. Tá na teangacha seo uilig gaolta lena chéile. Na mílte bliain ó shin, bhí teanga amháin ann darbh ainm Ceiltís. Ach, thar am, d’athraigh an cineál Ceiltíse a labhair na pobail dhifriúla daoine. Bhí na pobail daoine seo scartha óna chéile, ar ndóigh. Thar am, d’fhás an cineál teanga a labhair na pobail dhifriúla daoine ina dteangacha nua.

Tháinig na teangacha seo uilig ó sheanteanga Cheilteach a bhí ann na mílte bliain ó shin


Smaoinigh ar na difríochtaí idir Béarla Mheiriceá agus Béarla Shasana. Deir na Sasanaigh Trousers ach deir na Meiriceánaigh Pants. Níl Diapers ar bith ag na Sasanaigh. Má iarrann Sasanach Chips i Meiriceá, ní bhfaighidh sé an rud a bhfuil sé ag súil leis. Fuaimníonn siad focail ar bhealaí difriúla fosta. Ach tuigeann Meiriceánaigh agus Sasanaigh a chéile mar go mbíonn siad i dteagmháil go rialta mar go gcluineann siad a chéile i scannáin agus ar an teilifís.

Má fhaigheann tú chips sna Stáit Aontaithe – ná bí ag dúil le hanlann dearg a chur orthu!


Ach, samhlaigh saol gan teilifís agus gan idirlíon. Samhlaigh Béarla Shasana agus Béarla Mheiriceá a bheith scartha óna chéile ar feadh míle bliain, agus focail nua ag fás sa dá theanga agus an dóigh a bhfuaimníonn siad rudaí ag athrú. Cé chomh cóngarach is a bheadh an dá theanga i ndiaidh an ama sin? Sin mar a fhásann teangacha nua agus sin mar a d’fhás na 6 theanga Cheilteacha atá againn inniu ón tsean-Cheiltís.

Cuireann teangeolaithe na teangacha seo isteach in dhá ghrúpa:

Teangacha ‘Q-Cheilteacha’ (nó na teangacha Gaelacha)

Gaeilge na hÉireann (Gaeilge)

Gaeilge na hAlban (Gàidhlig)

Gaeilge Oileán Mhanann (Gaelg)


Agus…


Teangacha ‘P-Cheilteacha’ – (nó na teangacha Breatnacha)

An Bhreatnais (an Bhreatain Bheag – Cymraeg) 

An Bhriotáinis (an Bhriotáin – sa Fhrainc – Brezhoneg)

An Choirnis (Corn na Breataine – Kernewek)


Na fuaimeanna Q agus P

Is fuaimeanna iad an Q agus an P seo. Go minic, má bhíonn focal ann a thosaíonn leis an fhuaim Q sna teangacha Gaelacha, beidh an focal céanna ann ach fuaim P ag an tús sna teangacha Breatnacha. 

Mar shampla…

(Is é Peran Naomhphátrún Chorn na Breataine, ach Ciarán an t-ainm a thug na Gaeil air. An focal céanna, a bheag nó a mhór, ach túsfhuaim dhifriúil! Faigh níos mó eolais ar Lá Fhéile Peran san alt seo agus ar shaol an Naoimh agus é in Éirinn san alt seo.)


Taobh amuigh de na focail C agus P, tá go leor focal atá a bheag nó a mhór mar an gcéanna go fóill sna teangacha Ceilteacha – thig leat iad a fhiosrú anseo.


Cosúlachtaí idir na teangacha Ceilteacha

Tá cuid mhór de na focail sna teangacha Gaelacha agus sna teangacha Breatnacha iontach difriúil lena chéile. Ní bheadh Gaeilgeoir ábalta Breatnais a thuiscint, mar shampla. Ach, creid é nó ná creid, tá na rialacha sna teangacha uilig iontach cosúil lena chéile.

Bíonn ord na bhfocal a bheag nó a mhór mar an gcéanna. Cuirimid an briathar ag tús na habairte, mar shampla.

Ceann de na tréithe móra eile atá i gcoitinne ag na teangacha Ceilteacha ná an dóigh a n-athraímid an fhuaim ag tús na bhfocal ó am go ham.


Mar shampla, i nGaeilge, is é a bheadh againn ná:

Corcaigh, ach i gCorcaigh. Ag taisteal ó Chorcaigh go Ciarraí.


Sa Bhreatnais, bheadh:

Cymru – an Bhreatain Bheag, ainm na tíre;

ach

Merch ó Gymru – Cailín as an Bhreatain Bheag;

agus

yng Nghymru – In Cymru – sa Bhreatain Bheag.


Merch ó Gymru – Cailín as an Bhreatain Bheag (Cymru)!


Sláinte na dTeangacha Ceilteacha

As na teangacha seo uilig, is iad an Bhreatnais agus an Ghaeilge is láidre. Tá líon measartha de chainteoirí dúchais ann agus labhraíonn na daoine seo an teanga lena bpáistí. Ciallaíonn sé seo go bhfásfaidh na páistí suas ina gcainteoirí Gaeilge agus Breatnaise. Tá dlíthe ann fosta sa Bhreatain Bheag agus i ndeisceart na hÉireann, leis an teanga a chosaint. Ar a bharr sin, tá go leor Gaelscoileanna againne in Éirinn agus scoileanna Breatnaise ann sa Bhreatain Bheag ina dtig le páistí nach cainteoirí dúchais iad an teanga a fhoghlaim. 

I nGaeltachtaí na hÉireann, labhraíonn tuismitheoirí Gaeilge lena bpáistí. Tarlaíonn seo sa Bhreatain Bheag fosta.
Tá áit thábhachtach ag an Bhreatnais sna scoileanna sa Bhreatain Bheag – tá go leor Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta againne fosta


Tá cainteoirí dúchais Gàidhlig ann in Albain, ach is seandaoine iad cuid mhaith acu. Ní chuirfidh siad an teanga ar aghaidh chuig páistí. Tá dlíthe ann in Albain leis an teanga a chosaint agus tá Gaelscoileanna acu ach níl an Ghàidhlig chomh láidir céanna leis an Ghaeilge ná leis an Bhreatnais.

Tá dlíthe ann leis an Ghàidhlig a chosaint agus tá cainteoirí dúchais ann agus scoileanna Gàidhlig ach níl sí chomh sláintiúil céanna is atá an Ghaeilge – an aithníonn tú ceann ar bith de na focail Ghàidhlige?

Pic le D MacDonald / Shutterstock.com


Tá an scéal rud beag difriúil arís sa Bhriotáin. Sa lá atá inniu ann, tá an Bhriotáin mar chuid den Fhrainc ach ní dhéanann Rialtas na Fraince mórán leis an teanga a chosaint – a mhalairt atá fíor, leis an fhírinne a dhéanamh. Bíonn an Rialtas ag iarraidh an Fhraincis a chur chun cinn agus teangacha eile a ligean i ndearmad. Tá a lán cainteoirí dúchais Briotáinise ann ach is seandaoine iad an chuid is mó acu. An bhuairt atá ann, nuair a gheobhaidh na daoine seo bás, go bhfaighidh an teanga bás fosta. Tá scoileanna Briotáinise ann ach déanann Rialtas na Fraince an saol iontach deacair dóibh.

Ní thugann Rialtas na Fraince mórán tacaíochta don Bhriotáinis ach bíonn roinnt comhairlí áitiúla sa Bhriotáin ag tacú léi 


Fuair an cainteoir Manainnise deireanach bás in 1974 ach bíonn daoine go fóill ag iarraidh an teanga a fhoghlaim agus a choinneáil beo. Tá Gaelscoil amháin ann ar Oileán Mhanann agus deir 1,800 duine go bhfuil eolas éigin ar an Mhanainnis acu.

‘Ród na bhFaoileán’ ar Oileán Mhanann. Níl cainteoirí dúchais ar bith fágtha ach tá Gaelscoil ag Oileán Mhanann 


Fuair an cainteoir deireanach Coirnise bás in 1777, ach rinne go leor daoine iarracht an teanga a chaomhnú i leabhair. Sa lá atá inniu ann, tá daoine ag iarraidh an teanga a athbheochan. Deir 3000 duine go bhfuil eolas éigin orthu ar an teanga.

I gCorn na Breataine, fuair na cainteoirí dúchais bás i bhfad ó shin ach tá daoine ann atá ag iarraidh a dteanga agus a gcultúr a choinneáil beo! 

Pic le Geof Sheppard CC BY-SA 4.0/Wikimedia Commons


An Todhchaí 

Tá cainteoirí na dteangacha Ceilteacha uilig buartha faoi thodhchaí na teanga s’acu. Is mionteanga í gach ceann de na teangacha Ceilteacha. Ba mhaith le daoine a dteanga a choinneáil mar theanga bheo ach ní bhíonn sé seo furasta, nuair a bhíonn mórtheanga, cosúil leis an Bhéarla nó an Fhraincis, ag cur brú orthu. An chomhairle is mó a bheadh againn uilig, ná Beatha Teanga í a Labhairt!

Pictiúr le Charos Pix trí Flickr CC BY-NC-SA 2.0


meas