Gool Peran Lowen!

Dé Céadaoin, an 5ú Márta 2025


Daoine ar mhórshiúl chuig sean-séipéal Naomh Peran i gCorn na Breataine


Tá lá mór ann inniu…má chónaíonn tú i gCorn na Breataine. Inniu ‘Lá Fhéile Peran’. Is é Naomh Peran an naomhphátrún atá ag na Cornaigh – sin muintir Chorn na Breataine. Ach cérbh é an Peran seo, cé hiad na Cornaigh, agus cad chuige a bhfuil sibhse ag léamh fúthu ar NuachtAnois

Naomh Peran – cérbh é?


Bhuel, tá ceangal idir Éire, Corn na Breataine agus Naomh Peran ar níos mó ná bealach amháin. Sa lá atá inniu ann, is contae é Corn na Breataine – an contae is faide ó dheas agus is faide siar i Sasana.

Corn na Breataine


I bhfad siar sa stair, áfach, bhí sé de chlú ar Chorn na Bhreataine gur tír a bhí ann, tír Cheilteach, cosúil le hÉirinn…

Na 6 thír Cheilteacha – Corn na Breataine ar cheann acu


Bhí a dteanga féin ag na Cornaigh (an Choirnis) – teanga Cheilteach, cosúil le teanga na hÉireann…

Dolly Pentreath – an cainteoir dúchais Coirnise deireanach, más fíor. Fuair sí bás in 1777 ach rinne daoine difriúla iarracht an teanga a choinneáil beo agus tá go leor daoine ann go fóill a bhíonn ag iarraidh Coirnis a fhoghlaim


Agus Naomh Peran, ní hé go raibh sé cosúil le naomh Éireannach – BA NAOMH ÉIREANNACH É! Naomh Ciarán an t-ainm a bhí air agus ba as Cúige na Mumhan dó! Thug na Cornaigh Peran air.

Naomh Peran (nó Naomh Ciarán, mar a bhí aithne againne air!) – faigh amach faoina thuras go Corn na Breataine anseo!


Déanann daoine Lá Fhéile Peran a cheiliúradh gach bliain ar an 5ú Márta. Bíonn mórshiúl ann in áit darb ainm Perranporth – an áit ar thóg Ciarán séipéal nuair a chuaigh sé go dtí Corn na Breataine ar dtús. Gléasann daoine suas agus iompraíonn roinnt daoine bratach Chorn na Breataine. 

Cros bhán ar chúlra dubh, tugtar Cros Pheran uirthi. Sin bratach Chorn na Breataine


Baineann ceann de na scéalta is clúití faoi Pheran leis an stán. Is cineál miotail é stán (an bhfuil feadóg stáin agat?). Déanann daoine mianadóireacht le stán a bhaint amach as an talamh agus tá clú ar Chorn na Breataine as a chuid mianach stáin. 

Is cloch chrua é eibhear. Tá go leor de ar fáil i gCorn na Breataine


Bhí tinteán ag Peran a rinne sé as cloch dhubh darb ainm eibhear. Thóg sé an chloch ón talamh, taobh lena theach. Oíche amháin, bhí tine mhór thíos aige agus thosaigh miotal geal leáite ag sileadh amach as an eibhear – stán a bhí ann!

Sna seanscéalta, deirtear gurbh é Naomh Peran a fuair amach go raibh cuid mhór stáin thíos faoin talamh i gCorn na Breataine


Úsáidtear stán le feadóga stáin a dhéanamh – agus le bia a stóráil!


Dúirt sé le gach duine faoin mhiotal agus roimh i bhfad, thosaigh daoine a mhianadóireacht le níos mó stáin a fháil amach as an talamh. Mar sin, ní hamháin gurb é Peran naomhphátrún Chorn na Breataine, is naomhphátrún na mianadóirí é fosta! Tugtar ‘Cros Pheran’ ar bhratach Chorn na Breataine – cros bhán ar chúlra dubh. Seasann an bán do sholas Dé sa dorchadas, agus don stán geal agus an chloch dhorcha!

Sean-mhianach stáin i gCorn na Breataine – druideadh an ceann deireanach in 1998 


Le plé / le déanamh

Déan rud beag taighde ar líne. Is é Naomh Pádraig naomhphátrún na hÉireann agus Naomh Peran naomhphátrún Chorn na Breataine. Cé hiad naomhphátrún na hAlban, naomhphátrún na Breataine Bige, naomhphátrún Mhanann agus naomhphátrún na Briotáine (sin na tíortha Ceilteacha uilig)?

Níl cainteoirí dúchais Coirnise ann níos mó, ach bíonn daoine ag iarraidh í a fhoghlaim. Má chailltear teanga, an féidir í a thabhairt ar ais mar ghnáth-theanga? Cad iad na dúshláin a bhíonn ann?


meas