Ciarán Chorn na Breataine

Déardaoin, an 6ú Márta 2025

Dúirt muid libh inné faoi naomhphátrún Chorn na Breataine – Naomh Peran, nó Naomh Ciarán, mar ab fhearr aithne air ar an taobh seo den Mhuir Cheilteach. Níor mhínigh muid, áfach, an fáth ar imigh sé, nó ar caitheadh amach é, as Éirinn.

An Mhuir Cheilteach an t-ainm atá ar an cheantar den fharraige idir Éire, Corn na Breataine agus an Bhriotáin


Sula ndeachaigh sé thar sáile, bhí Ciarán ina chónaí i gContae Thiobraid Árann, i gCúige na Mumhan. Ba shagart é agus bhí meas mór ag na daoine air. 

Aonghas, rí na Mumhan. Bhí dún mór aige i gCaiseal, contae Thiobraid Árann


Ag an am sin, ba é Aonghas rí na Mumhan. Ba rí láidir cumhachtach é. Bhí sé ar dhuine de na chéad rithe in Éirinn a d’iompaigh ina Chríostaí, i ndiaidh do Naomh Pádraig labhairt leis faoi Íosa agus faoi shoiscéal Dé.

Cláirseoirí


Bhí seachtar cláirseoirí ag Aonghas. Bhí siad ar an seachtar cláirseoirí ab fhearr in Éirinn. Bhí guth binn ceoil ag gach aon duine acu fosta. Lá gaofar amháin, áfach, agus iad ag iarraidh talamh bog fliuch a thrasnú, thit siad isteach san uisce agus bádh iad uilig. Ní raibh fágtha ach na seacht gcláirseach. Chroch Aonghas na cláirseacha ar chrann le go ndéanfadh an ghaoth ceol brónach leo. Bhí Aonghas croí-bhriste.


Chuala Ciarán an scéal seo agus d’fhan sé ina shuí trí lá agus trí oíche, ag guí gan stad. Sa deireadh, thug Dia na cláirseoirí ar ais d’Aonghas. Bhí Aonghas iontach sásta agus iontach buíoch de Chiarán. Rinne sé comhairleoir de Chiarán agus ba ghnáth leis dul chuige nuair a bheadh fadhb aige. 

Chuaigh Aonghas chuig Ciarán lena fhaoistin a dhéanamh, agus le comhairle a fháil fosta – ach ní raibh sé i gcónaí sásta glacadh leis an chomhairle sin!


Lá amháin, dúirt Aonghas le Ciarán go raibh sé ag éirí tinn tuirseach dá bhean chéile agus go raibh sé ag iarraidh bean nua a fháil. Dúirt Ciarán leis nach raibh sé sin ceart ná cóir. Bhí Aonghas ar buile. Fuair sé cloch mhór agus cheangail sé an chloch de chos Chiaráin le slabhra – ansin, chaith sé Ciarán, agus an chloch, isteach san fharraige!


Ach, in áit dul síos go tóin poill, d’fhan an chloch ar snámh agus thóg na tonnta Ciarán amach chun na farraige. Faoi dheireadh, tháinig sé i dtír i gCorn na Breataine. Ba ansin a thuig sé an plean a bhí ag Dia dó. Go díreach mar a rinne Pádraig in Éirinn, thosaigh Ciarán ar shoiscéal Dé a scaipeadh ar na Cornaigh.


Thóg sé séipéal beag in áit darb ainm Perranporth (Port Chiaráin sa Choirnis). Thug na Cornaigh Peran air. Bhí dúil mhór aige sa scéalaíocht agus sa cheol agus bhí dúil mhór ag muintir Chorn na Breataine ann féin fosta, go fiú nuair a bheadh sé ag rá leo na rudaí ba cheart agus nár cheart dóibh a dhéanamh.


Le plé / le déanamh

Cad iad na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir scéal Naomh Ciarán/Peran agus scéal Naomh Pádraig?


Fiosraigh

Tugadh Ciarán ar an naomh seo in Éirinn ach tugadh Peran air nuair a chuaigh sé go Corn na Breataine. Ar mhaith leat a fháil amach cén fáth? Léigh an Fillteán Fíricí seo!



Sa scéal seo, nuair a fuair na cláirseoirí bás, sheinn an ghaoth ceol brónach ar na cláirseacha. Bhí trí chineál ceoil ag na Gaeil – ceol brónach, ceol suaimhneach agus ceol bríomhar.

🎶 Tugaimid goltraí ar cheol brónach sa Ghaeilge, is focal eile ar ‘chaoineadh’ é gol.

🎶 Tugaimid suantraí ar cheol deas suaimhneach. Ciallaíonn suan ‘codladh’.

🎶 Tugaimid geantraí ar cheol bríomhar, a chuirfeadh spion maith ort. Ciallaíonn gean ‘spion maith’, ciallaíonn gean gáire ‘aoibh an gháire’.


meas