Comórtas Greannán

Dé Céadaoin, an 10ú Meitheamh 2026


An maith leat do scéalta féin a chumadh agus a mhaisiú? Nó, an bhfuil suim agat greannáin a léamh?

(stíl ghreannáin)


Bhuel, más suim leat an ealaín agus an scéalaíocht, molaim duit páirt a ghlacadh i gcomórtas speisialta do scríbhneoirí óga a bhfuil Gaeilge acu - Comórtas Greannán an Oireachtais. Is comórtas náisiúnta é seo agus bíonn sé á reáchtáil gach bliain mar chuid den fhéile Ghaeilge is mó sa tír - Oireachtas na Gaeilge.


Tá comórtas an Bhunleibhéil oscailte do dhaltaí i Ranganna 3 - 6 (Sin Ranganna 5, 6 agus 7 sna Sé Chontae). Agus má tá tú níos sine ná sin, tá comórtas greannán difriúil ar siúl do dhaltaí an Iar-bhunleibhéil. Ach, an rud is fearr, tá duaiseanna flaithiúla ar fáil!


Ar ndóigh, tá go leor stíleanna éagsúla greannán ann. Thiocfadh leat scéal a dhearadh i stíl Animé, Manga, Disney nó The Simpsons, go fiú, gan ach roinnt stíleanna difriúla a ainmniú. Le fírinne, tá an iliomad féidearthachtaí agat.


Mar sin de, anois an t-am le bheith ag smaoineamh agus ag tarraingt. Cuir peann (nó peann luaidhe) le páipéar agus dear do scéal beag féin i stíl ghreannáin. An spriocdháta d’iarratais i mbliana ná an 1 Iúil 2026. Go n-éirí libh!


Tá foirmeacha iontrála agus eolas faoi na rannóga uile den chomórtas ar fáil anseo.

Is féidir amharc ar shaothar bhuaiteoirí 2025 anseo


Ceisteanna

  1. Cad é an phríomhtheachtaireacht atá ag an alt seo?
  2. Cé hiad na bliainghrúpaí a bhfuil an comórtas seo oscailte dóibh?
  3. Cad iad na stíleanna éagsúla greannán atá luaite san alt?
  4. Cad é an spriocdháta do na hiarratais?
  5. Cá háit ar féidir le daltaí teacht ar eolas breise nó ar fhoirmeacha iontrála?


Le plé agus le déanamh

  • Stíl: Dá mbeadh ort greannán a tharraingt, cén stíl (Animé, Manga, Disney, etc.) a roghnófá? Cén fáth?
  • Ábhar: Cad iad na cineálacha scéalta atá ag fóirstean do ghreannán gearr i do bharúil? Mar shampla, ábhar grinn / fantasaíochta / staire / scéinséara, srl?
  • Príomhcharachtar a chruthú: Dear príomhcharachtar nua do do ghreannán. Smaoinigh ar a (h)ainm, a c(h)umhachtaí, agus an fáth a bhfuil sé / sí ag gabháil do na heachtraí atá ar siúl aige / aici. Scríobh síos trí rud spéisiúla faoi do charachtar.
  • Athbhreithniú ar na Buaiteoirí: Amharc ar shaothar na mbuaiteoirí anuraidh. Roghnaigh ceann amháin de na saothair sin agus inis do do rang an fáth a dtaitníonn sé leat.
  • Scéal a phleanáil: Scríobh 'plean' nó clár scéil do ghreannán gairid ina bhfuil 6 fhráma shimplí. Cad é a tharlaíonn ag an tús, sa lár agus ag an deireadh?


meas