Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tháinig na mílte Gaeilgeoir, idir óg agus aosta, go Béal Feirste an tseachtain seo caite. Tháinig siad ó fud fad na tíre seo, agus ó thíortha eile i gcéin. Agus cad chuige a raibh na sluaite ag teacht go Béal Feirste? Bhuel, bhí siad ann le freastal ar an imeacht Gaeilge is mó sa bhliain - Oireachtas na Samhna.

Is féile mhór na Gaeilge é an tOireachtas. Tarlaíonn sé gach bliain thart faoi Oíche Shamhna. Ach ní chomh minic sin a bhíonn sé ag tarlú i gCúige Uladh. Níorbh é seo ach an dara huair don fhéile titim amach i mBéal Feirste. Ba é 1997 an bhliain dheireanach ina raibh an tOireachtas i mBéal Feirste.)

Ach cad chuige a dtagann daoine le chéile don Oireachtas agus cad é a dhéanann siad ann? Bhuel, is ócáid cheiliúrtha í. Bíonn páistí agus daoine fásta ag ceiliúradh theanga na tíre seo.

Tarlaíonn a lán imeachtaí éagsúla i rith an Oireachtais. Mar shampla, bíonn comórtais ann - comórtais amhránaíochta, damhsa, ceoil, scríbhneoireachta, srl. I mbliana, den chéad uair riamh, bhí Comórtas na gCór Bunscoile ann.
Chomh maith leis sin, bíonn cruinnithe, ceolchoirmeacha agus seisiúin cheoil ann. Déantar cláir raidió agus teilifíse le linn an Oireachtais fosta.

Comórtas amháin eile a bhí úrnua ag an Oireachtas i mbliana ná an Comórtas Rapcheoil do dhaoine óga. Cuireadh iontas ar na páistí a bhí istigh sa chomórtas seo nuair a fuair siad amach cérbh iad na moltóirí ar an chomórtas sin - Móglaí Bap agus DJ Próvaí ón bhanna ceoil Kneecap.
Mura n-oibríonn an físeán seo ar scoil — cliceáil anseo.
Ceisteanna Tuisceana
Le plé nó le déanamh
1. Aimsigh na focail seo san alt agus mínigh cad é an chiall atá acu:
2. Clár na hócáide: Dá mbeifeá le Clár na Féile a chur le chéile d’Oireachtas na Samhna 2026, cad iad na comórtais agus na himeachtaí a chuirfeá isteach ann do na páistí? Cad chuige a gcuirfeá na himeachtaí sin ar siúl?
3. Rapcheol: Scríobh rap thú féin, nó i ngrúpa le cairde, faoi do scoil / do chlub spóirt / do theaghlach nó do shaol féin.
4. Léarscáil: Aimsigh Béal Feirste ar léarscáil na tíre. An bhfuil se i bhfad ó do bhaile féin? Cén chúige ina bhfuil tú féin i do chónaí?