Beidh lá eile ag an bPaorach!

Dé hAoine, an 24ú Aibreán 2026

Na seanfhocail eile sa Ghaeilge, ní bhímid i gcónaí cinnte cén áit nó cén uair a fuair muid iad. Ach an seanfhocal seo, ní hamháin go bhfuil a fhios againn cé a dúirt é ar dtús, tá a fhios againn an áit, agus an uair a dúirt sé é. 

Bratach na nÉireannach Aontaithe – bhí siad ag iarraidh poblacht a bhunú in Éirinn, saor ón Bhreatain, ina mbeadh cearta cothroma ag gach duine sa tír


Sa bhliain 1798, thosaigh grúpa darbh ainm Na hÉireannaigh Aontaithe éirí amach in éadan riail na Breataine in Éirinn. Bhí idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh sna hÉireannaigh Aontaithe agus bhí siad ag iarraidh saoirse a bhaint amach d’Éirinn.

Cuid mhaith de cheannairí na nÉireannach Aontaithe, ba Phrotastúnaigh iad. Chuaigh Theobald Wolfetone (culaith ghlas shaighdiúra, ag an fhuinneog ar chúl) chuig an Fhrainc le cuidiú a fháil ó na Francaigh


Bhí fear darbh ainm Éamonn de Paor i gceannas ar na hÉireannaigh Aontaithe i bPort Láirge. Níor éirigh leis an réabhlóid. Ghabh na Sasanaigh cuid mhaith de na ceannairí agus chuir siad chun báis iad. I mí Mheán Fómhair, 1799, ghabh siad Éamonn de Paor agus dhaor siad chun báis é. 

Daoradh Éamonn de Paor chun báis as tréas


Ar an 22ú Deireadh Fómhair, 1799, glacadh Éamonn suas chuig seomra ar an dara hurlár de theach, ar an phríomhshráid i nDún Garbhán agus cuireadh rópa thart a mhuineál. Ach, sular bhrúigh saighdiúirí Shasana amach ar an fhuinneog é, is iad na focail dheireanacha a dúirt Éamonn de Paor ná, Beidh lá eile ag an bPaorach!


Is é an rud a bhí i gceist aige ná, ní raibh an bua againn inniu ach beidh lá eile againn, agus beidh an bua againn ansin.

Má bhíonn d’fhoireann spóirt ag imirt i gcluiche tábhachtach, agus má chailleann sibh, thiocfadh leat a rá le do chomh-imreoirí, ná bígí buartha, beidh lá eile ag an bPaorach! Thiocfadh libh uilig díriú ar chomórtas na chéad bhliana eile.

💼

Má chuireann tú isteach ar phost agus mura bhfaigheann tú an post, b’fhéidir go ndéarfadh duine leat, beidh lá eile ag an bPaorach! – ná bí buartha faoin cheann seo, gheobhaidh tú ceann eile!

📝

Má dhéanann tú teist nó scrúdú agus mura mbíonn tú sásta le do scór – thiocfadh leat a rá leat féin, beidh lá eile ag an bPaorach agus do dhícheall a dhéanamh scór níos fearr a fháil an chéad uair eile!


Seanfhocal eile a bhfuil baint aige leis an stair ná Tír gan teanga, tír gan anam. Tá muid measartha cinnte gurbh é Pádraig Mac Piarais a chum an ceann seo (ach níl muid cinnte cá huair nó cá háit ar úsáid sé ar dtús é).

Bhí ról lárnach ag Pádraig Mac Piarais in Éirí Amach na Cásca, 1916. Mar a tharlaíonn sé, thosaigh an tÉirí Amach ar an dáta seo, an 24ú Aibreán, 110 bliain ó shin. 


Ar ndóigh, níor éirigh leis an Phiarsach saoirse a bhaint amach d’Éirinn in 1916, ach bíodh geall go raibh go leor daoine ann, nuair a bhí an réabhlóid sin thart, a dúirt Beidh lá eile ag an bPaorach!


Le plé

Cad é a bhí i gceist ag Éamonn de Paor, dar leat, nuair a dúirt sé Beidh lá eile ag an bPaorach? An é gur cheap sé nach bhfaigheadh sé bás?


Tá cúpla cás ina dtiocfadh leat an seanfhocal seo a úsáid luaite san alt, mar rang, an féidir libh smaoineamh ar chásanna eile?


meas