Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Is dócha gur ‘sean-go-leor-fhocal’, seachas fíor-sheanfhocal, é seanfhocal na seachtaine seo…Ach, ós rud é go mbeidh Seachtain na Gaeilge ag tosú ag an deireadh seachtaine, agus ós rud é go bhfuil teachtaireacht chomh láidir tábhachtach sin ag baint leis, shíl muid go raibh áit tuillte aige ar ár liosta seanfhocal.

Ní fíor-sheanfhocal é mar go gceapann daoine gurbh é Pádraig Mac Piarais a tháinig aníos le ‘Tír gan teanga, tír gan anam’. Is pearsa iontach clúiteach é an Piarsach i stair na hÉireann. Bhí sé ar dhuine de cheannairí Éirí Amach na Cásca in 1916. Ach téann clú agus tábhacht an Phiarsaigh i bhfad níos faide ná 1916 amháin.
Tá sráideanna, foirgnimh agus gach sórt cumainn, fud fad na tíre ainmnithe in ómós Phádraig Mhic Phiarais
Ba scríbhneoir é agus b’oideachasóir é. Scríobh sé faoin chóras oideachais a bhí ag na Sasanaigh in Éirinn. I scoileanna na tíre an t-am sin, ní raibh cead ag páistí Gaeilge a labhairt agus bhí orthu foghlaim faoi stair na Breataine agus faoi Impireacht na Breataine, seachas stair a dtíre féin. Thug an Piarsach ‘the Murder Machine’ ar an chóras oideachais seo. Shíl sé gur plean slítheánta glic a bhí ann, ní hamháin le féiniúlacht na nÉireannach agus leis an Ghaeilge a mharú ach le samhlaíocht agus cruthaitheacht an pháiste a mharú chomh maith.
Seanfhoirneamh scoile i nGleann Fearna i gContae Liatroma – áit ar fhoghlaim páistí na hÉireann faoi rithe agus banríonacha Shasana, áit ar fhoghlaim siad gurbh í Impireacht na Breataine an impireacht is fearr ar domhan agus áit ar fhoghlaim siad Béarla snasta!
Thuig Pádraig Mac Piarais go bhfuil áit lárnach ag an Ghaeilge inár bhféiniúlacht mar dhaoine. Thuig sé gur nasc í an teanga lenár stair, leis na daoine a chuaigh romhainn agus leis an talamh. Má tá Gaeilge agat, tuigeann tú an draíocht agus an ceol atá sna logainmneacha thart timpeall ort.
Cliceáil nó cuir do luchóg thar logainm le samhlaíocht na sean-Ghael a fheiceáil
Tuigeann tú an tsamhlaíocht a bhí ag na sean-Ghaeil nuair a thug siad na hainmneacha difriúla ar na plandaí agus ar na hainmhithe thart timpeall orainn. Tuigeann tú an saibhreas agus an chlisteacht a bhí acu nuair a chuir siad traidisiún na scéalaíochta agus an cheoil síos, ó ghlúin go glúin, chugainne – traidisiún atá clúiteach fud fad an Domhain!
Tá samhlaíocht iontach ag baint le cuid de na hainmhithe agus plandaí atá againn!
Is rud iontach tábhachtach é an t-anam i gcuid mhór cultúr. Síleann daoine go bhfuil anam istigh i ngach duine againn ach ní thig leat é a fheiceáil. Is é d’anam, d’intinn, do chuid smaointe agus do chuid mothúchán – an rud a choinníonn ag dul thú! Creideann a lán daoine ar fud an Domhain go maireann d’anam go deo, go fiú i ndiaidh do do chorp bás a fháil. Mar sin, má chreideann tú an seanfhocal ‘Tír gan teanga, tír gan anam’ – tuigeann tú cé chomh tubaisteach is a bheadh sé, dá gcaillfeadh muintir na hÉireann an Ghaeilge.

Tuigimid uilig go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú – i gcontúirt go fiú. Ach is deis í Seachtain na Gaeilge lena thaispeáint don Domhan mór cé chomh saibhir agus chomh bríomhar is atá ár dteanga!
Ceisteanna le freagairt
Cén fáth nach fíor-sheanfhocal é “Tír gan teanga, tír gan anam”?
Cén ról a bhí ag Pádraig Mac Piarais in Éirí Amach na Cásca?
Cén fáth ar thug an Piarsach The Murder Machine ar an chóras oideachais a bhí sa tír?
Ar fhoghlaim na páistí faoi stair na hÉireann ar scoil? Cén fáth?
Cad é an rud a shíl an Piarsach a bhí an córas scolaíochta ‘ag marú’ i bpáistí na hÉireann?
Cad é a bhí i gceist ag Pádraig Mac Piarais le “Tír gan teanga, tír gan anam”?
Le plé
🌀 An síleann tusa go bhfuil áit tuillte ag Tír gan teanga, tír gan anam, ar liosta na seanfhocal?
🌀 Faigheann teangacha bás an t-am ar fad – amharc ar an Laidin, mar shampla – níor cheart dúinn bheith buartha faoi!
Cad é do bharúil den tuairim sin?
🌀 An bhfuil eolas agat ar theangacha ar bith eile atá i gcontúirt? Cén fáth, dar leat, a dtarlaíonn sé seo do roinnt teangacha?
🌀 Má chaillimid an Ghaeilge, beidh ceol traidisiúnta agus spóirt Ghaelacha againn go fóill, mar sin, ní drochscéal a bheas ann!
Cad é do bharúil faoin ráiteas thuas?
