Ní breáthacht a dhéanann brachán!

Dé hAoine, an 10ú Deireadh Fómhair 2025



Ciallaíonn breáthacht, cuma dheas a bheith ar dhuine nó rud. Bhain an seanfhocal seo leis an phósadh. 

Is é a bhí i gceist leis, agus tú ag roghnú céile pósta, gurbh fhearr duit gan do rogha a bhunú ar an chuma a bhí ar an duine, amháin. Bhí an seanfhocal ag comhairliú duit a chinntiú go mbeadh an duine ina chéile úsáideach ar bhealaí eile. Gach seans go bhfuil sé nó sí dóighiúil – ach an dtig leis nó léi brachán a dhéanamh duit?!? 

Mar sin, an chiall atá leis an seanfhocal, ná, ‘tá cuma mhaith ar an duine/an rud sin cinnte – ach an dtig leis rud ar bith eile úsáideach a dhéanamh?

Ní chaithfidh tú cuma an chapaill rása a bheith ort leis an rás a bhuachan!


Thiocfadh leat an seanfhocal a úsáid agus tú ag caint ar dhuine, nó go fiú ar charr nua nó go fiú capall nua! Mar a léigh muid in alt an lae inné, bhíodh an brachán tábhachtach go leor do na sean-Ghaeil!


Is nós leis na hÉireannaigh a gcuid bracháin a dhéanamh as coirce. Tá go leor logainmneacha in Éirinn a bhfuil an focal coirce iontu. Léiríonn sé seo gur ghnách le daoine coirce a fhás sna háiteanna seo lá den saol.


Bhí an brachán luaite sna sean-dlíthe* a bhíodh ag na Gaeil. Bhí rialacha ann faoin chineál bracháin a bhí le tabhairt do chineálacha difriúla páistí:

🥣 Fuair páistí na ndaoine tábhachtacha (páistí na gceannairí agus na dtaoiseach) brachán déanta as cruithneacht, bainne, im úr agus mil. 

🥣 Fuair páistí na ndaoine nach raibh chomh tábhachtach sin, brachán déanta as coirce, bláthach agus sean-im.


Ceolaimis…


Bhí an brachán iontach tábhachtach do Ghaeil na hAlban fosta. Tá amhrán iontach clúiteach acusan faoin chineál is measa de bhrachán a thig leat a fháil – brachán lom tanaí. Is brachán iontach uisciúil, ar bheagán blais atá ann…ceol leat!

Brochan lom, tana lom, brochan lom na sùghain’ – Brachán atá lom, tanaí agus lom, brachán lom an tsuáin.

(Ciallaíonn sughàn, nó suán, i nGaeilge na hÉireann, ‘sú nó uisce a bhfágann tú an coirce ann le héirí bog’).

Don mhúinteoir – níos mó liricí anseo.



Luaigh muid in alt an lae inné go bhfuil an brachán maith duit. Tá sé breá sláintiúil agus líonann sé do bholg – ach ní eolas nua é sin. Bhí rí ann fadó fadó darbh ainm Flann Fína mac Ossu. Fuair sé bás ar an 14ú Nollaig, sa bhliain 704 (nó 705 – níl muid cinnte!) Bhí sé de chlú air go raibh sé iontach cliste agus rinne a lán scoláirí staidéar ar na rudaí a scríobh sé.

Bhí cur síos iontach gairid ag Flann ar an bhrachán (sa tsean-Ghaeilge, ar ndóigh):

Ad-cota brothchán bithnert!


I nGaeilge an lae inniu, ciallaíonn sé sin:

Tugann brachán neart!




meas