Is maith an tAnlann an tOcras

Dé hAoine, an 3ú Deireadh Fómhair 2025



Is é an chiall atá leis an seanfhocal seo ná, ‘má tá tú ocrach go leor, ní bheidh anlann de dhíth ort ar do chuid bia – íosfaidh tú rud ar bith!’

Bhí an seanfhocal seo in úsáid fud fad na hÉireann.

Is é an chiall a bhí le hanlann fadó in Éirinn, ná rud ar bith a chuirfeadh blas breise ar bhia – salann, nó piobar, nó mustard, mar shampla.

Ansin, sna blianta 1700 agus 1800, nuair a bhíodh na daoine ag brath ar phrátaí mar bhia – fuair siad prátaí don bhricfeasta, don lón agus don suipéar – má fuair siad rud ar bith sa bhreis, a chuirfeadh le blas na bprátaí, thug siad anlann air. Mar sin, thug siad anlann ar bhia blasta ar bith – feoil nó iasc, mar shampla. Thug siad anlann ar im, nó chuir an t-im go mór le blas na bprátaí.

Sa lá atá inniu ann, ciallaíonn anlann ‘rud a théann go maith le bia agus a chuireann blas leis’. Tá cuid mhór cineálacha difriúla anlann againn sa lá atá inniu ann.

Bialann i gCloich na Caoillte, Contae Chorcaí – gheofá anlann go leor anseo!

Grianghraf le Jim Ó hEaráin



meas