Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Beidh lá mór ann i ndeisceart na tíre amárach. Beidh na mílte mílte duine ag dul amach le vóta a chaitheamh sa toghchán, leis an chéad rialtas eile a thoghadh. Tá roinnt páirtithe difriúla ag seasamh sa toghchán, agus go leor daoine neamhspleácha chomh maith.
Faigheann gach Teachta Dála suíochán amháin sa Dáil, tá 174 suíochán ann san iomlán
San iomlán, tá 174 suíochán ann i nDáil Éireann. Mar sin, más mian le páirtí ar bith rialtas a dhéanamh agus an tír a rialú, beidh orthu níos mó ná an leathchuid den líon sin suíocháin a bhuachan. An fhadhb atá ann, bíonn sé measartha deacair ag páirtí amháin an méid sin suíochán a bhaint amach leo féin. Sin an fáth a mbíonn níos mó ná páirtí amháin ann i rialtas an Deiscirt, de ghnáth. Sa rialtas deireanach, bhí trí pháirtí ann – Fine Gael, Fianna Fáil agus an Páirtí Glas.
Seo na trí pháirtí polaitíochta is mó in Éirinn faoi láthair – beidh ar a laghad ceann amháin acu sa chéad rialtas eile
Faoi láthair, is iad na trí pháirtí is mó ná Fianna Fáil, Fine Gael agus Sinn Féin. Tá sé ionann is cinnte go mbeidh ceann amháin acu sin, ar a laghad, sa chéad rialtas eile. Tá na páirtithe ar fad ag geallúint a lán rudaí difriúla do na daoine, má thoghtar iad.
Tá siad go léir ag rá go dtógfaidh siad níos mó tithe.
Aontaíonn gach duine nach bhfuil go leor tithe ar fáil sa Stát faoi láthair
Deir Sinn Féin, má bhíonn siadsan sa rialtas, go mbeidh leabhair scoile agus béilí scoile saor in aisce ann do gach páiste scoile sa Stát. Deir siad fosta go mbeidh rialacha níos láidre ann leis an Ghaeilge a chosaint.
Deir Fine Gael agus Fianna Fáil go mbeidh níos mó airgid ann le caitheamh ar áiseanna spóirt – sólanna agus páirceanna imeartha; agus le caitheamh ar champaí samhraidh agus ar ghníomhaíochtaí sna ceantair Ghaeltachta.
Pé acu páirtithe a bheidh sa rialtas, beidh orthu comhaontú ar liosta tosaíochtaí. Is iad seo na rudaí is práinní a gcaithfidh an rialtas airgead orthu agus na rudaí a dhéanfaidh siad ar dtús.
Tithe, oideachas, Gaeilge, spórt, cúrsaí timpeallachta…cad é a bheas ar liosta tosaíochtaí an rialtais?
An rud is suimiúla faoin chéad rialtas eile, ná, mar aon leis an ghnáthairgead a bhíonn ag rialtas, beidh rud beag airgead sa bhreis acu – €14 BILLIÚN sa bhreis!
Bhí ar an chomhlacht Apple an t-airgead seo (€14 billiún) ‘a íoc ar ais’ leis an rialtas.
Tá oifig mhór ag Apple i gCorcaigh – seo príomh-oifig an chomhlachta don Eoraip ar fad. De ghnáth, nuair a shaothraíonn comhlacht airgead, bíonn orthu cuid den airgead sin a íoc leis an rialtas mar cháin. In Éirinn, bíonn ar chomhlachtaí 12.5% den airgead a shaothraíonn siad a íoc leis an rialtas. I dtíortha eile, bíonn orthu 20% nó 25% a íoc.
Ach, ar feadh blianta fada, thug rialtas na hÉireann ráta speisialta cánach do Apple. Bhí siad ag iarraidh comhlachtaí móra, leithéidí Apple, a mhealladh go hÉirinn, le go mbeadh níos mó post anseo.
Bhí am amháin ann nuair nach raibh Apple ag íoc ach €0.50 de cháin ar gach €10,000 a shaothraigh siad! Tháinig cuid mhór den airgead a shaothraigh Apple in áiteanna eile san Eoraip isteach go hÉirinn. Mar sin, bhí siad ábalta cuid mhór airgid a shábháil.
Sa deireadh, dúirt an tAontas Eorpach nach raibh sé seo cothrom agus go raibh ar Apple an cháin nár íoc siad a íoc ar ais le rialtas na hÉireann – €14 BILLIÚN!
Anois, cad é mar a chaitheann tú €14 BILLIÚN?
Le plé
Bígí ag obair i ngrúpaí – is sibhse an rialtas. Tá €14 BILLIÚN le caitheamh agaibh agus caithfidh sibh é a chaitheamh ar na rudaí seo a leanas:
🏛 Tithe
🏛 Sláinte
🏛 Oideachas
🏛 An Ghaeilge agus an Ghaeltacht
🏛 Áiseanna nua spóirt agus cuidiú d’fhoirne spóirt
🏛 Bóithre nua agus bóithre a dheisiú
🏛 Busanna agus Traenacha (agus ticéid níos saoire a chur ar fáil do dhaoine)
🏛 Cúrsaí timpeallachta – rudaí le dul i ngleic leis an athrú aeráide
Cá mhéad airgid a chaithfidh sibh ar gach ceann acu seo agus cén fáth?
Rud beag mata…
🏛 Tá 174 suíochán sa Dáil. Beidh ar pháirtí níos mó ná an leathchuid den mhéid seo suíochán a bhaint le rialtas a dhéanamh. Cá mhéad suíochán a bheidh orthu a bhaint?
Is ionann 12.5% agus ⅛.
Is ionann 20% agus ⅕.
Is ionann 25% agus ¼.
Faigh:
💶 12.5% de €16,000;
💶 20% de €100,000; agus
💶 25% de €1,000,000.