Póstaeir toghchánaíochta
Tá na cuaillí clúdaithe le póstaeir le tamall, ó dheas. Trí nó ceithre aghaidh ag stánadh anuas ort ó gach cuaille agus tú ag siúl thart leo. Ach ná bí buartha, níl ann ach olltoghchán don Dáil. Is é atá i gceist le holltoghchán ná go mbíonn seans ag daoine guth a bheith acu i rialtas na tíre. Bíonn an seans seo acu ar a laghad uair amháin gach cúig bliana.
Suíonn na Teachtaí Dála i nDáil Éireann
Tá Poblacht na hÉireann roinnte ina ceantair vótála don Dáil – Dáilcheantair. De ghnáth, roghnaíonn, nó toghann, na daoine i ngach Dáilcheantar Teachtaí Dála, triúr, ceathrar nó cúigear, ag brath ar an líon daoine atá ina gcónaí ann. Is minic a thugtar ‘TD’ ar Theachta Dála. Seasann na páirtithe líon áirithe iarrthóirí san olltoghchán agus bíonn seans ag na páirtithe leis an líon is mó TD-anna teacht le chéile agus an rialtas a dhéanamh.
Simon Harris, ceannaire Fhine Gael
Agus tá córas speisialta i bhfeidhm don toghchán seo. Bíonn cead agat vótáil do níos mó ná duine amháin sa dóigh go mbeidh an toradh chomh hionadaíoch ar rogha an phobail agus is féidir.
Tugtar uimhir 1 don duine is fearr leat, uimhir 2 don dara duine agus araile
Cé go bhfuil a lán páirtithe san iomaíocht, is scéal cinnte é go mbeidh ar a laghad ceann amháin de na trí pháirtí mhóra mar chuid den rialtas. Faoi láthair, tá Fine Gael agus Fianna Fáil le chéile sa rialtas in éineacht le páirtí beag eile. Tá Sinn Féin ag iarraidh go mbeidh siadsan sa rialtas i ndiaidh an olltoghcháin. Tugtar Feachtas Toghchánaíochta ar an phróiseas seo.
Mary Lou McDonald, ceannaire Shinn Féin
Cad é atá i gceist le feachtas toghchánaíochta, mar sin? Ag an leibhéal áitiúil, téann daoine ó na páirtithe ó theach go teach, ag cur iarrthóirí in aithne do dhaoine agus ag impí orthu vóta a chaitheamh ar a son. Tugtar canbhásáil air seo. Chomh maith leis sin, cuireann siad bileoga tríd an phost chuig na vótálaithe. Leagann siad amach na polasaithe a bheidh acu má éiríonn leo bheith sa rialtas.
Mícheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil
Is féidir leis na páirtithe fógraí a chur ar líne nó i nuachtáin áitiúla agus, mar a luaigh muid, cuireann siad póstaeir de na hiarrthóirí in airde ar chuaillí. Bíonn díospóireachtaí ar an teilifís idir ceannairí na bpáirtithe agus bíonn agallaimh le polaiteoirí ar na polasaithe is tábhachtaí. Ina dhiaidh sin uilig, ba chóir go mbeadh na vótálaithe níos eolaí agus iad ag caitheamh vóta Dé hAoine, an 29ú Samhain. Beidh na torthaí ag teacht isteach thar an deireadh seachtaine sin.
Déantar na vótaí a chuntas i ndiaidh an olltoghcháin
Le plé:
An rud maith é póstaeir na n-iarrthóirí a chur in airde ar chuaillí, dar leat? An fiú é le suim daoine a spreagadh nó an rud gránna é?
Sa chóras seo, bíonn a lán páirtithe ann. Tá sin níos cothroime ach an gcuidíonn sé leis an rialtas nuair is gá 3 nó 4 páirtí bheith ag obair lena chéile?
Ní féidir leat vóta a chaitheamh go dtí go mbeidh tú 18 mbliana d’aois. Ar chóir é seo a ísliú? Cén aois a shíleann tusa a bheadh ceart?
Le déanamh:
Foghlaim níos mó faoin daonlathas anseo.
Faigh amach cén Dáilcheantar ina bhfuil tú agus cé hiad na TD-anna atá agat.
Pictiúir:
Cuntas na vótaí: Simon Roughneen / Shutterstock.com
Póstaeir: Derick P. Hudson / Shutterstock.com
Mary Lou McDonald: Damien Storan / Shutterstock.com
Micheál Martin: D. Ribeiro / Shutterstock.com
Simon Harris: Alexandros Michailidis / Shutterstock.com
Dáil Éireann: RDK Creative / Shutterstock.com