Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá daoine ag ullmhú cheana féin d’fhéile na Nollag – ná habair go bhfuil an crann Nollag in airde agaibhse!
Níl ach thart ar mhí fágtha go dtí Lá Nollag, agus, mar atá le feiceáil sna siopaí ó cheann ceann na tíre, tá daoine ag ullmhú don fhéile mhór seo cheana féin. Agus, anseo in oifigí NuachtAnois, tá muidne ag ullmhú fosta nó tá muid réidh le comórtas na gCártaí Nollag a sheoladh arís i mbliana.
Cárta a bhain comórtas na gCártaí Nollag thiar sa bhliain 2018
Tá stair sórt fada ag Comórtas na gCártaí Nollag, nó tá sé á reáchtáil do Ghaelscoileanna an Tuaiscirt ó bhí an bhliain 2018 ann. Gach bliain, faighimid na múrtha cártaí galánta agus bíonn jab thar a bheith crua againn ag iarraidh teacht ar bhuaiteoir!
Más mian leatsa níos mó eolais ar Chomórtas na gCártaí Nollag 2024, cliceáil ar an nasc ag bun an leathanaigh!
Tá stair níos faide ag baint le stair na gcártaí Nollag féin, áfach. Sa lá atá inniu ann, is maith linn teachtaireachtaí a chur chuig cairde. Sa seanam, ní raibh daoine in ann teachtaireachtaí téacs ná teachtaireachtaí ar líne a chur, ach thaitin sé leo, go fóill féin, teachtaireachtaí a chur chuig a chéile. Mar sin, scríobh siad litreacha.
Sa seanam, scríobh daoine litreacha chuig a chéile
Nuair a thug an tSeirbhís Poist sa Bhreatain ‘Postas Pingine’ isteach in 1840, bhí sé i bhfad níos fusa ag daoine litreacha a chur. Thiocfadh leat litir a sheoladh chuig áit ar bith sa Bhreatain nó in Éirinn ar AON PHINGIN AMHÁIN!
Thosaigh i bhfad níos mó daoine ar litreacha a sheoladh chuig cairde agus gaolta leo – go háirithe ag an Nollaig nó níl am ar bith níos fearr le beannachtaí a chur chuig daoine a bhfuil tú mór leo ná le linn fhéile na Nollag. An t-aon fhadhb amháin, áfach – bhí sé drochmhúinte gan na litreacha seo a fhreagairt.
Thosaigh i bhfad níos mó daoine ag scríobh litreacha nuair nach raibh ach 1 phingin ar stampa
Bhí sé seo ina fhadhb mhór d’fhear amháin i Sasana ag an am seo, fear darbh ainm Henry Cole. Bhí cuid mhór cairde ag Henry. Nuair a tháinig Nollaig 1843, bhí na céadta litir ina luí ar a dheasc nár fhreagair sé go fóill, agus bheadh níos mó ag teacht an Nollaig sin! Cad é a dhéanfadh sé?
Bhí sé drochmhúinte gan litreacha a fhreagairt agus bhí moll mór litreacha ag Henry Cole nár fhreagair sé – cad é a dhéanfadh sé?
Tháinig sé aníos le plean. D’iarr sé ar chara leis, ar ealaíontóir é, pictiúr a tharraingt dó. Pictiúr de theaghlach ag ceiliúradh na Nollag, agus ag an dá thaobh, daoine ag cuidiú leis na bochtáin. Thóg sé an pictiúr chuig clódóir i Londain agus fuair sé míle cóip. Ar an taobh eile den chárta, bhí an focal ‘TO:_____’. Bhí Henry ábalta teachtaireacht ghairid a scríobh, mar aon le ‘Merry Christmas’ agus cárta a chur chuig gach duine a chuir litir chuige! Sin mar a cuireadh tús leis na cártaí Nollag!
An cárta a dhear Henry Cole – an chéad chárta Nollag nua-aimseartha!
Sa lá atá inniu ann, seoltar cártaí Nollag i gcuid mhór tíortha, fud fad an Domhain. Is féidir ‘ríomhchártaí’ Nollag a sheoladh go fiú ach tá fianaise láidir ann gur fearr le daoine fíorchártaí a chur chuig a chéile. Anuraidh, chuir Éireannaigh níos mó ná aon mhilliún cárta Nollag chuig daoine! Má éiríonn leatsa i gcomórtas na gCártaí Nollag i mbliana, gheobhaidh tusa cóipeanna de do chárta féin le cur chuig gaolta agus cairde leat!
Le plé
🎄 An bhfuair tusa litir sa phost riamh? Cad é mar a mhothaigh tú nuair a chonaic tú é?
🎄 An síleann tú gur cheart dúinn níos mó ‘fíor-litreacha’ a chur chuig a chéile, nó an fearr leat an ríomhphost a úsáid?
🎄 In amanna, is maith le daoine níos sine, nach bhfuil chomh cleachta céanna le ríomhairí, fíorlitir a fháil, in áit ríomhphoist. Thiocfadh leatsa litir a scríobh chuig comharsa leat nó chuig duine de do ghaolta.
🎄 Is breá le daoine litir a scríobh chuig Daidí na Nollag, agus ná déanaigí dearmad go bhfuil Gaeilge aige! Má chuireann tú do litir chuig an seoladh seo a leanas, gach seans go bhfaighidh tú freagra! (Déan cinnte go gcuireann tú do sheoladh féin ar an litir!)
Santaí
f/ch Tuismitheoirí na Gaeltachta
An Cheathrú Rua
Co. na Gaillimhe
Éire
Gheobhaidh tú níos mó eolais ar Chomórtas na gCártaí Nollag anseo.