Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá Comórtas na gCártaí Nollag dúnta. Fógróidh muid an buaiteoir go luath!
Tá Comórtas na gCártaí Nollag á reáchtáil do Ghaelscoileanna an Tuaiscirt ó bhí an bhliain 2018 ann. Faighimid na múrtha cártaí galánta gach aon bhliain. Bhí ag éirí chomh maith sin leis an chomórtas gur shocraigh muid anuraidh ar an chomórtas a oscailt do Ghaelscoileanna FUD FAD NA TÍRE.
Ceann de na chéad bhuaiteoirí a bhí againn!
Níl le déanamh agat ach cárta Nollag a dhearadh ar leathanach glan A4 agus é a sheoladh isteach chugainn.
Déan cinnte go scríobhann tú:
d’ainm féin,
ainm do scoile,
ainm do mhúinteora,
d’aois, agus
an rang ina bhfuil tú…
go soiléir ar chúl an chárta.
Agus muid ag iarraidh teacht ar bhuaiteoir – amharcfaidh muid ar:
🎄 an ealaín ar an chárta;
🎄 an smaoineamh, an tsamhlaíocht agus an chruthaitheacht atá taobh thiar den ealaín;
🎄 an iarracht a rinneadh leis an chárta; agus (ar ndóigh)
🎄 an Ghaeilge atá ar an chárta (an teachtaireacht, mar shampla).
Nuair a bheas an cárta críochnaithe agat, tóg grianghraf de nó déan é a scanadh (seans go mbeidh ort cuidiú a fháil ón mhúinteoir) agus seol isteach chugainn é ag nuacht@aisaonad.org.
Gheobhaidh an buaiteoir 20 cóip ardchaighdeáin den chárta a rinne sé nó sí, le gur féidir iad a dháileadh ar ghaolta agus cairde. Ní hamháin sin, seolfaidh muid cóip speisialta den chárta, thar ceann na nGaelscoláirí ar fad sa tír, chuig an Uachtarán, Micheál D. Ó hUiginn!
Le go mbeidh go leor ama againn le breithniú ceart a dhéanamh ar na cártaí uilig, is é an spriocdháta atá ann don chomórtas seo ná: