COP29

Dé Máirt, an 12ú Samhain 2024


COP29 ainm an chruinnithe idirnáisiúnta

Tá an téamh domhanda ag dul ar aghaidh. Deir na Náisiúin Aontaithe go mbeidh an bhliain seo ar an bhliain is teo ó cuireadh tús le taifid. Tarlaíonn téamh domhanda mar gheall ar dhé-ocsaíd charbóin a thagann nuair a dhóitear breosla mar ghual nó ola. Deir na heolaithe go mbeidh níos mó stoirmeacha agus hairicíní ann mar gheall ar an téamh domhanda agus ag an am céanna, beidh áiteanna ann nach mbeidh go leor uisce acu.

Téamh domhanda ba chúis leis na tuilte sa Spáinn ar na mallaibh

An tseachtain seo, cuireadh tús le cruinniú tábhachtach idirnáisiúnta le stop a chur leis an téamh domhanda. Tá ionadaithe ó thart ar 200 tír i láthair in Baku, príomhchathair na hAsarbaiseáine leis an cheist seo a phlé agus le plean a chur le chéile.

Ba mhaith leo nach n-ardódh an teocht níos mó ná 1.5˚C tríd ghearradh siar ar an mhéid dé-ocsaíd charbóin a chuirtear san atmaisféar. Má chloíonn siad leis an fhigiúr seo, síleann eolaithe gur féidir an chuid is measa den dochar a thiocfadh le hardú teochta a sheachaint. Ó lár an 19ú haois, d’ardaigh teas an Domhan 1.2˚C agus ní fada go mbainfidh sé 1.5˚C amach, mura ndéantar beart.

Tá níos mó falscaithe ann mar gheall ar an téamh domhanda

Ach tá an obair seo ag dul a bheith deacair! Cosnóidh na hathruithe seo airgead agus am. Beidh ar na tíortha seo níos mó foinsí in-athnuaite a úsáid, foinsí mar ghaoth, tonnta, an Ghrian agus bithmhais.

Léirsiú ar son na timpeallachta

Ceist mhór atá le freagairt ag an chruinniú ná cé atá ag dul a íoc as? Níl mórán airgid ag na tíortha bochta leis na hathruithe seo a chur i bhfeidhm. Deir siad gur éirigh na tíortha saibhre saibhir cionn is gur dhóigh siad ola agus gual leis an tionsclaíocht a fhorbairt thar na blianta agus gurb é sin an fáth a bhfuil fadhb mhór ann anois. Níl sé cothrom, dar leo, an locht a chur orthu ós rud é nach raibh baint acu leis.


Le déanamh:

Cuardaigh ‘téamh domhanda’ agus déan liosta de na drochrudaí atá ag tarlú mar gheall ar an téamh domhanda. Ar mhothaigh tú ceann ar bith de na rudaí seo nó an bhfaca tú iad ar an teilifís?


Le plé:

Deir daoine áirithe nach féidir an téamh domhanda a stopadh agus gur chóir an t-airgead a chaitheamh ar dhóigheanna le cuidiú le daoine iad féin a chosaint. Mar rang nó mar ghrúpa, pléigí an dá thaobh den argóint seo. Déanaigí vóta ag an deireadh.


Pictiúir:

COP29: Zulfugar Graphics / Shutterstock.com

Léirsiú: Lua Eva Blue / Shutterstock.com

Tuilte sa Spáinn: Vicente Sargues / Shutterstock.com





baruil