COP28

An 28ú Samhain, 2023


Bhí cruinniú COP i nGlaschú dhá bhliain ó shin.

Tá cruinniú tábhachtach le tosú amárach. Ritheann COP28 ón 30ú Samhain go dtí 12ú Nollaig in Dubai agus tá ábhar trom le plé acu. Comhdháil a bheidh ann de na tíortha ar fud an domhain atá ag iarraidh teacht ar réiteach ar an téamh domhanda. Gach bliain, tá an teas sa domhan ag ardú agus baineann an chuid is mó den ardú sin le dé-ocsaíd charbóin.


Nuair a dhónn tú rud cosúil le gás, peitreal nó gual, scaoiltear dé-ocsaíd charbóin. Ceapann dé-ocsaíd charbóin cuid den teas a thagann ón ghrian sa domhan. Tugtar éifeacht cheaptha teasa air seo. Thar na blianta, tá an méid dé-ocsaíde carbóin atá san atmaisféar ag ardú agus aithníonn eolaithe go bhfuil fadhb mhór againn. Má théann an t-ardú teochta thar 1.5?C, deir na heolaithe go mbeidh tubaiste ann.


Cheana féin, tá éifeachtaí an ardaithe le feiceáil:


    • bíonn teas an-ard le linn an tsamhraidh;

    • bíonn níos mó den adhaimsir ann;

    • tá oighear ag leá agus tá leibhéal na farraige ag ardú;

    • bíonn triomach ann níos minice in áiteanna;

    • bíonn fearthainn agus tuilte ann níos minice in áiteanna eile.

Tá ról tábhachtach ag na crainn ar domhan.

Ceann de na rudaí is mó a chuidíonn leis an troid in éadan téamh domhanda ná na crainn. Súnn siad cuid den dé-ocsaíd charbóin isteach agus cuireann siad amach ocsaigin, i bpróiseas darb ainm fótaisintéis. Ar an drochuair, mar gheall ar dhíforaoisiú, tá níos lú crann againn anois ná mar a bhíodh.

Glanann plandaí an t-aer dúinn, nó glacann siad dé-ocsaíd charbóin isteach agus cuireann siad ocsaigin amach.

Tá brú anois ar na tíortha a bheidh páirteach in COP28 geallúintí sollúnta a thabhairt go ngearrfaidh siad siar ar an mhéid dé-ocsaíde carbóin a chuireann siad isteach san atmaisféar. Agus go gcuirfidh siad deireadh leis an dífhoraoisiú agus níos mó crann a chur.

Tá níos mó agus níos mó den oighear ag leá.


Le déanamh:

Má leanann an téamh domhanda mar atá sé, cad é a tharlóidh don domhan agus do na hainmhithe agus na plandaí, dar leat? Roghnaigh trí ainmhí nó planda agus scríobh tuairisc bheag ar na hathruithe is féidir le téamh domhanda a dhéanamh orthu.


Tagann cuid mhaith dár leictreachas ó fhoinsí a chuireann amach dé-ocsaíd charbóin. Luaigh trí dhóigh a dtiocfadh leat níos lú leictreachais a úsáid sa bhaile nó ar scoil.



Pictiúir

Léirsiú Emergenza: MikeDotta / Shutterstock.com

COP28: Maurice NORBERT / Shutterstock.com

Glaschú: Paul Adepoju / Shutterstock.com




meas