Baint an Fhómhair

Déardaoin, an 19ú Meán Fómhair 2024


Feirmeoir i gcontae an Dúin – tá na barra a chuir sé san earrach réidh le baint anois (Mick Harper / Shutterstock.com)


Mura gcuireann tú san earrach, ní bhainfidh tú san fhómhar!” – sin mana na bhfeirmeoirí. Is é an fómhar, dar ndóigh, an t-am den bhliain nuair a bhíonn cuid mhaith de na barra a d’fhás na feirmeoirí thar an bhliain réidh lena mbaint. 

Iora rua ag baint an fhómhair i gcontae an Chabháin


Ach ní chaithfidh tú bheith i d’fheirmeoir leis an fhómhar a bhaint. Tá go leor rudaí a fhásann go nádúrtha i rith na bliana a bhíonn aibí agus réidh le baint san fhómhar – torthaí, cnónna agus sméara, mar shampla. Bíonn ainmhithe iontach gnóthach san fhómhar, ag bailiú na dtorthaí seo. Úsáideann siad an fómhar le meáchan a chur suas agus fuinneamh a stóráil ina gcorp le go mairfidh siad tríd an gheimhreadh.

Go fiú na feoiliteoirí – is maith leo an fómhar a bhaint in amanna! Tá an sionnach seo ag ithe sméara dubha!


Ceann de na sméara is flúirsí a bhíonn le baint san fhómhar ná an sméar dhubh. Is breá le hainmhithe agus daoine araon na sméara dubha! Fásann sméara dubha ar na driseacha ar imeall páirceanna nó ar imeall bóithre. 

Is planda deilgneach í an dris – mar sin, coimhéad na dealga má bhíonn tú ag baint na sméar!


Bailíonn daoine sméara le subh mhilis a dhéanamh nó le milseoga blasta a dhéanamh. Tá siad thar a bheith blasta má itheann tú leo féin iad fosta! An rud atá ann faoi na sméara dubha, áfach, caithfidh tú bheith cúramach faoin am den bhliain a n-itheann tú iad! Dar leis na seanscéalta gurbh fhearr na sméara dubha a sheachaint níos moille san fhómhar…

Aontaíonn gach duine go mbíonn na sméara dubha níos fearr sa chéad leath den fhómhar


I scéal amháin, deirtear linn gan sméara dubha ar bith a ithe i ndiaidh an 29ú Meán Fómhair – sin Lá Fhéile Michíl. B’Ardaingeal é Micheál, thuas ar neamh, agus is eisean a chaith aingeal eile darbh ainm Lúicifir, síos go talamh, nuair a thit Lúicifir amach le Dia. Thit Lúicifir isteach i dtom driseacha, rud nach raibh sé róshásta faoi, ar ndóigh. Chaith Lúicifir seile ar na sméara dubha a bhí ag fás sna driseacha. Sin an fáth nach n-ithimid sméara dubha i ndiaidh Lá Fhéile Michíl!

Fuair Lúicifir post eile nuair a thit sé amach le Dia, ar ndóigh! An bhfuil a fhios agaibh cén post?


Baineann scéal eile le Púca na Sméar. Tagann seisean amach Oíche Shamhna agus caitheann sé smugairle ar na sméara uilig atá fágtha! Mar sin, is cinnte dearfa nár cheart dúinn baint de na sméara dubha i ndiaidh Oíche Shamhna!


Mar a tharlaíonn go minic leis na seanscéalta, tá ciall agus comhairle ag baint leo. Bíonn blas níos fearr ar na sméara dubha i dtús an fhómhair. Nuair a thagann mí Dheireadh Fómhair, bíonn blas níos uisciúla orthu agus is mó seans go bhfásfadh fungas orthu nó go bhfágfadh siad tinn thú! Mar sin, is fiú comhairle na seanscéalta a ghlacadh agus gan baint de na sméara dubha i ndiaidh dheireadh na míosa seo!

Fásann fungas ar na sméara dubha ag deireadh an fhómhair – nó an é sin smugairle Phúca na Sméar?


Le plé nó le déanamh

🍁 Ar thuig tú an cur síos a bhí againn ar an fhocal ‘mana’? (Tá dath glas air, ag barr an leathanaigh – cliceáil air.) Mar rang, an dtiocfadh libh míniú níos fearr a thabhairt air? An dtig libh teacht aníos le cúpla sampla de mhanaí? An bhfuil mana ag do scoilse, mar shampla?

🍁 An dtig libh liosta a dhéanamh de na cineálacha torthaí, cnónna agus sméar a bhíonn aibí agus réidh le baint san fhómhar?

🍁 Cad é eile a tharlaíonn san fhómhar?

🍁 Cén séasúr den bhliain is fearr leat agus cén fáth?

🍁 Ar bhailigh sibh rud ar bith le healaín fómhair a dhéanamh i mbliana? Ba bhreá linn pictiúr a fheiceáil!


Caith súil ar an oideas sméar dubh seo:

 Grabhróg Sméar Dubh agus Úll


baruil