Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Bhí alt againn inné faoin fhómhar agus faoi na sméara dubha a bhíonn réidh le baint ag an am seo den bhliain. Tá go leor acu go fóill ar na driseacha agus tá go leor ama fágtha le cuid acu a bhaint.
Má éiríonn leatsa dul amach agus go leor sméar dubh a bhaint, seo thíos oideas le Grabhróg Sméar Dubh agus Úll a dhéanamh.
Tá go leor sméar dubh fágtha go fóill!
Comhairle
Má bhíonn tú ag iarraidh sméara dubha a bhaint:
🍽️ Bí cúramach leis na dealga;
🍽️ Bailigh na sméara is duibhe agus a bhfuil an chuma is glaine orthu;
🍽️ Nuair a ghlacann tú ar ais chuig an teach iad, nigh le huisce fuar iad. Fág san uisce iad ar feadh 2-3 bhomaite, gheobhaidh sé seo réitithe d’fheithidí ar bith.
An tOideas*
*Beidh ort duine fásta a bheith agat le cuidiú leat leis an oigheann.
🟣 Socraigh an t-oigheann ag 180ºC (nó 160ºC más feanoigheann é)
🟣 Measc na sméara, na húlla agus an siúcra bán le chéile agus cuir isteach i dtráidire nó i mbabhla oighinn iad.
🟣 Cuir an coirce, an plúr, an siúcra donn agus an t-im bog isteach i mbabhla agus measc le chéile iad go dtí go mbíonn an barrán grabhrógach agat.
🟣 Cuir an ghrabhróg ar bharr an mheascáin de sméara agus úlla agus cuir san oigheann go ceann 45 bomaite é. Faigh cuidiú ó dhuine fásta.
Bíonn an ghrabhróg seo thar a bheith blasta le huachtar reoite fanaile nó le custard.
Le plé / le déanamh
🍂 Ar bhailigh tusa sméara dubha riamh? Cad é a rinne tú leo? An dtig leat oideas de do chuid féin a roinnt linne?
🍂 Cad iad na rudaí eile a thig linn a bhailiú san fhómhar? Má tá pictiúir ar bith agaibh, seol isteach chugainn iad!