Labhair mar a bheadh foghlaí mara ionat!

Dé Máirt, an 17ú Meán Fómhair 2024


Ááár! Tá scéalta faoi fhoghlaithe mara ar fáil ar fud an domhain. Thig leat iad a shamhlú, daoine le paistí súile, leathchos mhaide acu agus pearóidí ag scairteadh ‘pieces of eight’. Seans maith go bhfaca tú iad sna scannáin Pirates of the Caribbean nó gur léigh tú fúthu sa leabhar ‘Oileán an Órchiste’ le Robert Louis Stevenson. Agus ón bhliain 2002, bhí seans ag gach duine páirt a ghlacadh i Lá Idirnáisiúnta ‘Labhair mar a bheadh Foghlaí Mara ionat’. Bíonn an lá ar siúl ar 19ú Meán Fómhair gach bliain agus beidh sé ar siúl Déardaoin i mbliana. Ááár!

Baineann cuid mhaith de chaint na bhfoghlaithe mara leis an chanúint a bhí ar fáil sa West Country i Sasana cúpla céad bliain ó shin. Bhunaigh Robert Louis Stevenson a leabhar faoi Long John Silver agus Jim Hawkins ansin ach ní gá gur i mBéarla amháin a labhrófá leis an lá a cheiliúradh. Seo samplaí sa liosta seo thíos:

Ahóí

Aeidh-aeidh

Abhast

Blimey

A Mhéataí

Tine sa pholl!

Séid síos mé

Ió hó hó

A Chaptaein!

A sheanchú mara!

Ciúnas ar an deic!

Billí Bones abú!

Caitheann daoine an lá ar fad ag dul thart ag tosú abairtí le focail na bhfoghlaithe mara agus blas cainte na bhfoghlaithe mara a úsáid. In amanna, téann daoine áirithe níos faide ná sin – caitheann siad éadaí na bhfoghlaithe mara agus cuireann siad pearóid phlaisteach ar a ngualainn, mar shampla.

Caisleán Ghráinne Ní Mháille

In Éirinn, tá ár bhfoghlaí mara féin againn, mar atá, Gráinne Ní Mháille nó Gráinne Mhaol. Rugadh Gráinne Mhaol i Maigh Eo sa bhliain 1530. Bhí 200 foghlaí mara ag obair di agus bhí cuid mhaith de chósta iarthar na hÉireann faoina smacht aici. Bhí eagla mhór ar dhaoine roimpi.


Le déanamh/le plé:

In bhur ngrúpaí, déanaigí liosta de na tréithe is tábhachtaí le bheith in bhur bhfoghlaí mara. Pléigí an liosta agus comhaontaígí ar na trí thréith is mó a bheadh de dhíth.


Faigh amach níos mó faoi Ghráinne Mhaol san alt seo.



baruil