Gráinne Mhaol

Dé Luain, an 16ú Meán Fómhair 2024


An raibh a fhios agat go mbíonn lá idirnáisiúnta ‘labhair mar a bheadh foghlaí mara ionat!’ ann gach bliain?

Bíonn Lá Idirnáisiúnta ‘Labhair mar a bheadh Foghlaí Mara ionat’ ann gach bliain


Ach ná bí buartha, ní chaithfidh tú dul thart ag rá shiver me timbers, nó a dhath ar bith amaideach mar sin.

Má tá tusa ag iarraidh labhairt inniu mar a bheadh foghlaí mara ionat, níl le rá agat ach Cén chaoi a bhfuil tú? Sin mar a deir siad ‘cad é mar atá tú?’ thíos i gCúige Chonnacht. Sin an cineál ruda a déarfadh duine de na foghlaithe mara is fearr agus is fíochmhaire a mhair riamh; agus an bhfuil a fhios agat seo – ní fear a bhí ann, ach bean!

Gráinne Ní Mháille - rugadh í i Maigh Eo in 1530

Grianghraf le Suzanne Mischyshyn trí Wikimedia Commons CC BY-SA 2.0


Bhí eagla a gcraicinn ar bháid agus longa cogaidh Shasana roimh Ghráinne Ní Mháille, nó an Pirate Queen, mar a thug siad féin uirthi i mBéarla. Tugtar ‘Gráinne Mhaol’ uirthi fosta nó, de réir na scéalta, nuair a bhí sí óg, bhí gruaig fhada ghalánta aici. Bhí a hathair ag dul chun na Spáinne ar a bhád agus bhí Gráinne ag iarraidh dul leis. Dúirt an t-athair nach raibh cead ag Gráinne dul mar go rachadh a gruaig fhada i bhfostú sna rópaí ar an bhád. Cad é a rinne Gráinne? Ghearr sí a cuid gruaige galánta agus sin mar a fuair sí an leasainm Gráinne Mhaol!

De réir na scéalta, ghearr Gráinne a gruaig féin le go mbeadh cead aici dul amach ar an bhád lena daidí


Nuair a bhí sí níos sine, bhí a lán bád dá cuid féin ag Gráinne agus choinnigh sí smacht iontach maith ar chósta Mhaigh Eo. Thóg sí a lán caisleán ar an chósta lena cuid talaimh a chosaint. Bhí ar dhuine ar bith a bhí ag iarraidh an fharraige a úsáid nó iascaireacht a dhéanamh amach ó chósta Mhaigh Eo airgead a íoc léi le cead a fháil.

San am seo, bhí an ceantar thart ar Bhaile Átha Cliath faoi smacht ag na Sasanaigh. Ach bhí siad ag iarraidh smacht a fháil ar an chuid eile d’Éirinn. Ní raibh bóithre ar bith ann agus bhí an chuid is mó den tír clúdaithe le coillte. Mar sin, bhí sé níos fusa ag na Sasanaigh taisteal go dtí na codanna difriúla d’Éirinn ar an fharraige.

Nuair a rinne longa cogaidh Shasana iarracht dul i dtír ar chósta thiar na hÉireann, áfach, i gCúige Chonnacht, níor éirigh leo! Scrios Gráinne go leor de na longa a bhí acu! Ghlac na Sasanaigh cúpla duine de mhuintir Ghráinne mar phríosúnaigh ach bhí Gráinne iontach glic. Chuaigh sí go Sasana gur labhair sí go díreach le hÉilis, banríon Shasana agus fuair sí ar ais iad!

Gráinne ag labhairt le hÉilis, banríon Shasana


Tá go leor scéalta eile ann agus go leor amhrán ann chomh maith faoi Ghráinne Ní Mháille agus na rudaí a rinne sí. Is cinnte go raibh sí ar dhuine de na foghlaithe mara is clúití a mhair riamh.

Mar sin de, má tá tusa ag iarraidh bheith ag caint mar a bheadh foghlaí mara ionat in am ar bith, níl foghlaí mara níos fearr le haithris a dhéanamh uirthi ná foghlaí mara breá Gaelach!


Pointí Plé

🏴‍☠️ Cad é an t-amhrán ina bhfuil an líne ‘Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile’?

🏴‍☠️ Cad chuige, i do bharúil, ar luadh Gráinne san amhrán seo?


meas