Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Tá an geimhreadh linn agus ag an am seo bliana, bíonn na laethanta gairid agus na hoícheanta fada. In Éirinn, ag deireadh mhí na Samhna, bíonn sé dorcha ar feadh 16 uair, nó ⅔ den lá.

(Páiste ag pilleadh ón scoil sa dorchadas - pic le U. J. Alexander / Shutterstock.com)
Faoin am a mbeidh Grianstad an Gheimhridh linn (nó, an oíche is faide sa bhliain idir an 21-22ú de mhí na Nollag) beidh sé dorcha ar feadh chóir a bheith 17 n-uair an lá sin!
(Sa gheimhreadh, ní fheictear an ghrian ar feadh tamall fada ag an Phol Thuaidh, mar go bhfuil an taobh sin den domhan ag diriú ar shiúl ón ghrian.)
Ach, má shíl tú go raibh saol dorcha gruama againne sa gheimhreadh, smaoinigh ar na daoine a chónaíonn taobh istigh den Chiorcal Artach. Maireann na hoícheanta dorcha i bhfad níos faide ansin ná mar a bhíonn siad againne.
(Ní bhíonn an ghrian ag éirí go ró-ard sa spéir i rith an gheimhridh. Mar sin, bíonn an lá gairid.)
In Alasca, cuirim i gcás, is é Utqiaġvik an baile is faide ó thuaidh. Tá sé suite taobh istigh den Chiorcal Artach. Is mar gheall air sin go mbíonn oíche pholach ann gach bliain. Cad is brí leis sin? Bhuel, nuair a théann an ghrian faoi don uair dheireanach sa bhliain (i ndiaidh lár mhí na Samhna), bíonn oíche acu a mhaireann thart faoi 65 lá!

Mar sin de, in Utqiaġvik, chuaigh an ghrian faoi don uair dheireanach i mbliana an tseachtain seo caite, ar 1.42pm ar an 18ú lá Samhain. Ní éireoidh an ghrian arís ar an bhaile sin go dtí an 22ú /nó 23ú lá de mhí Eanáir 2027! Nach fada an oíche sin?!
Ar mhaith leat féin maireachtáil gan an ghrian ar feadh breis agus dhá mhí?

(Lár an lae le linn oíche pholach)
Ceisteanna
Le plé agus le déanamh