Cónocht an Fhómhair

An 22ú Meán Fómhair, 2023

Thit Cónocht an Fhómhair amach ag an deireadh seachtaine. Tarlaíonn an Cónocht dhá uair sa bhliain – an chéad uair i mí an Mhárta (Cónocht an Earraigh) agus arís i mí Mheán Fómhair (Cónocht an Fhómhair). An rud atá i gceist leis an Chónocht ná go mbíonn an Ghrian díreach os cionn Chrios na Cruinne. Nuair a tharlaíonn seo bíonn an lá agus an oíche ar comhfhad lena céile.
(Bíonn solas na gréine agus dorchadas na hoíche chomh fada lena chéile an t-am seo den bhliain.)

Sa leathsféar thuaidh titeann an Cónocht amach idir an 22ú agus an 23ú lá Meán Fómhair. Sá leathsféar theas titeann sé amach idir an 20ú agus an 21ú lá.
(Sa phictiúr seo thuas tá an leathsféar thuaidh gorm agus an leathsféar theas buí.)

B’fhéidir go bhfuil sibh ag smaoineamh - cén fáth nach mbíonn an dáta céanna ann don dá chuid den domhan gach bliain? Bhuel, ní bhíonn an dáta cinnte céanna ann i gcónaí mar ní fhanann an Ghrian san aon áit amháin sa spéir. Bíonn sí ag bogadh tríd an spás i rith an ama. Chomh maith leis sin, an raibh a fhios agaibh go lúbann solas na Gréine ar a bhealach chuig an Domhan? Ní thagann sé chugainn i líne fhada dhíreach! Agus mar dhlaíóg mhullaigh ar na cúiseanna eile, níl an Domhan ina shuí go ceartingearach - luíonn sé ar fiar ag uillinn de 23.5°.
(Bíonn cruinneoga ar fiar mar seo leis an fhíorchuma atá ar an Domhan a léiriú.)

Is mar gheall ar chlaonadh an Domhain a tharlaíonn na séasúir. Seans go bhfuil a fhios agaibh cheana go mbíonn an Domhan ag taisteal thart ar an Ghrian le linn an ama. Glacann sé bliain (nó 365 agus aon cheathrú lá go díreach) ar an Domhan an turas sin (nó fithis) a chur i gcrích.
(Fithis an domhain ag dul thart timpeall na Gréine gach bliain.)

Mar gheall go bhfuil an Domhan claonta, bíonn leathchuid den bhliain ann nuair a bhíonn an Mol Thuaidh ag díriú i dtreo na Gréine. Titeann seo amach le linn an earraigh agus le linn an tsamhraidh dúinne sa leathsféar thuaidh. Ag an tráth sin bliana, bíonn an fómhar agus an geimhreadh ag titim amach sa leathsféar ó dheas, nuair a bhíonn an taobh s’acu den Domhan tiontaithe ar shiúl ón Ghrian.
(Bíonn an Mol Thuaidh tiontaithe i dtreo na Gréine ar feadh leathchuid den bhliain.)

De réir an fhéilire réalteolaíochta, tosaíonn an fómhar i ndiaidh an chónochta. Deir na réalteolaithe go maireann an fómhar uaidh sin go dtí Grianstad an Gheimhridh. Is é sin nuair a bhaineann an Domhan an áit is faide ar shiúl amach ar a fhithis thart ar an Ghrian. Ansin, tosaíonn an Domhan ag casadh ar ais ar a aistear ubhchruthach.
(fithis ubhchruthach an Domhain agus na séasúir réalteolaíocha sa leathsféar thuaidh)

Le ple nó déanamh
Déan do thaighde féin ar an chónocht agus ar an ghrianstad. Má tá eolas agat cheana faoin ghrianstad mínigh do do rangsa cad é atá ann.

Sa chianaimsir bhí an-mheas ag na daoine ar an réalteolaíocht. Thuig siad gur threoraigh an Ghrian na séasúir agus an aimsir anseo ar an Domhan. An dtig libh fáil amach faoi chuid de na séadchomharthaí a thóg siad in ómós don Ghrian agus aistear an Domhain thart uirthi? B'fheidir go bhfuil rian de shéadchomhartha a bhaineann leis an chianaimsir cóngarach do bhur mbaile nó bhur scoil. Faigh amach giota eolais faoin áit sin más féidir leat. 



baruil