De réir a chéile a thógtar na caisleáin

Dé hAoine, an 15ú Bealtaine 2026


Baineann an seanfhocal seo le foighnefoighid. Ní thagann rudaí maithe láithreach – caithfidh tú fanacht agus an obair a chur isteach le go dtarlóidh siad.

Páistí óga, mar shampla, dá mbeadh siad ag iarraidh rothar a thiomáint gan chobhsaitheoirí den chéad uair, agus dá dtitfeadh siad – thiocfadh leat a rá leo ‘de réir a chéile a thógtar na caisleáin’. Foghlaimeoidh siad má thugann siad am dóibh féin.

Cobhsaitheoirí ar rothar


Dá mbeifeá ag iarraidh uirlis cheoil nua a fhoghlaim, an fhidil nó an chláirseach, mar shampla, ní bhuafaidh tú bonn uile-Éireann thar oíche! Caithfidh tú am a chur isteach, caithfidh tú freastal ar cheachtanna ceoil agus caithfidh tú cleachtadh a dhéanamh – de réir a chéile a thógtar na caisleáin!

Tógann sé níos mó ná lá nó dhó an fhidil a fhoghlaim!


Tá sórt fírinne ag baint leis an seanfhocal seo ar bhealach eile, ó thaobh na staire de in Éirinn, nó is de réir a chéile a tógadh caisleáin in Éirinn – lig dúinn an scéal a mhíniú.

Caisleán traidisiúnta


An tuiscint atá againn ar chaisleán sa lá inniu ná gur foirgneamh mór ard é déanta as clocha. Bíonn cruth sórt cearnógach nó dronuilleogach ar an chaisleán, de ghnáth. Is foirgneamh láidir é, a tógadh le daoine a chosaint.

An rud atá ann, sa seanam in Éirinn, níor ghnách leis na Gaeil caisleáin thraidisiúnta mar seo a thógáil. Cuid mhaith den am, níor úsáid muid clocha go fiú leis na foirgnimh láidre s’againn a thógáil…agus an cruth ab fhearr linn ná cruth ciorclach.

Bhí ainmneacha difriúla againn ar na ‘caisleáin’ s’againn…


Ráth nó lios – d’úsáid muid cré le balla ciorclach a thógáil thart ar theach nó tithe. Is minic a thóg muid an ráth ar chnoc nó in áit a bheadh deacair a ionsaí. Is minic a thugtar lios ar áiteanna a bhfuil ceangal acu le sióga.

Ráth


An chrannóg – In amanna, thóg na Gaeil teach nó ráth ar oileán beag amuigh i lár locha, thug sé seo cosaint bhreise dóibh.

An chrannóg


Dún nó daingean (nó caiseal nó cathair) – tógadh na foirgnimh seo as clocha ach ní raibh siad mar an gcéanna leis na caisleáin níos nua-aimseartha. An chuid is mó den am, ní raibh ann ach balla láidir ciorclach déanta as clocha. Tógadh teach nó tithe níos lú as adhmad, taobh istigh de na ballaí.

An chuma a bheadh ar ghnáth-dhún (nó daingean)

Grianán Ailigh i nDún na nGall (thart ar 12km taobh amuigh de chathair Dhoire) – ceann de na dúnta is clúití sa tír


Níor thosaigh muid de bheith ag tógáil ‘caisleáin thraidisiúnta’ go dtí gur tháinig na Normannaigh go hÉirinn, sa 12ú haois. Thóg na Normannaigh caisleáin mhóra arda le hiad féin a chosaint ar na Gaeil.

An méid atá fágtha de Chaisleán Dhún Libhse i gContae Aontroma. Thóg Normannach darbh ainm Risteard Óg de Búrca caisleán anseo sa 13ú haois. Fuair Clann Mhic Uilín greim air ina dhiaidh sin agus chuir siad leis


Thar am, rinne na teaghlaigh mhóra Ghaelacha aithris ar stíl tógála na Normannach agus rinne siad caisleáin dá gcuid féin. Mar sin, is fíor a rá gur de réir a chéile a tógadh na caisleáin!

Caisleán na dTuath i nDún na nGall – thóg Clann tSuibhne, clann Ghaelach, an caisleán seo sa 15ú haois


Ceisteanna le freagairt

1. Mínigh an seanfhocal “De réir a chéile a thógtar na caisleáin” i do chuid focal féin.

2. Cén bhaint atá ag an seanfhocal le rothar gan chobhsaitheoirí?

3. Cad iad na rudaí a bhíonn ort a dhéanamh le huirlis cheoil nua a fhoghlaim?

4. Déan cur síos ar chineál amháin d’fhoirgneamh láidir a thóg na sean-Ghaeil fadó?

5. Cad é an difear idir ráth agus caisleán Normannach?


Le plé

🏰 An dtig leat féin smaoineamh ar chás ina dtiocfadh leat an seanfhocal De réir a chéile a thógtar na caisleáin a úsáid?

🏰 An duine foighneach nó foighdeach thusa? Mínigh do fhreagra.

🏰 An síleann tú gur tréith thábhachtach í an fhoighne/an fhoighid?

🏰 Cad é do “chaisleán” féin – sprioc nó aisling atá tú ag iarraidh a bhaint amach, de réir a chéile?


Le déanamh

Léiríonn na logainmneacha [áitainmneacha] dúinn cé na háiteanna a raibh foirgnimh láidre iontu sa seanam. Cuardaigh ráth, lios, dún, daingean, caiseal agus caisleán ar logainm.ie agus faigh amach an raibh cuid ar bith de na foirgnimh seo i do cheantar féin, lá den saol.

*Nod – nuair a thagann na torthaí cuardaigh aníos, thig leat díriú isteach ar do chontae féin tríd thic a chur sa bhosca ag an taobh clé den scáileán.


Léitheoireacht Bhreise

Faigh níos mó eolais ar chaisleáin san alt seo

Faigh níos mó eolais ar na Normannaigh san alt seo.


meas