Na Normannaigh

Dé Luain, an 3ú Márta 2025


Réamhrá

Tá áit thábhachtach ag na Normannaigh i stair na tíre seo. Tháinig na Normannaigh, i dtús báire, ón Normainn, ceantar atá in iarthuaisceart na Fraince. Níorbh iad an chéad dream leis an tír seo a ghabháil. (Bhí na Ceiltigh agus na Lochlannaigh anseo rompu.) Ach d’fhág na Normannaigh a rian go soiléir ar an tír seo.



Thóg siad caisleáin mhóra láidre atá le feiceáil go fóill agus chuir siad tús le húsáid an Bhéarla sa tír seo fosta. Chomh maith leis sin, tá go leor de mhuintir na tíre sa lá inniu a shíolraíonn ó na Normannaigh sin fadó, mar a léiríonn sloinnte cosúil le Fitzpatrick (Mac Giolla Phádraig), Fitzgerald (Mac Gearailt), Fitzmaurice (Mac Giolla Mhuiris), Butler (de Buitléir), Savage (Mac an tSábhaisigh), srl.

(Bhí sé de nós ag na Normannaigh mór le rá 'armas' nó siombail a bheith acu dá dteaghlach. Seo armas Dhiúc Laighean.)


Thosaigh na Normannaigh ag gabháil Shasana in 1066 agus ghlac sé thart ar chéad bliain orthu seilbh a ghlacadh ar an chuid is mó den Bhreatain Mhór. I dtús báire, nuair a tháinig siad ón Fhrainc, labhair siad a gcanúint féin den Fhraincis. Ach faoin am a thug siad aghaidh ar Éirinn, thiar sa 12ú haois, bhí meascán den Fhraincis sin agus den luath-Bhéarla in úsáid acu.


Tagann an focal “fitz” - ar ionann é agus “mac le” i nGaeilge - ón chanúint Fraincise a labhair na Normannaigh. Sa Fhraincis féin, bheadh an téarma “fils de” in úsáid.

Is teanga ársa í an Ghaeilge agus bhí sí ann le fada an lá roimh aimsir na Normannach, ach tá an Béarla i bhfad níos óige agus bhí sé ag forbairt go fóill mar theanga ag an am sin. Ba mheascán é an Béarla ag an am den Fhraincis a bhí ag na Normannaigh agus de na teangacha Gearmánacha a bhí ag na Sasanaigh.)

Na Normannaigh in Éirinn

Rinne na Normannaigh ionsaithe ar Shasana, as a stuaim féin, chun seilbh a ghlacadh ar an tír sin. Ach ní mar sin a thosaigh siad amach in Éirinn. I dtús báire, tháinig siad anonn go hÉirinn mar gur thug Diarmaid Mac Murchadha, Rí Chúige Laighin, cuireadh dóibh. Bhí Diarmaid i ndiaidh a chuid tailte a chailleadh i gcath le Ruairí Ua Conchubhair, Ardrí Éireann ag an am.

(Diarmaid Mac Murchadha)


Ní raibh go leor saighdiúirí fágtha ag Diarmaid lena ríocht a bhaint ar ais. Mar sin, rinne Diarmaid margadh leis an rí Normannach, Anraí II, a bhí i mbun Shasana ag an am, chun saighdiúirí a fháil uaidh. D’aontaigh Anraí leis seo agus chuir sé Diarmaid in aithne do Richard de Clare, tiarna a bhí ag Anraí. Ba ridire cliste agus ábalta é Richard de Clare agus bhí a lán saighdiúirí faoina smacht aige.

(Duine sa lá atá inniu ann gléasta mar ridire fadó)


Gheall Diarmaid go dtiocfadh le Richard a iníon, Aoife, a phósadh agus bheith i mbun Chúige Laighin nuair a gheobhadh Diarmaid bás. D’aontaigh Richard de Clare leis na téarmaí sin agus tháinig anonn go Cúige Laighean le Diarmaid Mac Murchadha.

(Pictiúr a péinteáladh le bainis Aoife agus Strongbow a cheiliúradh.)


Ghlac Richard de Clare ridirí agus saighdiúirí eile leis, ach níos tábhachtaí arís, ghlac sé arm de bhoghdóirí ón Bhreatain Bheag leis.

(Dealbh de bhoghdóir ó na meán-aoiseanna agus bogha fada aige.)


In Éirinn ag an am sin, d’úsáid daoine boghanna gairide don tseilg, ach bhí boghanna fada ag na Normannaigh. Bhí siadsan ábalta saigheada a scaoileadh i bhfad níos faide ná mar a bhí na hÉireannaigh. Mar sin, bhí siad in ann a naimhde a ghortú nó a mharú sular tháinig siad cóngarach dóibh. Tugadh an leasainm “Strongbow” ar Richard de Clare mar gheall ar an tseift seo a d’úsáid sé i gcathanna in éadan na nGael. 

(Bhí boghanna níos giorra ag na Gaeil, a d'úsáid siad don seilg.)


Ba é “Strongbow” an chéad cheannaire Normannach in Éirinn. Ar feadh cúpla céad bliain ina dhiaidh sin, ghlac na Normannaigh seilbh ar cheantair eile sa tír seo, tríd an chogaíocht agus tríd an phósadh le clanna na nGael. Ach, de réir a chéile, ghlac na Normannaigh a bhí ina gcónaí in Éirinn le cuid mhaith de thraidisiúin na nGael agus labhair siad i nGaeilge. Faoin 16ú haois, bhí sé ráite ag na Sasanaigh go raibh na Normannaigh in Éirinn níos Gaelaí ná na Gaeil iad féin!

(Bhí bunús na tíre go fóill faoi smacht na nGael sa 16ú haois. Bhí na ceantair bhána i seilbh na nAngla-Normannach.)


Clú na Cogaíochta

Bhí na Normannaigh maith i mbun cogaíochta. Ba é sin an fáth ar éirigh leo a gcuid tailte a leathnú amach sna meánaoiseanna mar go bhfuair siad an bua go minic i gcathanna. I measc na mbuntáistí a bhí acu mar shaighdiúirí, bhí na boghdóirí agus a mboghanna fada. Lig seo dóibh a naimhde a scaoileadh, a ghortú nó a scanrú sular tháinig siad cóngarach dóibh go fiú. Ansin, nuair a d’éirigh le cuid dá naimhde fáil a fhad leis an arm Normannach, chuaigh na ridirí (saighdiúirí a throid ar muin capall) i mbun troda. Bhí ridirí na Normannach traenáilte ó aois óg le bheith ábalta troid ar muin capaill, rud a thug buntáiste sa bhreis dóibh in éadan saighdiúirí eile a bhí ag troid ar a gcosa.


Rian na Normannach

Mar a luadh cheana, tá go leor iarsmaí fágtha againn ó aimsir na Normannach - mar shampla, a gcaisleáin, agus go leor sloinnte ar mhuintir na tíre sa lá inniu. Nuair a tháinig na Normannaigh go hÉirinn, ní raibh an tír seo aontaithe agus faoi smacht ag taoiseach ar bith, d’ainneoin go raibh teideal an Ardrí ag Ruairí Ua Conchubhair. Le fírinne, ba mhinic cathanna beaga idir taoisigh na tíre seo ag an am, mar bhíodh rí/ banríon amháin in éad le rí/ banríon eile. Bhí na Normannaigh i bhfad níos eagraithe agus iad i mbun cogaíochta. Bhí roinnt de chlanna na nGael sásta ceannairí Normannacha a phósadh fosta. Shíl na Gaeil sin go gcuideodh na Normannaigh leo fanacht i réim agus go gcuirfeadh siad ord agus eagar níos fearr ar an tír. Bhí na Normannaigh eagraithe maidir le cúrsaí talaimh chomh maith. Chruthaigh siad críocha ag imeall a gcuid tailte agus thosaigh siad ag cur teorainneacha leis na contaetha.


Le plé nó le déanamh

Fiosraigh na sloinnte i do rang. An de shliocht Normannach duine ar bith agaibh?

Cad chuige, i do bharúil, a mbeadh buntáiste ag arm ina bhfuil ridirí in éadan arm ina bhfuil saighdiúirí coise amháin?

Léigh níos mó faoi chaisleáin na Normannach san fhillteán fíricí seo. 



meas