Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

A chara,
Faoin am seo den bhliain, tá súil againn go bhfuil tú réidh don Nollaig. I gceann cúpla lá, beidh saoire na Nollag ag tosú agus beidh coicís de shaoire agat! Tá súil againn go mbainfidh tú sult agus spraoi aisti agus go bhfuil do chuid bronntanas uilig ceannaithe, nó déanta agat.

Tá súil againn, chomh maith, gur bhain tú sult as na hailt a bhí againn i 2025 agus gur fhoghlaim tú rud éigin faoin Domhan agus an dóigh a n-oibríonn sé. B’fhéidir gur chuir tú spéis in ailt faoi spórt, nó faoin timpeallacht nó cúrsaí scoile, fiú. An raibh deis agat an tsraith nua ‘Seanfhocal na Seachtaine’ a léamh go fóill? Mura bhfaca tú iad go fóill seiceáil amach iad anois nó le linn na Nollag! Tá roinnt Fillteán Fíricí nua againn chomh maith ar ábhair éagsúla, mar atá, Téamh Domhanda, Turas an Bhia, agus Na Cúig Chéadfa.
Lando Norris a bhain Craobh Fhoirmle 1 i mbliana.
Cé go mbeidh tú ar saoire ar feadh coicíse nó mar sin, seans maith go mbeidh am gnóthach agat na laethanta seo:

Oíche Nollag: Seo an oíche roimh lá Nollag agus is minic a bhíonn ceiliúradh beag ag daoine an oíche seo. Seo an oíche a thagann Daidí na Nollag, ar ndóigh! Lasann muintir na hÉireann coinneal san fhuinneog an oíche seo le fáilte a chur roimh dhaoine a bhíonn amuigh ag taisteal. Sa seanam, rinne daoine seo lena thaispeáint go raibh siad ag cur fáilte roimh Mhuire agus an leanbh Íosa.

Lá Nollag: Seo an lá a thugann daoine bronntanais dá chéile. Bíonn dinnéar ag an teaghlach le chéile agus bíonn ceiliúradh mór ann.
An dreoilín
Lá Fhéile Stiofáin/Lá an Dreoilín: Bhí nós ag na Gaeil seilg a dhéanamh ar an éan beag, an dreoilín, an lá seo. Chuirfeadh siad isteach i gcás é agus rachadh siad ó theach go teach leis, ag ceol agus ag cleamaireacht.
Oíche Chinn Bliana: Fágfaimid slán ag 2025 agus cuirfimid fáilte roimh 2026. Is minic a dhéanann daoine rún na hAthbhliana ag an am seo. Staonann daoine ó rudaí cosúil le seacláid nó brioscaí, mar shampla, nó seans go ndeir siad go ndéanfaidh siad níos mó aclaíochta.

Cibé rud a dhéanann tú, guímis Nollaig mhaith duit agus labhróimid le chéile arís sa bhliain úr!
Is muidne le meas,
Nuacht Anois
Le plé:
Ní halt a bhí ann inniu ach litir. Cad iad na difríochtaí a fheiceann tú idir alt le scéal agus litir phearsanta?
Le déanamh:
Déan liosta de rudaí a dhéanfaidh do chairde mar rún na hAthbhliana.
Léigh na Fillteáin Fíricí nua seo:
Pictiúir:
Lando Norris: Ranjith_july / Shutterstock.com