An Mheitéareolaíocht

Nollaig 2025

Bíonn tionchar mór ag an aimsir ar ár saol agus ar na rudaí a thig linn agus nach dtig linn a dhéanamh taobh amuigh. Má bhíonn babhta drochaimsire ann nó barraíocht de chineál amháin aimsire ann, cruthaíonn sé seo fadhbanna do dhaoine, ar chuid mhór bealaí éagsúla. Mar shampla, má bhíonn barraíocht teasa agus barraíocht laethanta tirime ann, bíonn an saol iontach doiligh d’fheirmeoirí. 

Páirc lán plandaí sú talún i Sasana nuair a bhí triomach ann in 2023 – ní raibh an aimsir seo rómhaith d’fheirmeoirí


Caitheann daoine a lán ama ag iarraidh a thuar cén sórt aimsire atá ar an bhealach chugainn. Tugaimid réamhaisnéis na haimsire air seo. Bíonn réamhaisnéis na haimsire le feiceáil ar an teilifís agus ar sheirbhísí nuachta ar líne, le muid a choinneáil ar an eolas faoin chineál aimsire atá ar an bhealach chugainn. 

Réamhaisnéis na haimsire ar TG4

Pic ó chainéal Youtube TG4

Ciallaíonn réamhaisnéiseolas roimh ré’. Tugaimid meitéareolaíocht ar an eolaíocht a bhaineann le réamhaisnéisí aimsire a fháil. Tagann an focal seo ón Ghréigis agus ciallaíonn sé eolaíocht a bhaineann leis an spéir

Is meascán í an mheitéareolaíocht d’eolaíocht agus d’obair bhleachtaireachta. Bailímid cuid mhór sonraí faoin aimsir agus cuirimid le chéile iad. Tá na sonraí seo uilig mar a bheadh leideanna ann, le cuidiú linn pictiúr a chur le chéile agus buille faoi thuairim a thabhairt ar an chineál aimsire a bheas ag teacht. 

Caithfidh meitéareolaithe cuid mhór cineálacha difriúla sonraí a bhailiú faoin aimsir


Mar a bhailíonn meitéareolaithe sonraí

Más mian leat an aimsir a thuar go measartha cruinn, caithfidh tú sonraí faoin aimsir a bhailiú agus patrúin aimsire a thabhairt faoi deara. Amharcann meitéareolaithe ar dtús ar an aimsir atá ann anois, i gcuid mhaith áiteanna ar domhan, agus ar an aimsir a bhí sna háiteanna sin le cúpla lá anuas. Bíonn siad ar lorg patrún i gcónaí.

🌡️ Úsáideann siad an t-eolas a thagann ar ais chucu ó stáisiúin aimsire ar talamh agus amuigh ar an fharraige. 

Stáisiún aimsire ar talamh

Stáisiún aimsire amuigh ar an fharraige


✈️ Faigheann siad eolas ó eitleáin aimsire a bhíonn ag eitilt thar an fharraige agus go hard os cionn an talaimh. 

Ag luchtú…

Is WP-3D Orion é an t-eitleán seo. Úsáideann Gníomhaireacht Aimsire Mheiriceá eitleáin mar seo le staidéar a dhéanamh ar an aimsir agus ar stoirmeacha, go háirithe. Úsáid do mhéar nó do luchóg agus fiosraigh an t-eitleán. Thig leat é a rothlú nó zúmáil isteach nó amach.

Samhail 3T d’eitleán aimsire de chuid NASA, le caoinchead Chlár Eolaíochta Aeir NASA


🛰️ Úsáideann siad pictiúir agus eolas ó shatailítí atá thuas sa spás fosta.

Satailít aimsire


Tugann na rudaí seo pictiúr mór dóibh de na cineálacha aimsire a bhíonn ann in áiteanna difriúla agus den tionchar a bhíonn ag frontaí aimsire difriúla ar a chéile.

Is iad na príomhchineálacha sonraí a bhailíonn meitéareolaithe i ngach áit ná:

🌡️ Teocht

Cé chomh fuar nó cé chomh te is atá an t-aer (nó an fharraige) in áit faoi leith.

An Cnoc Dubh i gContae Aontroma – bhí teocht íseal ann an lá seo

🌧️ Fearthainn

An méid fearthainne a thit in áit faoi leith le roinnt uaireanta an chloig anuas nó fiú murar thit fearthainn le tamall maith.

Abhainn Dhroim Rátha, taobh amuigh den Ómaigh i gContae Thír Eoghain. Thit an oiread sin fearthainne gur sceith uisce na habhann thar na bruacha. Tugaimid tuile air seo.

🌪️ Gaoth

Luas na gaoithe – cé chomh láidir is atá an ghaoth (cé chomh gasta is atá sí ag séideadh) agus an treo óna bhfuil sí ag teacht.

Feirm ghaoithe i gContae Dhún na nGall

☁️ Clúdach Scamall

An méid scamall atá in áit agus na cineálacha scamall atá ann – tugann sé seo leid dúinn faoin chineál aimsire a thiocfaidh leo.

Lá scamallach i gContae Chiarraí – tá báisteach ar an lá sin!

📈 Brú Aeir

Bíonn tionchar iontach mór ag an bhrú aeir ar an aimsir.

Lá deas i gConamara – nuair a bhíonn brú aeir ard ann, ní bhíonn mórán scamall sa spéir


Tá an t-aer ar domhan mar a bheadh blaincéad mór ann, ina luí orainn. Cé nach dtig linn é a fheiceáil – tá meáchan ag an aer. 

Nuair a bhíonn brú ard ann san atmaisféar – brúitear na cáithníní aeir le chéile go dlúth agus bíonn an t-aer níos troime. Brúnn sé seo síos ar an talamh.

Nuair a bhíonn brú íseal ann (thig linn brú lag a rá fosta), bíonn an t-aer níos éadroime agus bíonn sé níos fusa ag na cáithníní aeir bogadh.



Brú Ard – aimsir arD-óigh! 👍

Nuair a bhíonn brú ard ann, agus an t-aer ag brú anuas ar an talamh agus na cáithníní aeir brúite isteach le chéile, ní bíonn na gáis a dhéanann scamaill ábalta teacht le chéile chomh furasta céanna.

☀️ De ghnáth, ní bhíonn mórán scamall ann – nó scamall ar bith. Bíonn an spéir gorm agus bíonn sé grianmhar. Sa samhradh, bíonn sé te tirim nuair a bhíonn brú ard ann ach sa gheimhreadh, seans go mbeadh sé iontach fuar nó ní bhíonn scamaill ar bith ann leis an teas a choinneáil istigh san atmaisféar.

🌬️ Gaoth: Ní bhíonn gaoth ar bith ann nó bíonn gaoth éadrom shéimh ann, nó ní bhogann na cáithníní aeir chomh gasta sin faoin bhrú ard.

☔ Fearthainn: Ní bhíonn fearthainn ann mar nach mbíonn scamaill ann!

Trá na Carraige Finne i nDún na nGall – d’fhág an brú ard aeir go raibh spéir ghorm agus lá álainn ann


Brú íseal – bíonn an aimsir thíos seal! 👎 

Nuair a bhíonn brú íseal ann, ní bhíonn an t-aer brúite isteach. Bíonn an t-aer níos éadroime agus téann sé níos airde sa spéir. De réir mar a théann sé suas, fuaraíonn sé agus athraítear an ghal san aer go braonta beaga uisce – rud a dhéanann scamaill.

☁️ Bíonn scamaill ann. Bíonn an spéir liath scamallach.

🌪️ Gaoth: Níl an t-aer faoi bhrú agus thig leis bogadh níos gasta. Nuair a théann an t-aer níos éadroime in airde, tagann aer ó áiteanna eile isteach lena áit a ghlacadh agus déanann sé seo gaoth.

⛈️ Fearthainn: Bíonn sé fliuch agus titeann fearthainn mar go mbíonn an oiread sin scamall ann. In amanna, bíonn stoirmeacha ann agus tintreach agus toirneach.

Léarscáil aimsire de chuid TG4 – ciallaíonn L ‘lag’ – seo aerbhrú lag. Cén sórt aimsire atá ann sna háiteanna uilig ina bhfuil brú aeir lag nó íseal?

Pic ó shuíomh gréasáin TG4


Samhlacha Aimsire

Sa seanam, sula raibh ríomhairí móra cumhachtacha againn, bhíodh ar na meitéareolaithe na mílte mílte sonra seo uilig faoin aimsir in áiteanna difriúla a chur le chéile leo féin. Bhí orthu léarscáileanna aimsire a úsáid agus iarracht a dhéanamh patrúin a aimsiú. 

Réamhaisnéiseoirí ag ullmhú réamhaisnéis aimsir in Oifig na hAimsire in Washington Mheiriceá (ní fios cén bhliain)


Mar shampla, má bhí stoirm ann in áit amháin lá amháin, bhí orthu buille faoi thuairim a thabhairt ar an chéad áit eile a rachadh an stoirm – ag úsáid na sonraí a bhailigh siad faoi luas na gaoithe agus treo na gaoithe agus brú aeir, agus go leor sonraí eile.

Seanchairt aimsire


Sa lá atá inniu ann, nuair a bhailíonn meitéareolaithe a gcuid sonraí, cuireann siad isteach i ríomhairí móra iad. Tugaimid samhlacha aimsire ar na ríomhairí seo nó cruthaíonn siad samhail den chineál aimsire is dóchúla a bheas ann.

 Sa lá atá inniu – cuireann siad na sonraí isteach i ríomhairí móra cumhachtacha agus aimsíonn na ríomhairí na patrúin

 

Úsáideann samhlacha aimsire na mílte mílte píosa eolais agus cuid mhór matamaitice agus cruthaíonn siad léarscáileanna móra aimsire. Úsáideann na samhlacha seo eolas ar an eolaíocht fosta – eolas ar an Domhan agus ar na farraigí agus ar an dóigh a mbogann gach rud. Cuidíonn sé seo leo pictiúr iontach mionsonraithe den aimsir a chur le chéile.

Amharcann na meitéareolaithe ar na torthaí ó shamhlacha aimsire difriúla


Ach…go fóill féin, ní thig le meitéareolaithe bheith 100% cinnte go dtiocfaidh an buille faoi thuairim a dhéanann an tsamhail aimsire isteach fíor. Sin an fáth a n-úsáideann meitéareolaithe níos mó ná samhail amháin. Cuireann siad na torthaí ó shamhlacha aimsire difriúla i gcomparáid lena chéile agus, sa deireadh, bíonn orthu a gcuid eolais agus taithí agus a mbreithiúnas féin a úsáid leis an réamhaisnéis deiridh a thabhairt dúinn.


Ceisteanna le freagairt

🌈 ‘Bíonn tionchar mór ag an aimsir ar ár saol’…Tabhair sampla amháin d’am nuair a bhí tionchar ag an aimsir ar an saol s’agatsa.

🌈 I do chuid focal féin, mínigh an téarma ‘réamhaisnéis na haimsire’.

🌈 Cad é an t-ainm a thugaimid ar an staidéar eolaíoch ar an aimsir?

🌈 Ainmnigh trí bhealach ina mbailíonn meitéareolaithe eolas faoin aimsir.

🌈 Ainmnigh trí chineál sonraí a bhailíonn meitéareolaithe faoin aimsir.

🌈 Má bhíonn brú aeir ard ann, cén sórt aimsire a bhíonn againn de ghnáth?

🌈 Cad é mar a bhíonn an aimsir, de ghnáth, nuair a bhíonn brú íseal ann. Luaigh dhá rud.

🌈 Cad é a rinne meitéareolaithe sula raibh ríomhairí móra cumhachtacha acu?

🌈 Cad é an rud ‘samhail aimsire’?

🌈 Cad chuige a n-úsáideann meitéareolaithe níos mó ná samhail aimsire amháin?


Tarraing an freagra ceart isteach i ngach bearna:

Focal a chiallaíonn ‘Eolas roimh ré’:  

An eolaíocht a bhaineann leis an aimsir:  

Píosaí beaga eolais:  

Uisce i bhfoirm gáis:  

Duine a dhéanann staidéar ar an aimsir:  

Cé chomh gasta is a bhíonn rud ag dul:  

Píosa beag bídeach de rud éigin:  

Léaráid nó pictiúr a chuidíonn linn rud éigin a shamhlú nó an dóigh a n-oibríonn sé a thuiscint:  


réamhaisnéis
meitéareolaíocht
sonraí
gal
meitéareolaí
luas
cáithnín
samhail

 


meas