Ní hé Lá na Báistí Lá na bPáistí

Dé hAoine, an 14ú Samhain 2025


Baineann an seanfhocal seo leis an bháisteach ar ndóigh. Sin an stuif fliuch a thiteann anuas orainn ón spéir – an fhearthainn. Is é a chiallaíonn an seanfhocal seo ná nach mbíonn am rómhaith ag páistí nuair a bhíonn sé ag cur, nó ní thig leo dul amach a shúgradh. 


Bhí go leor bealaí ag na sean-Ghaeil le cur síos a dhéanamh ar na cineálacha difriúla báistí nó fearthainne a thiteann. Tá an oiread sin bealaí ann gur scríobh fear iontach clúiteach darbh ainm Manchán Magan, leabhar faoi dtaobh díobh – ‘Ninety-Nine Words for Rain (and One for Sun)’. Ar an drochuair, fuair Manchán bás níos luaithe i mbliana ach tá go leor clár teilifíse déanta aige agus go leor leabhar scríofa aige faoi shaibhreas na Gaeilge.

Leabhar Mhancháin


Níl an t-am againn anseo dul tríd an 99 sampla a bhí ag Manchán, ach seo thíos roinnt bealaí le cur síos a dhéanamh ar an aimsir fhliuch a bhíonn againn chomh minic sin.

Pictiúr le Red-I


Is féidir an bháisteachan fhearthainn a thabhairt ar an fhliuchras a thiteann amach as na scamaill. Deir muid go mbíonn sé ag cur báistí, nó ag cur fearthainne. Is féidir a rá go bhfuil sé ag báisteach fosta nó is féidir ‘tá sé ina bháisteach’ a rá.

Tá sé ina bhaisteach inniu!


Má tá an chuma ar an spéir go mbeidh báisteach ann, deir muid ‘tá báisteach air’.

Tá baisteach air…


Síleann na saineolaithe teanga go bhfuil baint ag an fhocal báisteach le do bhaithis – sin barr do chinn (mar go dtiteann an bháisteach anuas ar do cheann!). Tá frása sa Ghaeilge, ó bhaithis go bonn – ciallaíonn sé ‘ó bharr do chinn go bonn do choise’ – an corp ar fad.


Táimid ionann is cinnte gur tháinig an focal fearthainn ón bhriathar fear (tá fearadh na fáilte romhat!) Ciallaíonn fear ‘doirteadh amach’.


Má bhíonn báisteach throm nó fearthainn throm ann, deir muid go bhfuil sé ag cur go tromag stealladh báistí/fearthainne

Tá sé ag stealladh fearthainne!


Má tá sé ag stealladh gan stad nó ag stealladh go trom, thig linn a rá go bhfuil sé ag díle fearthainne – ciallaíonn díle ‘tuile’, nuair a thiteann a oiread sin fearthainne go bhfágtar an talamh faoi uisce.

Tuile nó díle i gcontae Liatroma


Dhá fhrása eile a chiallaíonn go bhfuil sé ag díle fearthainne, ná, tá sé ag cur de dhíon is de dheora nó, má tá fearthainn iontach géar ann – tá sé ag cur sceana gréasaí!

Tá sé ag cur de dhíon is de dheora!


Tá sé ag cur (nó ag caitheamh) sceana gréasaí!


Tugaimid ‘salachar báistí’ nó ‘brádán báistí’ nó go fiú ‘ceobhrán’ ar bháisteach éadrom. Bealach eile lena rá go bhfuil salachar báistí ann nó ceobhrán iontach éadrom ar fad ann ná ‘níl sé ag cur ná ina thuradh’. 

Fearthainn iontach éadrom – brádán báistísalachar báistí

Pic le Julius H.


Ciallaíonn turadh go bhfuil an bháisteach i ndiaidh stopadh – tá turadh ann, nó, tá sé ina thuradh – rud a mbeadh na páistí go léir ag súil leis sa seanam!

Tá sé ina thuradh! Thig linn dul amach arís!

Le déanamh

Cruthaigh póstaer aimsire – cuir na cineálacha fearthainne san alt seo in ord ón aimsir is tirime go dtí an fhearthainn is troime.


Le plé

An síleann tú go bhfuil an seanfhocal seo go fóill fíor sa lá atá inniu ann? Mínigh do fhreagra. (An bhfuil an seanfhocal fíor agus tú ar scoil? An bhfuil sé fíor agus tú sa bhaile?)


Fearthainn chúlra le GIF by Kuzu420

meas