Foirmle a hAon 2025

Dé Máirt, an 25ú Samhain 2025


Bhí spraoi ag Grand Prix Las Vegas ag an deireadh seachtaine. I ndiaidh an rása, dícháilíodh an dá charr McLaren ar chúiseanna teicniúla. Duine orthu sin ná Lando Norris, an té atá chun tosaigh i gCraobh Fhoirmle a hAon faoi láthair. Shíl gach duine go mbeadh an chraobh mórán críochnaithe sa rás seo ach fágann an dícháiliú go bhfuil seans ag Max Verstappen go fóill, cé gur seans beag atá ann.

Tá Norris anois 24 pointe chun tosaigh ar Verstappen agus Oscar Piastri ach tá Piastri san fhoireann chéanna le Norris agus seans maith nach ndéanfaidh sé rud ar bith lena bhua a chur i mbaol. Ach scéal eile atá ann le Verstappen a rinne dul chun cinn mór le roinnt rásaí anuas. Go cinnte, is é Norris rogha na coitiantachta ag an bhomaite, ach ní féidir Verstappen a chur as an áireamh.

Max Verstappen

Is é a chaithfidh Verstappen a dhéanamh ná bheith ar a laghad 12 phointe chun cinn ar Norris sa dá rás atá fágtha sa séasúr, Grand Prix Chatar ag an deireadh seachtaine, agus Grand Prix Abú Daibí an tseachtain dár gcionn. Thiocfadh le Norris an chraobh a thabhairt leis i gCatar má bhíonn sé dhá phointe chun tosaigh ar Verstappen agus Piastri. Beidh brú mór air é a dhéanamh ag an am sin in ionad é a fhágáil go dtí rás deireanach an tséasúir. Cibé rud a tharlaíonn, is scéal cinnte é go mbeidh rás nó dhó spraíúil againn.

Oscar Piastri

Níor bhain Norris Craobh Fhoirmle a hAon riamh agus dúirt sé go ndéanfadh sé a sheacht ndícheall an dá rás a bhaint. Is as an Bhreatain do Norris agus is Ísiltíreach é Verstappen.

Lando Norris


Ceisteanna:

1. Cén rás a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine sa scéal?

2. Cé atá chun tosaigh i gCraobh Fhoirmle a hAon faoi láthair?

3. Cá mhéad pointe atá Norris chun tosaigh ar Verstappen agus Piastri?

4. Cén fáth nach mbeadh Oscar Piastri ag iarraidh bua Norris a chur i mbaol?

5. Cén náisiúntacht atá ag Lando Norris?

Cúrsa Abú Daibí

Le déanamh:

Oscail léarscáil agus aimsigh Catar agus Abú Daibí. Cé chomh fada óna chéile atá siad?


Roghnaigh cúig fhocal a chuireann an spraoi a bhaineann le Foirmle a hAon in iúl. Nuair a dhéanann tú sin, cuir do liosta i gcomparáid le liosta do charad. Cá mhéad focal a bhí mar an gcéanna?


An bhfuil suim agat i bhFoirmle a hAon? An raibh tú ag rásaíocht i gcairtín riamh? Léigh an t-alt seo faoi ghasúr ón tír seo atá thar a bheith maith ag an chairtíneacht.


Pictiúir:

Circuit de Monaco: Jay Hirano / Shutterstock.com

Lando Norris: Cristiano Barni / Shutterstock.com

Max Verstappen: Michael Potts F1 / Shutterstock.com

Oscar Piastri: Jay Hirano / Shutterstock.com

Abú Daibí: Jay Hirano / Shutterstock.com


meas