Curadh Cairtíneachta an Domhain!

An 15
ú Eanáir, 2024




Is as Dún Pádraig i gContae an Dúin do Rory Armstrong, gasúr 12 bhliain d’aois. Tá suim mhór aige sa chairtíneacht - caitheamh aimsire spraiúil, go cinnte. Ach, tá Rory iontach go deo maith ag an chairtíneacht. Tá sé i ndiaidh Craobh an Domhain a bhaint i gcomórtas cairtíneachta!


Thosaigh Rory a thiomáint na gcairtíní nuair nach raibh sé ach 6 bliana d’aois. Fiú ag an aois óg sin, bhí air teist tiomána a dhéanamh, lena léiriú go raibh sé in ann tiomáint agus gur thuig sé na rialacha sábháilteachta ar an rás-raon. Is meicneoir é daidí Rory agus bhí dúil mhór ag an ghasúr óg riamh i gcarranna.


D’éirigh Rory iontach maith ag an chairtíneacht go gasta. Nuair a bhí sé beagán níos sine thosaigh sé a bhaint rásaí. Thaitin an rásaíocht go mór leis ón tús. (Is maith leis an challán agus a bheith ag dul go gasta, a deir sé!) I ndiaidh cúpla bliain, bhí sé ina churadh ar thuaisceart Éireann sa chairtíneacht.

(Rory agus an bua aige i rás sa Fhrainc, in 2023)


Tugadh cuireadh dó dul anonn chun na Breataine le rásaíocht a dhéanamh ansin. Bhí níos mó iomaitheoirí páirteach sna rásaí móra ansin. Ach arís, níorbh fhada go raibh Rory chun tosaigh ar an slua. D’éirigh leis urraíocht a fháil ó chomhlacht mór rásaíochta i Sasana, Strawberry Racing. Chuir siad cairtín nua ar fáil dó agus d’íoc siad as a thicéad le páirt a ghlacadh sna rásaí san Eoraip. (Bíonn ar na hiomaitheoirí táille mhór a íoc le páirt a ghlacadh sna rásaí is mó.)

(Rory, i ndiaidh dó ticéad a bhaint chuig craobh an domhain i mBairéin.)


In 2023, ghlac Rory páirt i rásaí sa Fhrainc, sa Bheilg agus sa Spáinn, agus fuair sé an bua in Grand Prix na hÉireann. Chríochnaigh sé gach rás sa chéad deichniúr agus is minic a fuair sé bonn. Mar sin de, roghnaíodh Rory, mar dhuine de na tiománaithe óga is fearr san Eoraip, le dul go Bairéin le páirt a ghlacadh i gCraobh an Domhain i mí na Nollag.


(Rory agus tiománaithe óga eile ag rásaíocht ar rás-raon Le Mans sa Fhrainc.)


Bhí 72 tiománaí óg, as 60 tír, ag glacadh páirt i gCraobh an Domhain, i mBairéin, in aoisghrúpa Rory (10 - 13 bliana d’aois). Ach ní bheadh áit ann ar an ghreille sa rás ceannais ach do 36 acu. Bhí ar Rory agus ar an 71 tiománaí eile trí rás a dhéanamh mar chleachtaí chun áit a fháil sa rás ceannais agus chun áit mhaith a fháil ar an ghreille. Bhí fadhb ag Rory sa dara cleachtadh leis na coscáin ar a chairtín, rud a d’fhág nach raibh sé ábalta tiomáint chomh gasta agus ba mhaith leis.

(Seo mar a chuirtear tús le rás cairtíneachta leis na tiománaithe uilig in ord ar leith ar an ghreille. Pic le PHOTOMDP/Shutterstock.com)


Ach, d’éirigh lena dhaidí na coscáin a dheisiú agus bhí am i bhfad níos gasta aige sa tríú cleachtadh. Mar sin, thosaigh sé an rás ceannais sa naoú háit ar an ghreille. Thar 14 chuaird den raon rásaíochta, agus é ag tiomáint chomh gasta le 80 míle san uair in amanna, d’éirigh le Rory a bhealach a dhéanamh chun tosaigh leis an bhua a fháil. Comhghairdeas mór leis! Tá éacht déanta aige go cinnte!


(Rory ag filleadh ar a scoil, i ndiaidh dó Craobh an Domhain a bhaint.)


Le plé nó le déanamh

Ar thiomáin tú cairtín riamh? Ar thaitin sé leat? Cad é a thaitin, nó nár thaitin, leat faoi? Murar thiomáin tú cairtín riamh, ar mhaith leat triail a bhaint as?


Aimsigh na tíortha atá luaite san alt ar léarscáil an domhain.


Bíonn 1 chuaird den rás-raon thart faoi 1 mhíle ar fad. Agus é ag tiomáint ar mheánluas de 60 míle san uair, an dtig leat a oibriú amach cá fhad a ghlac sé ar Rory rás Chraobh an Domhain a dhéanamh?


An dtig leat smaoineamh ar dhuine ar bith eile ón tír seo atá, nó a bhí riamh, mar churadh domhanda i spórt ar bith eile? Déan giota taighde lena fháil amach faoi chuid de na curaidh dhomhanda atá againn sa tír seo. Cé hiad agus cad iad na spóirt lena mbaineann siad?


*(Gabhann NA buíochas le teaghlach Rory as a gcuid grianghraf agus físeán a roinnt linn.)


meas