Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tháinig daoine ar dhá nead i gcontae Chorcaí…agus anois cornfhoiche amháin i gcontae an Dúin!
Ar an 9ú Meán Fómhair, bhí alt againn faoi nead cornfhoichí i gContae Chorcaí. Mar a tharlaíonn sé, aimsíodh 2 nead an t-am sin, agus scriosadh iad. Bhuel, thig linn a insint daoibh inniu gur aimsíodh cornfhoiche aonair eile Dé hAoine seo caite, an 10ú Deireadh Fómhair, i nDún Dónaill i gContae an Dúin. Tá thart ar 350km idir Dún Dónaill agus Cathair Chorcaí.
An bhfuil an chornfhoiche Áiseach ag scaipeadh amach tríd an tír?
Is ábhar mór imní d’eolaithe agus do chaomhnóirí fiadhúlra é seo, nó is fianaise é go bhfuil roinnt cornfhoichí, ar a laghad, ag scaipeadh amach tríd an tír. An rud atá ann, níor cheart d’aon chornfhoiche, ar chor ar bith, a bheith anseo in Éirinn – is as an Áise iad ó dhúchas, chóir a bheith 10,000km ar shiúl!
Is breá leis an chornfhoiche Áiseach beacha a ithe. Ní fadhb é seo san Áise. Tá beacha na hÁise agus na cornfhoichí ag maireachtáil taobh le taobh leis na mílte bliain. Tá cleasa difriúla foghlamtha ag na beacha sin lena gcosaint féin ar chornfhoichí. Ach, níl beacha na hÉireann cleachta le cornfhoichí móra ar chor ar bith agus ní thig leo iad féin a chosaint mar is ceart. Tá na heolaithe buartha go ndéanfaidh an chornfhoiche slad ar bheacha agus feithidí eile in Éirinn.
Cornfhoiche ag ithe beach mheala
Fanann an chornfhoiche taobh amuigh de nead na mbeach agus ní thig leis na beacha iad féin a chosaint i gceart
Bíonn an chornfhoiche thart ar 25mm ar fad agus bíonn idir 0.3g agus 0.5g meáchain ann. (Fásann an chráin-chornfhoiche suas le 35mm ar fad!) Bíonn an bheach mheala thart ar 12mm ar fad agus meáchan de 0.1g ann. Is béile blasta í an bheach mheala don chornfhoiche.
Itheann siad foichí, beacha eile, cuileoga agus féileacáin fosta. Nuair a rinne eolaithe staidéar ar na cineálacha feithidí a itheann cornfhoichí i Sasana agus sa Fhrainc, d’aimsigh siad níos mó ná 1,400 speiceas difriúil d’fheithidí ina mbolg!
Cornfhoiche ag ithe cruimh chabáiste
Tógann cornfhoichí nead dóibh féin, déanta d’ábhar atá iontach cosúil le páipéar. San Áise, is féidir go mbeadh níos mó ná 13,000 cornfhoiche san aon nead amháin. Sna neadacha a aimsíodh san Eoraip, áfach, ní bíonn ach roinnt céadta, nó cúpla míle cornfhoiche ann – ach thig leo go fóill go leor damáiste a dhéanamh.
San Áise, is féidir go mbeadh suas le 13,000 cornfhoiche ina gcónaí in aon nead amháin!
I staidéar amháin a rinne saineolaithe i Sasana, d’oibrigh siad amach go n-itheann nead amháin cornfhoichí thart ar 11kg d’fheithidí in aon séasúr amháin. Ghlac siad leis gur bheacha iad thart ar 40% de na feithidí seo – sin 4.4kg, nó 4,400g de bheacha. Má tá meáchan de thart ar 0.1g in aon bheach amháin – sin suas le 44,000 beach!
Thiocfadh le nead amháin cornfhoichí na mílte mílte beach a mharú
Mar sin – is fiú dúinn uilig bheith san airdeall – gach áit in Éirinn, nó is cuairteoir í an chornfhoiche NÁR MHAITH LINN FÁILTE A CHUR ROIMPI!
Má shíleann tú go bhfuil cornfhoiche Áiseach feicthe agat – ná bí buartha, ach fan siar uaithi. Thig léi cealg a chur ionat.
Ná déan iarracht í a cheapadh ná a mharú.
Más féidir leat, agus má bhíonn sé sábháilte, amharc go cúramach uirthi. Tóg grianghraf, más féidir. Tá corp dorcha go leor ag an chornfhoiche Áiseach agus tá cosa buí uirthi. Tá sí níos mó ná foiche agus eitlíonn sí níos moille.
Corp dorcha agus cosa buí
Abair le duine fásta nó múinteoir. Cuir scéal chuig Speicis Ionracha Éireann – thig leat tuairisc a chur chucu ar líne.
Má shíleann tú go bhfuil nead aimsithe agat – fan ar shiúl uaithi agus cuir scéal chuig na saineolaithe!
Ceisteanna Mata Cornfhoiche-acha
1. Dar leis an alt, cén fad atá idir Dún Dónaill agus Cathair Chorcaí?
🐝 Dá mbeifeá ag taisteal i gcarr, faoi mheánluas de 70km san uair, cá fhad a thógfadh sé ort taisteal idir an dá áit?
🐝 Cá mhéad méadar atá idir Corcaigh agus Dún Dónaill?
2. Dar leis an alt, tá corp na cornfhoiche 25mm ar fad…
🐝 Cá mhéad ceintiméadar é seo?
🐝 Cá mhéad milliméadar níos faide atá an chornfhoiche ná an bheach mheala?
🐝 Má chuireann tú na cornfhoichí ina líne dhíreach, gan spás eatarthu, cá mhéad cornfhoiche a thiocfadh leat a thomhas le rialóir 30cm?
3. Bíonn meáchan de 0.4g (ar an mheán) sa chornfhoiche agus meáchan de 0.1g sa bheach.
🐝 Cá mhéad uair níos troime atá an chornfhoiche ná an bheach.
🐝 Scríobh na meáchain seo mar chodán d’aon ghram.
🐝 Cá mhéad gram atá in aon chileagram (1kg)?
🐝 Samhlaigh go gcónaíonn 1000 cornfhoiche in aon nead amháin. Tá meáchan de 500g sa nead, gan na cornfhoichí istigh inti. Cén meáchan atá sa nead nuair atá na cornfhoichí uilig istigh?
🐝 Cén meáchan a bheadh in 13,000 cornfhoiche le chéile? Cad é mar a d’oibrigh tú an ceann sin amach?