Gaistí do na Gadaithe

An 23ú Deireadh Fómhair, 2023


Tá Oileán Reachlainn clúiteach mar gheall ar a chuid puifíní

 

Tá oibrithe dúlra i ndiaidh cuid mhór gaistí a chur amach ar Oileán Reachlainn, amach ó chósta Chontae Aontroma. Tá na gaistí seo mar chuid de phlean atá acu le cuid de na héin ar an oileán a chosaint – na puifíní go háirithe. Ba mhaith leo dhá ainmhí dhifriúla a cheapadh sna gaistí seo – firéid agus luchóga móra.

An firéad

An luchóg mhór


Ní ainmhithe nádúrtha iad na firéid, ná na luchóga móra, ar Oileán Reachlainn. Is speicis ionracha iad. Seo an t-ainm a thugann eolaithe ar ainmhithe nó plandaí a thagann isteach chuig áit agus nach bhfuil sé nádúrtha iad a bheith san áit sin. An chuid is mó den am, is iad na daoine a thugann na speicis ionracha seo isteach; de thaisme, in amanna, nó d’aon turas, amanna eile. Cuireann na speicis ionracha isteach ar an chothromaíocht san áit nua agus, in amanna, cuireann siad na hainmhithe agus na plandaí dúchasacha i mbaol. 

Tá na luchóga móra ábalta neadacha na bpuifíní a aimsiú go furasta agus na huibheacha a ghoid


Thug daoine luchóga móra isteach go Reachlainn de thaisme. Síleann na heolaithe gur shleamhnaigh siad isteach agus iad i bhfolach i mbáid, níos mó ná 100 bliain ó shin. Goideann na luchóga móra uibheacha na bpuifíní agus itheann siad éin óga go fiú. 

Coinníonn daoine firéid mar pheataí. Úsáideann siad iad le seilg a dhéanamh fosta – go háirithe le coiníní a cheapadh (agus is breá leo uibheacha!)


Thug daoine firéid isteach d’aon turas. Creid é nó ná creid, thug siad na firéid isteach agus iad ag iarraidh fáil réitithe de speiceas ionrach eile – coiníní. Shíl siad go n-íosfadh na firéid na coiníní. An t-aon fhadhb, níor rith sé leis na daoine an t-am sin go n-íosfadh na firéid puifíní óga fosta agus go ngoidfeadh siad na huibheacha!

Tá líon na bpuifíní ag titim ar Reachlainn


Tá na heolaithe iontach buartha mar go bhfuil líon na bpuifíní ar Reachlainn ag titim. Ní hamháin go bhfuil na hionróirí ag cur isteach go mór orthu ar tír, tá an t-athrú aeráide agus truailliú san fharraige ag cur isteach ar na héisc a itheann na puifíní. Mar sin, níl an méid céanna bia ar fáil dóibh ar an fharraige. 

Tá na puifíní faoi bhrú mar gheall ar an athrú aeráide


Mar sin, ba mhaith leis na heolaithe an seans is fearr is féidir a thabhairt dóibh, agus, leis sin a dhéanamh, caithfidh siad fáil réitithe de na firéid agus na luchóga móra. Tá na heolaithe ag cur síos 450 gaiste do na firéid agus 6,000 gaiste do na luchóga móra. Tá súil acu, faoin bhliain 2026, go mbeidh an t-oileán go hiomlán saor ó ionróirí.


Le plé agus le déanamh

🐧 Cruthaíonn speicis ionracha a lán fadhbanna, fud fad an domhain. An bhfuil eolas agat ar speicis ionracha ar bith eile in Éirinn?

🐧 Gheobhaidh cuid mhór de na firéid agus na luchóga móra ar fad, bás sna gaistí seo. Ach ar a laghad, beidh na héin slán sábháilte. Cad é do bharúil air sin? Mínigh do fhreagra.

🐧 An dtig leat smaoineamh ar bhealach eile le fáil réitithe de na hionróirí seo, nach ndéanfadh dochar ar bith dóibh?


meas