Slán don samhradh

Dé Luain, an 16ú Meitheamh 2025


Tá na málaí pacáilte agus an t-uachtar gréine amuigh againn. Is ea, tá Nuacht Anois réidh don samhradh agus beidh sos againn go dtí an chéad scoilbhliain eile. Tá súil againn go bhfuil tú féin ag déanamh réidh don tsaoire.

Beidh muidne ar ais ag tús mhí Mheán Fómhair ach tá rud beag comhairle againn do gach duine agaibh don samhradh.

1. Tá an samhradh fada ach ná cuir amú é! Ná luigh isteach rófhada – tá go leor rudaí suimiúla le déanamh. Gabh amach faoin aer an oiread agus is féidir leat.

2. Cuidigh leis na daoine móra sa teach gach lá. Bí ag scuabadh nó ag glanadh agus coinnigh cuma dheas ar do sheomra leapa.

3. Déan aclaíocht éigin gach lá. Is féidir rudaí simplí a dhéanamh, siúlóid, mar shampla, nó glac páirt i spóirt ina mbíonn foirne, peil nó camógaíocht, mar shampla.

4. Léigh alt amháin ó Nuacht Anois gach seachtain. Is cuma más scéal brónach nó scéal spraíúil atá ann. Cuardaigh rudaí a bhfuil spéis agat iontu.

Ach coinnigh an Domhnach saor idir an 20ú Iúil agus an 10ú Lúnasa nó beidh cluichí ceannais na gcluichí Gaelacha ar siúl:


Cluiche Ceannais Iománaíochta: an 20ú Iúil

Cluiche Ceannais Peile na bhFear: an 27ú Iúil

Cluiche Ceannais Peile na mBan: an 3ú Lúnasa

Cluiche Ceannais Camógaíochta: an 10ú Lúnasa


Cuid agaibh, beidh sibh ag fágáil na bunscoile agus ag dul chuig scoil mhór. Guíonn Nuacht Anois ‘ádh mór’ oraibh. Athrú mór a bheidh ann ach beidh spraoi ag baint leis chomh maith. Beidh cairde nua agaibh agus beidh sibh ag déanamh staidéir ar ábhair spéisiúla chomh maith!


Le déanamh:

Bí cúramach agus tú amuigh faoin ghrian. Léigh an t-alt seo le fanacht slán.


Múinteoirí:

Tá áiseanna in-íoslódáilte ar fáil anseo a chuidíonn le páistí plé leis an aistriú ó chéim amháin den oideachas go céim eile.


Pictiúir:

Páiste le cás: Sunny studio / Shutterstock.com

Camgaíochtagaíocht: D. Ribeiro / Shutterstock.com


meas