Bí cliste faoin ghrian sa samhradh

An Déardaoin, an 8ú Bealtaine, 2025


Is breá linn ar fad an samhradh nuair a bhíonn an ghrian ag soilsiú go hard sa spéir!


Ach caithfidh muid a bheith cúramach faoin ghrian fosta. Bíonn an ghrian níos láidre sa samhradh agus is féidir léi ár gcraiceann a dhó.


Má bhíonn tú griandóite, beidh tú ag mothú tinn agus beidh do chraiceann nimhneach.


Mar sin de, caithfimid ár gcraiceann a chosaint. I dtús báire, cuir uachtar gréine ort. Tá uachtar gréine cosúil le sciath don chraiceann.


Chomh maith leis sin, caith hata. Coinneoidh hata d’aghaidh agus do mhuineál faoi scáth.


Agus ná déan dearmad ar spéaclaí gréine le do shúile a chosaint ón ghrian gheal fosta!


Má bhíonn tú cliste faoin ghrian, is féidir leat spraoi a bheith agat go sábháilte le linn an tsamhraidh ar fad!


Ceisteanna

  1. Cad chuige a gcaithfidh muid a bheith cúramach faoin ghrian sa samhradh?
  2. Luaigh trí bhealach ar féidir linn muid féin a chosaint ón ghrian.
  3. Cad é an "sciath" dár gcraiceann sa samhradh, de réir an ailt?
  4. Cad é a tharlaíonn má bhíonn duine griandóite?


Le plé nó le déanamh

☀️ An raibh duine ar bith sa rang griandóite riamh? Cad é mar a mhothaigh sé / sí? Cad é a d'fhoghlaim sé / sí ón eispéireas sin?

☀️ Tarraing póstaer leis na dóigheanna éagsúla a thaispeáint ar féidir leat a bheith sábháilte faoin ghrian.

☀️ Scríobh scéal gairid mar rang, nó i ngrúpaí, faoi lá a raibh sibh amuigh faoin aer agus ní raibh duine éigin cliste faoin ghrian. Cad é a tharla agus cad é a d'fhoghlaim sibh faoi bheith sábháilte sa ghrian?

☀️ An féidir libh amhrán beag nó rann a chumadh faoi chosaint na gréine, ag baint úsáid as na príomhfhocail ón alt (hata, spéaclaí gréine, uachtar gréine)?


meas