Luchóga Móra Laochta

Déardaoin, an 3ú Aibreán 2025

Seo an chéad smaoineamh a thagann chun cinn nuair a chluineann cuid mhór daoine na focail ‘luchóg mhór’

Cuireann daoine nimh agus gaistí síos leis na luchóga móra a mharú


In Éirinn, tá fuath ag an chuid is mó againn ar na luchóga móra. Déanaimid iarracht iad a mharú gach seans a fhaighimid. Ach, in áiteanna in oirthear na hAfraice, ní háibhéil ar bith é a rá gur laochra iad na luchóga móra nó, le blianta beaga anuas, tá na luchóga móra i ndiaidh na mílte mílte beatha a shábháil.

Déanann na luchóga móra seo san Afraic jab iontach tábhachtach


I dtír darb ainm an Tansáin, úsáideann carthanas darb ainm APOPO luchóga móra le hobair iontach tábhachtach a dhéanamh. Ní gnáth-luchóga móra iad seo. Le fírinne, tá gaol níos gairide acu leis an hamstar ná leis na luchóga móra atá againne in Éirinn. Tá na luchóga móra seo thar a bheith cliste, agus, tá sárchumhacht acu. Níl radharc na súl rómhaith acu, ach tá bolú dochreidte acu! 

Tá na luchóga móra seo ollmhór!

Pic le EvaL Miko / Shutterstock.com


Is focal eile ar luchóg mhór, nó luch mhór, é Francach. Tugaimid Francach ar an luchóg mhór mar gur tháinig siad isteach go hÉirinn an chéad lá ar bháid ón Fhrainc. Thug na daoine ‘lucha Francacha’ orthu, agus, thar am, rinneadh an t-ainm sin a ghiorrú go dtí Francaigh. Ná bígí measctha idir na creimirí agus na daoine!



Deir APOPO go bhfuil sé níos fusa agus níos saoire na luchóga móra seo a thraenáil ná mar atá sé madaí a thraenáil. Ar a bharr sin, thig leis na luchóga móra dul isteach in áiteanna nach féidir le madaí dul iontu agus tá bolú na luchóg mór lán chomh maith le bolú na madaí is fearr! 

Blianta roimhe seo, thraenáil APOPO iad lena mbolú iontach a úsáid le mianaigh thalún a aimsiú. Ansin, bhí APOPO ábalta fáil réitithe de na buamaí sular shiúil daoine orthu. Déanann siad an obair seo go fóill.

Tá an luchóg mhór seo ar lorg mianach talún


Ach anois, tá sárchumhachtaí na luchóg mór in úsáid ag APOPO le beatha daoine a shábháil ar bhealach eile. Bhí alt againn le déanaí faoi ghalar uafásach darb ainm an eitinn. Maraíonn an eitinn na mílte duine i dtíortha bochta gach bliain agus ní bhíonn sé furasta ag dochtúirí an galar a aimsiú ag an tús. Bhuel, tá an bolú chomh maith sin ag na luchóga móra go dtig leo an eitinn a bholú taobh istigh de chúpla soicind. 

Bolaíonn an luchóg mhór gach sampla lena fháil amach an bhfuil boladh eitinne ann


Thig le luchóg mhór an méid céanna cásanna den eitinn a aimsiú taobh istigh de 20 bomaite, is a d’aimseodh dochtúir i 4 lá! Nuair a aimsíonn siad an galar go luath, bíonn seans i bhfad níos fearr ag an othar an leigheas ceart a fháil, le go dtiocfaidh sé nó sí slán ón ghalar. Deir APOPO go bhfuil níos mó ná 400,000 beatha sábháilte ag na luchóga móra ó thosaigh siad ar an obair thábhachtach seo. 



Freagair na ceisteanna seo a leanas:

  1. Cén fáth a dtugann na Gaeil ‘Francach’ ar an luchóg mhór?

  2. Cén fáth a mbíonn ort bheith cúramach má úsáideann tú an focal Francach?

  3. Cad é mar atá na luchóga móra seo san Afraic difriúil le luchóga móra in Éirinn?

  4. Cad iad na buntáistí atá le luchóga móra a úsáid don chineál seo oibre, in áit madaí? Luaigh dhá rud.

  5. Cad iad an dá chineál oibre a rinne APOPO le sárchumhacht na luchóg mór?

  6. Cá mhéad beatha a sábháladh, a bhuí leis na luchóga móra, dar le APOPO?


Le plé

🐀 An maith leatsa luchóga móra? Cén fáth? An bhfaca tú ceann riamh? Cad é a rinne tú?

🐀 An síleann tú go dtugaimid droch-am do na luchóga móra in Éirinn? Mínigh do fhreagra.

🐀 Déan cuardach ar NuachtAnois le níos mó eolais a fháil ar na luchóga móra. Cad iad na focail chuardaigh a úsáidfidh tú?

 

Is le APOPO na pictiúir uilig de luchóga móra na hAfraice 

meas