Léigh do bhealach féin

Dé hAoine, an 7ú Márta 2025


Ba inné Lá Domhanda na Leabhar. Gach bliain, go luath i mí an Mhárta, bíonn an lá speisialta seo ann le ceiliúradh a dhéanamh ar leabhair agus ar an léitheoireacht. Tá an léitheoireacht fíor-thábhachtach inár saol agus is ceart níos mó ná lá amháin a thabhairt don cheiliúradh seo. Mar sin, is minic a bhíonn imeachtaí éagsúla ar siúl in bhur scoileanna le linn na seachtaine seo.

(B'fhéidir gur ghléas tú suas mar an carachtar is fearr leat ó leabhar an tseachtain seo.)


I mbliana, an téama atá ann ná “Léigh do bhealach féin!” In amanna, is féidir linn smaoineamh go mbaineann an léitheoireacht le hobair scoile agus gur dua atá ann.

(Is dua é an teach a ghlanadh. Caithfidh muid é a dhéanamh, ach, de ghnáth, ní bhainimid sult as.)


Ní dua í an léitheoireacht, áfach. Ba cheart dúinn í a cheiliúradh agus a chleachtadh gach lá den bhliain, le fírinne. Le blianta beaga anuas, d’éirigh daoine gafa leis an teilifís agus leis an teicneolaíocht. Ar an drochuair, tá méid na bpáistí a léann ar son pléisiúir ag titim mar gheall air sin.


Ach, bíonn rath ar na páistí a léann gach lá. Cuidíonn an léitheoireacht leis an smaointeoireacht agus leis an tuiscint. Spreagann sí ár samhlaíocht mar caithfidh muid ár bpictiúir féin a chruthú inár n-inchinn le cuidiú linn na focail a thuiscint.


Ar an lámh eile, ní bhíonn d’inchinn ag obair mórán nuair a bhíonn tú ag amharc ar rud ar scáileán. Sin an fáth a mbíonn cuimhne níos fearr ag daoine, de ghnáth, ar rudaí a léann siad i gcomparáid leis na rudaí a fheiceann siad nó a chluineann siad.


Mar sin, bí ag léamh ar son pléisiúir. Pioc leabhar a thaitníonn leat faoi ábhar a bhfuil spéis agat ann - scéal, spórt, ainmhithe, cluichí ríomhairí, srl. Ní chaithfidh tú bheith ag léamh agus tú i do shuí go néata ag do dheasc scoile - léigh do bhealach féin! Mar shampla, bíodh cóisir léitheoireachta agaibh ar scoil le smailceacha deasa, cúisíní agus réimse de leabhair ghleoite! Déan thú féin compordach agus léigh leat!


Léigh leat féin

Léigh le do pheata

Léigh ar an tolg

Nó, sa seomra leapa

Léigh le do chairde

Léigh taobh amuigh

Ach thar aon ní eile

Léigh leat don spraoi!


Le plé nó le déanamh

📚 An maith leat leabhair a léamh? Cén cineál leabhair is fearr leat?


🤔 Déan triail ar chuimhne an ranga mar seo:

👀 Iarr ar an mhúinteoir 10 rud a thaispeáint daoibh agus iad a ainmniú. Ansin cuirfidh an múinteoir i bhfolach iad agus caithfidh gach dalta liosta a scríobh síos de na rudaí ar fad. An bhfuil sibh ábalta cuimhneamh ar gach rud?

🐱‍👓 An dara huair, scairtfidh an múinteoir amach 10 rud dhifriúla agus scríobhfaidh sibh síos iad. Ansin, beidh leath-nóiméad agaibh le léamh siar ar an liosta sula mbaileoidh an múinteoir é. Arís, scríobhaigí síos an méid rudaí is cuimhin libh agus cuir an liosta i gcomparáid leis an chéad liosta. An raibh tú níos fearr ag cuimhneamh ar na rudaí a chonaic tú, nó, ar na rudaí a léigh tú ó do nótaí?


📚 Ba bhreá linn a fheiceáil cén dóigh a mbíonn sibh ag léamh ar bhur mbealach féin. B’fhéidir gur mhaith libh grianghraif a sheoladh isteach chugainn, ag taispeáint na ndóigheanna éagsúla ina mbíonn bhur ranganna ag léamh. (Seans go dtabharfaidh an t-alt seo cúpla smaoineamh daoibh.)

Do na múinteoirí: tá áiseanna Gaeilge ar fáil ag an nasc seo.


meas