Seo í Seachtain Leabhar na bPáistíagus má tá tú ag smaoineamh nach mothaíonn sé gur imigh bliain uainn ó rinneadh seo a cheiliúradh an uair dheireanach, tá an ceart agat! Bhí seachtain eile ann cheana i mbliana, ag tús mhí na Bealtaine, leis seo a cheiliúradh! Ach, nuair a bhíonn rud éigin chomh sultmhar spleodrach suimiúil agus a bhíonn leabhair na bpáistí, cad chuige nach mbeimis sásta ceiliúradh a dhéanamh uirthi níos minice ná uair amháin sa bhliain?!
Cad é a bhíonn i gceist le Seachtain Leabhar na bPáistí? Bhuel, is ceiliúradh í ar údair, maisitheoirí agus ar leabhair go ginearálta. An téama atá ann i mbliana ná “Rialacha ar bith. Ach amháin, bí ag léamh!”
Mar sin, tá saoirse agat le bheith ag léamh:
📚 Cibé leabhar ba mhaith leat (fada nó gairid, deacair nó simplí, finscéal nó fíorscéal, greannmhar nó dáiríre)
📚 Cibé uair ba mhaith leat
📚 Cibé bealach ar mhaith leat
Bíonn spraoi ann ag roinnt scéalta le daoine eile fosta. B’fhéidir go dtiocfadh leat scéal a léamh do pháiste níos óige? B’fhéidir go dtiocfadh leat agus le do chairde dráma a dhéanamh de scéal nó cuid de scéal do do mhúinteoir, nó do rang eile? Nó, cad é faoi phuipéid, maisc agus prapaí a dhéanamh agus iad a úsáid le scéal a aithris do rang níos óige? Is breá le gach duine bheith ag éisteacht le, ag amharc ar, nó ag léamh scéal maith!
Rud eile atá maith faoin léitheoireacht ná go ndéanann sí níos cliste muid! Cuireann sí lenár n-eolas ar fhocail agus ar an teanga, chomh maith le heolas ginearálta a thabhairt dúinn ar ábhair, áiteanna agus amanna eile.
Sa lá atá inniu ann, tá níos mó ná an t-aon bhealach le bheith ag léamh fosta. Mar shampla, thig leat gnáthleabhar a léamh, thig leat bheith ag éisteacht le closleabhar, nó ag amharc ar agus ag idirghníomhú le hábhar digiteach (cosúil le Nuacht Anois! 😉) ar ghuthán, ar tháibléad nó ar ríomhaire.
Cibé rud a léann tú an tseachtain seo agus cibé dóigh a ndéanann tú é, bain sult as!
Le plé nó le déanamh
Iarr ar chara leabhar maith a mholadh duit lena léamh, nó tabhair do mholadh maith féin do chara. Cén fáth a molann tú / sé / sí an leabhar sin?
Téigh ar cuairt chuig an leabharlann is cóngaraí duit agus amharc ar na leabhair ar fad atá acu do na páistí. Thiocfadh leat leabhar nó dhó a fháil amach ar iasacht ar feadh tamaill lena léamh.
Bí i do mhaisitheoir - dear clúdach úr do leabhar is maith leat.
Bíodh comórtas agat le do rang. Tugaigí buille faoi thuairim cá mhéad leabhar atá in bhur seomra ranga. Ansin, déanaigí cuntas orthu. Cé agaibh is cóngaraí don mhéid cheart?
(A mhúinteoirí, tá leathanach eile lán gníomhaíochtaí ar fáil ag an nasc seo.)