An bhfaca tú caisleán riamh? B’fhéidir gur thug tú cuairt ar cheann acu? Tá go leor ballóg de sheanchaisleáin go fóill in Éirinn. Tá caisleáin eile againn fosta atá caomhnaithe go maith, d’ainneoin go bhfuil siad iontach sean.
(Ballóga Chaisleán Dhún Libhse, Contae Aontroma)
Agus tú ar cuairt ag caisleán, ar smaoinigh tú faoi na daoine a mhair ansin tráth? Cé a thóg an caisleán? Cén uair a tógadh é agus cén fáth ar tógadh an caisleán san áit ina bhfuil sé? Is áiteanna iontach suimiúil iad na caisleáin agus thig linn a lán eolais a fháil uathu go fóill, cé gur imigh na céadta bliain ó tógadh iad.
(an caisleán i Lios Mór, Contae Phort Láirge)
Na chéad chaisleáin
Thosaigh stair na gcaisleán in Éirinn leis na Normannaigh. Ba ghrúpa daoine iad na Normannaigh a tháinig ó cheantar sa Fhrainc darbh ainm an Normainn. Thosaigh siad ag gabháil Shasana ar dtús in 1066 agus de réir a chéile ghlac siad seilbh ar an Bhreatain. Níor leag siad cos in Éirinn go dtí breis agus céad bliain ina dhiaidh sin. Tháinig siad chun na tíre seo ar dtús in 1169.
Thóg na Normannaigh caisleáin le hiad féin a chosaint óna naimhde. I dtús báire, bhí caisleáin na Normannach déanta as adhmad. Ach, ina dhiaidh sin, thosaigh siad ag baint úsáid as cloch. Rinne seo na caisleáin níos deacra a ionsaí, mar go bhfuil cloch láidir seasmhach agus deacair a chloí.
(An caisleán i mBaile Átha Troim, Contae na Mí)
Sular tháinig na Normannaigh, bhí dúnta tógtha ag na Gaeil, ach chonaic ríthe agus banríonacha na hÉireann cé chomh láidir agus a bhí na dúnta úra a thóg na Normannaigh as cloch. Mar sin, thosaigh taoisigh na hÉireann ag tógáil caisleán dóibh féin le hiad féin a chosaint óna naimhde chomh maith.
(An cineál dúin a thóg na Gaeil as adhmad fadó)
Cad é an chuma a bhí ar na caisleáin?
Dún mór láidir seasmhach a bhí i gcaisleán. Bhí na ballaí déanta de chlocha móra agus bhí siad iontach tiubh. Bhíodh túir arda ar na caisleáin. Lig seo don mhuintir taobh istigh radharc a bheith acu ar naimhde a bheadh ag teacht agus iad go fóill i bhfad ar shiúl. De ghnáth, bhíodh na caisleáin suite ar thalamh níos airde ná an ceantar thart orthu.
(Carraig Phádraig i gCaiseal, Contae Thiobraid Árann)
Taobh istigh, bhí hallaí móra ann ar mhaithe le féastaí, bhí cistineacha ann leis an bhia a ullmhú, siléir leis an bhia a stóráil agus seomraí leapa le codladh iontu. (Bhíodh na seomraí leapa is fearr ag teaghlach an rí nó cibé taoiseach a bhí i mbun an chaisleáin.) Is minic a bhíodh doinsiún sa chaisleán fosta.
(seomra leapa mar a bhíodh sa 15ú haois i gCaisleán Bhun Raite, Contae an Chláir - pic le Patryk Kosmider/shutterstock.com)
Mhair rí, banríon nó tiarna mór le rá i gcaisleán in éineacht lena dteaghlach. Bhíodh searbhóntaí, saighdiúirí agus go leor daoine eile ina gcónaí sa chaisleán le freastal a dhéanamh ar an taoiseach agus a t(h)eaghlach.
Bhíodh gairdíní in aice leis na caisleáin mhóra. Ar an dóigh seo, bhí na glasraí agus luibheanna is úire ar fáil acu don chócaireacht nó dá mbeadh daoine tinn.
(Caisleán Ghleann Bheatha, Contae Dhún na nGall, agus na gairdíní le feiceáil ar a chúl)
Cosaint sa bhreis
Bhíodh móta thart timpeall ar na caisleáin ba mhó. Le móta a dhéanamh, thochail siad an talamh amach thart timpeall ar an chaisleán agus líon siad an poll le huisce. Rinne seo an caisleán thar a bheith deacair a ionsaí, mar nach mbeadh na naimhde ábalta teacht go cóngarach leis an chaisleán mar gheall ar an uisce.
(An móta in aice leis an chaisleán sa Chathair, Contae Thiobraid Árann)
Ar chuid de na caisleáin, feicfidh tú scoilteanna cúnga sna ballaí. Lig seo do na boghdóirí taobh istigh saigheada a scaoileadh ar arm taobh amuigh, ach bhíodh na boghdóirí taobh istigh cosanta iad féin ó shaigheada an airm eile amuigh.
(scoilt chúng sa bhalla ar chaisleán)
Is minic a bhíodh geata crochta ar chaisleán. Geata mór iarainn a bhí ann. Bhí seo níos láidre ná geata adhmaid agus níos deacra do na naimhde briseadh trid.
(geata crochta ar an chaisleán sa Chathair i gContae Thiobraid Árann)
Má bhí móta ag an chaisleán, bhíodh droichead tógála aige chomh maith. Thóg an mhuintir taobh istigh den chaisleán an droichead tógála le naimhde a stopadh de bheith ag teacht isteach.
(droichead tógála)
Cad chuige a bhfuil na caisleáin tábhachtach?
Tá na caisleáin tábhachtach mar go dtugann siad eolas dúinn ar an dóigh ar mhair daoine na céadta bliain ó shin. Taispeánann na caisleáin dúinn an dóigh ar chosain daoine iad féin, an dóigh ar cheiliúir siad agus an dóigh ar choinnigh siad agus ar chócaráil siad a gcuid bia.
(taispeántas den chineál oibre a bhíodh ar siúl sa chistin i gcaisleán fadó - pic le Jaroslav Moravcik/shutterstock.com)
An chéad uair eile a bhíonn tú in aice le caisleán, tabhair cuairt air - tá go leor staire ann ag fanacht leat lena fhiosrú!
Le plé nó le déanamh
🏰 Cén fáth, i do bharúil, ar tógadh caisleán ar bharr cnoic go minic?
🏰 Cad chuige a mbeadh sé níos deacra ionsaí a dhéanamh ar chaisleán le móta thart air?
🏰 Ar mhaith leat féin bheith i do chónaí i gcaisleán? Mínigh do fhreagra.
🏰 Fiosraigh an stair a bhaineann le caisleán amháin atá pictiúrtha san alt seo (nó caisleán eile atá cóngarach duit). Scríobh comhad firicí faoin chaisleán sin. Tarraing pictiúir de, nó tóg mionsamhail de.